Maidir leis na moltaí tír-shonracha agus an teachtaireacht:
Spreagtar leis na moltaí ón gComhairle — a bhaineann go sonrach le gach tír AE — iad chun díriú ar ghnéithe a bheidh mar bhonn le haghaidh fás inbhuanaithe agus cuimsitheach san fhadtéarma. I dtíortha áirithe, tá saincheisteanna a d’eascair as géarchéim airgeadais 2008 fós ann agus caithfear aghaidh a thabhairt orthu.
Ós rud é go bhfuil geilleagar an Aontais Eorpaigh ina iomláine ag fás ag an ráta is tapúla anois ón ngéarchéim agus go bhfuil leibhéil fostaíochta agus infheistíochta ag teacht chun cinn, ní mór do thíortha leas a bhaint as na dálaí fabhracha seo chun teacht aniar a ngeilleagair a áirithiú i gcás cúlú sa todhchaí.
Moltar sa teachtaireacht do rialtais an Aontais Eorpaigh an méid a leanas a dhéanamh:
Tugtar dá haire sa teachtaireacht ó tugadh isteach an Seimeastar Eorpach in 2011, go bhfuil dul chun cinn éigin ar a laghad déanta ag tíortha AE maidir le níos mó ná dhá thrian de na moltaí tír-shonracha ón gComhairle bunaithe ar thogra an Choimisiúin.
Foilsíonn an Coimisiún na moltaí tír-shonracha gach earrach agus déanann an Chomhairle iad a phlé agus a bhailíochtú sa samhradh. Tá siad ina gcuid den Seimeastar Eorpach, timthriall bliantúil an Aontais Eorpaigh do chomhordú beartas eacnamaíoch agus sóisialta. Tugann sé sin treoir do thíortha maidir le cad is féidir a bhaint amach go réadúil sna 12-18 mí ina dhiaidh sin, sula nglacann siad cinntí beartais náisiúnta.
Cuirtear na moltaí in oiriúint don staid i dtíortha éagsúla na tosaíochtaí ar fud an Aontais Eorpaigh a sainaithníodh sa Suirbhé Bliantúil Fáis arna fhoilsiú an agus an moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro a ghlac rialtais AE an .
Moltaí ón gComhairle an maidir le Clár Náisiúnta um Athchóiriú 2018 agus tuairim ón gComhairle a sholáthar maidir le Clár Cobhsaíochta nó Clár um Chóineasú 2018 do gach tír AE (IO C 320, )
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta 2018 Seimeastar Eorpach — Moltaí tír-shonracha (COM (2018) 400 críochnaitheach, )
nuashonrú is deireanaí