Airteagal 4 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)
Airteagal 208 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)
Le hAirteagal 4 CFAE tugtar an inniúlacht don Aontas Eorpaigh chun gníomhaíochtaí a dhéanamh agus comhbheartas a dhéanamh i réimse na forbartha comhair. Féadfaidh tíortha AE a n–inniúlachtaí féin sa réimse a fheidhmiú chomh maith.
Is é is príomhchuspóir le beartas forbartha AE, arna leagan síos in Airteagal 208 CFAE, laghdú a dhéanamh ar an mbochtaineacht, agus san fhadtéarma, deireadh a chur léi. Ceanglaítear le hAirteagal 208 chomh maith ar AE agus ar thíortha AE seasamh leis na gealltanais a rinneadh i gcomhthéacs na Náisiún Aontaithe (NA) agus eagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla eile.
Le beartas forbartha AE chomh maith tugtar faoi chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach AE, go háirithe na cinn atá leagtha amach in Airteagal 21(2)(d) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) maidir le forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil na dtíortha i mbéal forbartha a chothú, agus is é an phríomhaidhm deireadh a chur leis an mbochtaineacht.
I gcomhréir leis na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 21(2) CAE, cuireann an beartas forbartha, i measc nithe eile, le tacaíocht don daonlathas, don smacht reachta agus do chearta an duine, leis an tsíocháin a chaomhnú agus le coinbhleacht a sheachaint, le feabhas ar cháilíocht an chomhshaoil agus ar bhainistíocht inbhuanaithe na n–acmhainní nádúrtha domhanda, le cuidiú le pobail, tíortha agus réigiúin tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine a shárú, agus le córas idirnáisiúnta bunaithe ar chomhar iltaobhach níos láidre agus dea-rialachas domhanda a chur chun cinn.
An tAontas Eorpach mar ghníomhaire domhanda níos láidre
Féachann AE leis na hacmhainní ar fad atá ar fáil ó AE agus ó thíortha AE a chur le chéile chun oibriú i dtreo domhan níos síochánta agus níos rathúla. Cuireadh tús le cur chun feidhme iomlán Straitéis Dhomhanda AE maidir le beartas eachtrach agus slándála in 2017. Leagtar amach sa straitéis sin príomhleasanna agus príomhphrionsabail AE maidir le rannpháirtíocht agus soláthraítear inti fís le haghaidh AE a bheidh níos inchreidte, níos freagraí agus níos freagrúla sa domhan. Beidh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) ina ngnéithe leathana i gcur chun feidhme Straitéis Dhomhanda AE.
Tá AE agus tíortha AE le chéile ar an deontóir is mó den chúnamh oifigiúil um fhorbairt (COF). Is é an Ciste Eorpach Forbraíochta (CEF) príomhionstraim an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair um fhorbairt a chur ar fáil do 79 dtír san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) agus do thíortha agus do chríocha thar lear faoi Chomhaontú Cotonou.
Trína Ionstraim um Chomhar Forbartha, tá sé mar aidhm ag AE an bhochtaineacht a laghdú i dtíortha i mbéal forbartha, chomh maith le forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil, daonlathas agus forbairt chomhshaoil, an smacht reatha, cearta an duine agus dea-rialachas a chur chun cinn.
Clár oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus an Comhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt
Is é Clár oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus a 17 SDGanna, arna nglacadh ag 193 bhallstát de chuid na NA in 2015, an creat domhanda chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus forbairt inbhuanaithe a bhaint amach ar fud an domhain faoi 2030.
I gcomhréir le Straitéis Dhomhanda AE, ina Chomhdhearcadh nua Eorpach maidir le Forbairt 2017 leagtar amach na prionsabail le haghaidh institiúidí AE agus tíortha AE ina gcomhar le tíortha i mbéal forbartha i dtreo cur le Clár oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus Clár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa a chomhaontaigh na NA in 2015, agus Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide.
Leis an gcomhdhearcadh ailínítear gníomhaíocht forbartha AE leis na SGDanna agus tá sé deartha thart ar na cúig ní lena gcuirtear clár oibre 2030 le chéile (daoine, an pláinéad, rathúnas, síocháin agus comhpháirtíocht).
Maoiniú le haghaidh forbairt inbhuanaithe
Tá AE ina pháirtí i gClár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa, an comhaontú ar tháinig comhpháirtíocht 193 ballstát na NA air ag Tríú Comhdháil Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um Maoiniú Forbraíochta. Tá sé ina chuid lárnach de chlár oibre 2030 agus leagtar amach leis paraidím nua maidir le cur chun feidhme trí úsáid éifeachtach a bhaint as acmhainní airgeadais agus neamhairgeadais agus trí ghníomhaíochtaí intíre agus trí bheartais fhónta a chur ar thús cadhnaíochta. I measc a réimsí gníomhaíochta tá:
Plean Infheistíochta Seachtraí
Chun cuidiú leis na SDGanna a bhaint amach agus an infheistíocht phoiblí agus phríobháideach araon a threisiú, chuir AE an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI) agus Ráthaíocht CEFI ar bun in 2017. Tá siad sin ina gcuid den Phlean Eorpach Infheistíochta Seachtraí (EIP) ina dtéitear i ngleic leis na dúshláin um fhorbairt inbhuanaithe atá le sárú san Afraic Fho-Shahárach agus aistriú trí athchóirithe chomh maith i réigiún Chomharsanacht AE.
I ndiaidh Chomhaontú Cotonou
Tá idirbheartaíocht ar siúl chun sainmhíniú as an nua a chur ar chaidreamh AE amach anseo le tíortha ACC. I láthair na huaire, tá sé sainmhínithe le comhaontú Cotonou a chríochnóidh in 2020. Leis an gcomhaontú cuidítear leis an mbochtaineacht a laghdú, cobhsaíocht a mhéadú agus tíortha ACC a chomhtháthú sa gheilleagar domhanda.
Éifeachtacht na forbartha agus comhchláir — ag oibriú ar bhealach níos fearr le tíortha AE
Tá AE tiomanta dá áirithiú go gcaithfear cabhair um fhorbairt ar an dóigh is éifeachtaí agus is féidir chun na SDGanna a bhaint amach. Maidir leis sin, d’fhormhuinigh sé roinnt comhaontuithe idirnáisiúnta, lena n–áirítear;
Is iad seo a leanas na príomhphrionsabail maidir le héifeachtacht na forbartha, ar cuireadh sainmhíniú as a nua ag Cruinniú Ardleibhéal Nairobi in 2016:
Cuirtear na prionsabail sin i ngníomh i gcláir agus i dtionscnaimh agus trí bhíthin clársceidealú comhpháirteach, agus comhpháirtithe forbartha AE (AE agus tíortha AE) a oibríonn i dtír chomhpháirtíochta agus a phleanálann an comhar forbartha le chéile.
Comhtháthú beartas ar mhaithe le forbairt (PCD)
Trí bhíthin comhtháthú beartas ar mhaithe le forbairt (PCD), féachann AE le héifeachtaí iarmharta diúltacha a bheartas maidir le tíortha i mbéal forbartha a íoslaghdú. Tá sé mar aidhm leis sin:
Lena áirithiú go mbeidh sé ábhartha i gcónaí ag féachaint leis na SDGanna a bhaint amach, rinne AE an PCD a chomhtháthú in obair fhoriomlán an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme chlár oibre 2030. Tá a sásraí féin ag tíortha AE chun PCD a áirithiú ina mbeartais náisiúnta chomh maith. I dtuarascáil AE 2019 maidir le comhtháthú beartas forbartha féachtar ar an dul chun cinn atá déanta ag institiúidí agus tíortha AE maidir le PCD thar an tréimhse 2015-2018.
An bhochtaineacht agus neamhionannas a laghdú
Tá SDG 1, an bhochtaineacht a laghdú, agus SDG 10, dul i ngleic le neamhionannas agus leithcheal, lárnach i mbeartas forbartha AE.
Léirítear an méid seo a leanas i réamhthorthaí taighde ina ndearnadh anailís ar neamhionannas arna sheoladh ag an gCoimisiún in 2017:
Tá neamhionannas ar an leibhéal náisiúnta fós ina bhacainn thábhachtach ar fhás gasta agus ar laghdú ar an mbochtaineacht. Cé go leanann an fhíorbhochtaineacht ag laghdú ar fud an domhain, tá sé forleathan fós san Afraic, go háirithe san Afraic Fho-Shahárach.
Forbairt dhaonna
Áirítear le tosaíochtaí bheartas forbartha AE deireadh a chur leis an mbochtaineacht (SDG 1), dul i ngleic le neamhionannas agus leithcheal (SDG 10), agus gan duine ar bith a fhágáil ar deireadh. Dírítear an cur chuige um fhorbairt dhaonna ar dhaoine, ar a ndeiseanna agus ar a roghanna. Tacaíonn AE le cumainn agus geilleagar na dtíortha comhpháirtíochta le héirí níos uile-chuimsithí agus níos inbhuanaithe, ionas go mbainfidh gach uile dhuine leas as an bhforbairt agus nach bhfágfaidh duine ar bith ar deireadh.
Comhionannas inscne agus cumhachtú na mban
Tá comhionannas inscne ina bhunluach de chuid AE (Airteagal 2 CAE) agus ina chuspóir beartais atá cuimsithe sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Airteagal 19 CFAE). Trí chomhionannas inscne agus cumhachtú na mban a chur chun cinn, cuireann AE le SDG 5 agus le clár oibre fhoriomlán 2030 a bhaint amach, mar a léirítear sa Chomhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt 2017 chomh maith.
Tá comhionannas inscne ina réamhchoinníoll riachtanach le haghaidh forbairt inbhuanaithe chothrom agus uilechuimsitheach, ag cur san áireamh gurb ionann mná agus cailíní agus leath dhaonra an domhain. Tá sé mar aidhm ag AE a áirithiú go mbeidh mná agus cailíní ábalta páirt iomlán agus chothrom a ghlacadh sa saol sóisialta, eacnamaíoch, polaitiúil agus sibhialta. Go sonrach, tacaíonn sé le fáil réidh le bacainní ar chomhionannas inscne, amhail dlíthe idirdhealaitheacha, rochtain éagothrom ar sheirbhísí agus ar cheartas, oideachas agus sláinte, poist agus cumhachtú eacnamaíoch, agus rannpháirtíocht pholaitiúil, agus díothú an fhoréigin ghnéasaigh agus inscne, lena n–áirítear trí dhul i ngleic leis na noirm shibhialta agus steiréitíopaí inscne agus tacaíocht a thabhairt do ghluaiseachtaí ban agus don tsochaí shibhialta.
Le plean gníomhaíochta inscne AE (2016-2020) leagtar amach an creat maidir leis na cuspóirí tosaíochtaí sin a bhaint amach ar fud an domhain, trí bheartais caidrimh sheachtraigh AE. In 2017, d’eisigh an Coimisiún Eorpach a chéad tuarascáil cur chun feidhme maidir le plean gníomhaíochta inscne AE (2016-2020).
Tionscnamh suaitheanta amháin de chuid AE is ea an Tionscnamh Spotsolais dar luach €500 milliún, comhpháirtíocht uathúil leis na NA chun deireadh a chur le foréigean in éadan ban agus cailíní. Tugtar le chéile leis an tionscnamh rialtais chomhpháirtíochta agus an tsochaí shibhialta ón Áise, ón Afraic Fho-Shahárach, ón Meánmhuir agus ón Aigéan Ciúin.
Imirce, easáitiú éigeantais agus tearmann
Cé nach bhfuil na topaicí maidir leis an imirce agus leis an tsoghluaisteacht ina dtopaicí nua, tá méadú tagtha ar an líon imirceach idirnáisiúnta le blianta beaga anuas, rud a fhágann go raibh 258 milliún ann in 2017 (méadú 220 milliún in 2010 agus 173 mhilliún in 2000). Is saoránaigh iad formhór na n–imirceach idirnáisiúnta ó thíortha i mbéal forbartha agus óstálann na tíortha i mbéal forbartha os cionn 85 % de dhaoine easáitithe an domhain.
Tá na dúshláin maidir le himirce fós ar bharr an chlár oibre Eorpaigh. In 2017 lean an Coimisiún Eorpach le tabhairt go réamhghníomhach ar an nasc idir forbairt agus imirce, ar aon dul le clár oibre 2030 agus an comhdhearcadh maidir le forbairt. Bhí ról ríthábhachtach ag comhar forbraíochta AE maidir le cur le hiarrachtaí foriomlána AE dul i ngleic leis an imirce, i gcomhthéacs an Chláir Oibre Eorpaigh maidir leis an Imirce, an dhearbhaithe Valletta, an chreata comhpháirtíochta maidir leis an imirce, agus chur chuige nua AE maidir le heasáitiú éigeantais, i gcomhréir iomlán le cuspóirí agus prionsabail forbartha.
Trí réimse ionstraimí forbartha, mar shampla tríd an gciste iontaobhais éigeandála don Afraic agus tríd an gciste réigiúnach iontaobhais don tSiria, ach faoi ionstraimí geografacha rialta chomh maith, chuir an Coimisiún Eorpach gníomhaíochtaí chun feidhme i dtíortha comhpháirtíochta ina dtugtar aghaidh ar dhúshláin agus ar dheiseanna gearrthéarmacha agus fadtéarmacha araon a thagann as an imirce.
Díríodh go sonrach ar thrí ghné:
Tríd an gcur chuige cuimsitheach sin, chuir an tacaíocht in 2017 leis an idirphlé agus leis an gcomhpháirtíocht le tíortha comhpháirtíochta a neartú i réimse na himirce agus le torthaí follasacha a bhaint amach maidir le feabhas a chur ar bhainistíocht imirce, cosaint a sholáthar d’imircigh agus do dhídeanaithe leochaileacha agus tionchar dearfach forbartha na himirce a uasmhéadú.
I measc nithe eile a baineadh amach in 2017, rinne AE an méid seo a leanas:
Cultúr, oideachas agus sláinte
Aithníonn AE ról an chultúir san fhás eacnamaíoch agus mar chomhpháirt agus mar chumasóir tábhachtach chun éascaíocht a dhéanamh ar na nithe seo:
In 2017, ghlac AE:
Tá sé mar chuspóir le SDG 4 oideachas cáilíochta uilechuimsitheach agus cothrom a áirithiú agus deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil a chur chun cinn do chách faoi 2030. Is cearta bunúsach de chuid an duine agus leas an phobail é an t–oideachas. Tá ról tábhachtach aige chomh maith maidir le SDGanna a bhaint amach trí fhoghlaim, scileanna agus feasacht.
In 2017, rinne AE an méid seo a leanas:
Chun SDG 3 maidir le sláinte agus folláine a bhaint amach, lean AE ag obair sa réimse sláinte ag tacú leis an gCiste Domhanda agus GAVI, an Comhaontas Vacsaíní, chomh maith le taighde a dhéanamh maidir le galair a bhaineann leis an mbochtaineacht agus galair ionfhabhtaíocha a ndéantar neamhshuim dóibh a chomhrac. Thug sé tacaíocht chomh maith i gcomhair tionscnaimh réigiúnacha, amhail an dara clár maidir leis an gComhpháirtíocht maidir le Trialacha Cliniciúla idir Tíortha Eorpacha agus Tíortha i mBéal Forbartha.
Ag obair le Ciste na Náisiún Aontaithe ar mhaithe leis an bPobal, tacaíonn AE le hiarrachtaí infhaighteacht seirbhís sláinte atáirgthe agus sláinte máithreachais a mhéadú.
Slándáil bhia agus chothaithe agus talmhaíocht inbhuanaithe
Agus duine amháin as naonúr thíos le neamhshlándáil bia agus cothaithe, féachtar le SDG 2 le deireadh a chur leis an ocras, slándáil bia a bhaint amach agus feabhas a chur ar chothú agus talmhaíocht inbhuanaithe a chur chun cinn faoi 2030.
Tá talmhaíocht inbhuanaithe, mar aon le hiascach agus dobharshaothrú inbhuanaithe, riachtanach chun deireadh a chur leis an ocras agus slándáil bia a áirithiú agus tá siad fós ina bpríomhspreagadh maidir le deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus maidir le forbairt inbhuanaithe. Tá an talmhaíocht agus an tslándáil bia araon ina dtosca ríthábhachtacha maidir le torthaí maithe cothaithe a bhaint amach.
Bhí AE ar cheann de na tionscnóirí a bhí taobh thiar d’fhoilseachán na Tuarascála Domhanda maidir le Géarchéimeanna Bia in 2017 ina sainaithníodh, ag léiriú go raibh beagnach 108 milliún duine i ngéarchéim bhia nó i gcás éigeandála, an gá le:
Tá roinnt tionscnamh i bhfeidhm ag AE chun cuidiú le laghdú 7 milliún a dhéanamh ar an líon leanaí atá faoi bhun a bhfáis faoi bhun 5 bliana d’aois faoi 2025, lena mbaineann leithdháileadh €3.5 billiún thar an tréimhse 2014-2020.
Tá talmhaíocht inbhuanaithe, ón dearcadh eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil de, ina topaic lárnach ar chlár oibre um chomhar forbartha AE lena thíortha comhpháirtíochta. Díríonn AE a chuid oibre san earnáil sin ar na nithe seo:
Athrú aeráide
Tá AE tiomanta do chuidiú a thabhairt sa chomhrac domhanda i gcoinne an athraithe aeráide i gcomhréir le Comhaontú Pháras 2015 agus le SDG 13. Tá an rannchuidiú arna chinneadh go náisiúnta á chur ag croí an idirphlé beartais lenár dtíortha comhpháirtíochta againn chun an t–athrú aeráide a chomhtháthú inár mbeartais, straitéisí, pleananna infheistíochta agus tionscadail ionas go rannchuideoidh siad go hiomlán le Comhaontú Pháras agus SDG 13. Ní foláir nó go mbeidh dlúthbhaint ag ár n–obair ar an athrú aeráide agus clár oibre 2030.
Mhéadaigh AE a iarrachtaí rioscaí a bhainistiú agus athléimneacht agus inoiriúnaitheacht i leith athraithe a fhorbairt, i gcomhréir le Creat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaiste. Tacaíonn AE chomh maith leis an aistriú i dtreo geilleagar glas ísealcharbóin a bheidh seasmhach ó thaobh na haeráide, i gcomhréir le SDG 8 maidir le fás agus SDG 12 maidir le hídiú agus táirgeadh inbhuanaithe. Baineann athrú aeráide le beagnach gach SDG.
Thar an tréimhse 2014-2018, d’infheistigh AE €8.2 billiún chun tacú leis an ngníomhú ar son na haeráide. Tugadh an sciar ba mhó den mhaoiniú i gcomhair gníomhaíochtaí um oiriúnú (41 %), gníomhaíochtaí sineirge ansin lena ndeachthas i ngleic le hoiriúnú agus le maolú (31 %) agus gníomhaíochtaí maolaithe ansin (28 %). Tá sé mar aidhm againn na gníomhaíochtaí sin lena gcuirtear le hoiriúnú agus le maolú araon a chur chun cinn.
An comhshaol agus bainistíocht inbhuanaithe acmhainní nádúrtha
Tá an comhshaol agus acmhainní nádúrtha amhail talamh, acmhainní uisce, foraoisí, stoic éisc agus an bhithéagsúlacht, tábhachtach maidir le geilleagar na dtíortha i mbéal forbartha agus slite beatha a saoránach. Tá a gcosaint agus a mbainistíocht inbhuanaithe riachtanach chun clár oibre um fhorbairt inbhuanaithe 2030 a chomhlíonadh (lena n–áirítear SDGanna 6, 12, 14 agus 15), chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus an ocras agus sláinte, folláine, rochtain ar uisce glan agus sláintíocht agus fás inbhuanaithe a áirithiú, agus éiceachórais á gcaomhnú agus athrú aeráide á chomhrac. Tacaíonn AE leis na tíortha comhpháirtíochta maidir le feabhas a chur ar an rialachas um acmhainní comhshaoil agus nádúrtha, bainistíocht inbhuanaithe a dhéanamh ar thalamh, ar uisce, ar fhoraoisí agus ar acmhainní nádúrtha eile, an bhithéagsúlacht a chosaint, dul i ngleic le truailliú agus geilleagar glas uilechuimsitheach a chur chun cinn.
Fuinneamh inbhuanaithe
Tá rochtain ar sheirbhísí fuinnimh nua-aimseartha agus inbhuanaithe ar cheann de na príomhréimsí sprice maidir le cabhair um fhorbairt AE. In 2017, d’eisigh an Coimisiún páipéar ina léirítear go gcuireann comhar maidir le fuinnimh inbhuanaithe le cur chun feidhme an Chomhdhearcaidh Eorpaigh maidir le forbairt.
Faoi pheirspictíocht airgeadais 2014-2020, leithdháileadh €3.7 billiún ar chomhar maidir le fuinneamh in-athnuaite chun cur le trí chuspóir AE faoi 2020: rochtain ar fhuinneamh a sholáthar do thart ar 40 milliún duine, giniúint fuinnimh in-athnuaite a mhéadú faoi 6.5 gigeavata agus cur leis an gcomhrac in aghaidh an athraithe aeráide, trí thart ar 15 mhilliún tona de CO2 in aghaidh na bliana a shábháil.
Mar shampla, tá sé mar aidhm ag AE a rannchuidiú do chuspóirí Thionscnamh Fuinnimh In-athnuaite na hAfraice a sholáthar agus 5 GW de chumas giniúna fuinnimh in-athnuaite a bhaint amach faoi 2020 rud a fhágann go mbeidh rochtain ag 30 milliún duine san Afraic ar fhuinneamh in-athnuaite agus go sábhálfar 11 tona CO2 in aghaidh na bliana.
Ag obair leis an earnáil phríobháideach
Mar gheall go bhfuil riachtanais infheistíochta shuntasacha sna tíortha comhpháirtíochta agus nach leor cistí deontóirí ó rialtais agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta chun na riachtanais a chomhlíonadh, baineann AE leas as cumasc, i gcás go gcumasctar deontais AE le hiasachtaí nó le cothromas ó airgeadaithe poiblí agus príobháideacha, agus ar an tslí sin cuirtear le SDG 17 (na hacmhainní cur chun feidhme agus comhpháirtíochtaí le haghaidh spriocanna a neartú). Cuimsítear i gcreat cumaisc AE na saoráidí cumaisc réigiúnacha seo a leanas:
Agus é ina mór-nuálaíocht, baineann Ráthaíocht CEFI leas as cistí poiblí teoranta chun an infheistíocht phríobháideach go háirithe le haghaidh tionscadal infheistíochta a threisiú a bheadh ag streachailt chun tosú nó leathnú seachas sin, ag díriú ag an am céanna ar na cuspóirí forbartha inbhuanaithe sna tíortha comhpháirtíochta ag an am céanna. Dírítear an EIP ina iomláine ar fháil réidh leis na srianta ar infheistíocht phríobháideach inbhuanaithe agus tacaíocht a thabhairt d’athchóirithe tosaíochta trí idirphlé neartaithe leis an earnáil phríobháideach agus le geallsealbhóirí ábhartha. Tá borradh a chur faoi infheistíocht inbhuanaithe agus faoi chruthú post (SDG 8) ar cheann de phríomhchuspóirí na Comhghuaillíochta idir an Afraic agus an Eoraip le haghaidh Infheistíocht agus Poist Inbhuanaithe a seoladh i mí Mheán Fómhair 2018.
Maidir le trádáil, i mí na Samhna 2017, ghlac AE straitéis nua um Thrádchúnamh, agus rathúnas trí thrádáil agus infheistíocht á bhaint amach, i gcomhar le tíortha AE. Féachtar leis an straitéis le húsáid níos fearr as Trádchúnamh AE a spreagadh chun cuidiú le tíortha i mbéal forbartha leas forbartha iomlán a bhaint as ionstraimí éagsúla beartais AE, go sonrach comhaontuithe trádála AE agus scéimeanna tosaíochta (lena n–áirítear Comhaontuithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche agus Scéim na bhFabhar Ginearálaithe), ar bhealach inbhuanaithe agus uilechuimsitheach.
Fás na talmhaíochta
Braitheann dhá thrian de dhaoine bochta an domhain ar thalmhaíocht dá slite beatha agus braitheann a lán tíortha i mbéal forbartha go mór fós ar an trádáil i gcúpla tráchtearra go díreach.
Áitíonn AE nach mór leibhéil luathaithe d’infheistíochtaí freagracha intíre agus idirnáisiúnta, poiblí agus príobháideacha sa talmhaíocht agus sna gnóthaí talmhaíochta a bhaint amach chun an dinimic theastaíonn chun fás inbhuanaithe agus athléimneacht a chruthú ar fud limistéir thuaithe na dtíortha i mbéal forbartha. I gcomhréir leis an gcur chuige sin, i mí Mheán Fómhair 2018, d’fhógair an tUachtarán Jean-Claude Juncker an Chomhghuaillíocht idir an Afraic agus an Eoraip le haghaidh Infheistíocht agus Poist Inbhuanaithe.
Ní mór infheistíochtaí na hearnála príobháidí a spreagadh trí thimpeallacht ghnó dea-rialaithe agus seirbhísithe; tá ról tábhachtach ag an earnáil phoiblí maidir leis sin a bhaint amach; Mar sin féin, tá leibhéil ardaithe riosca, a bhaineann le rioscaí táirgthe, maoinithe agus margaidh, fós ina bpríomhshrianta maidir le dlús a chur le hinfheistíochtaí na hearnála príobháidí. Cuidíonn AE leis na rioscaí sin a laghdú tríd an bPlean Eorpach Infheistíochta Seachtraí (EIP). Tacaíonn AE le gníomhaíochtaí rialachais talún i dtuairim is 40 tír lena mbaineann buiséad iomlán de bheagnach €240 milliún. I bPeiriú agus Hondúras, cosnaítear cearta talún na ndaoine dúchasacha agus faightear bunsócmhainní dóibh le gníomhaíochtaí arna maoiniú ag AE (rud a chuireann le SDG 2).
Bonneagar, cathracha agus digiteach
Le haghaidh dul chun cinn i dtreo chlár oibre 2030, teastaíonn an méid seo a leanas:
Leis an aistriú digiteach leanúnach soláthraítear deiseanna chun cruthú post a mhéadú agus dlús a chur faoi rochtain ar sheirbhísí bunúsacha, feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar chuntasacht rialtas agus daonlathas a threisiú. Is é an réamhchoinníoll nascacht mhaith agus rialachán oiriúnaithe a bheith ann chun tacú le SDG 9 a bhaint amach.
Cuidíonn AE le comhordú a dhéanamh ar chlár oibre comhpháirteach bonneagair AE-an Afraic agus tá sé páirteach i mbord Chlár Beartais Iompair na hAfraice, ag tacú le beartas agus straitéis do rialtais na hAfraice agus do Phobail Réigiúnacha Eacnamaíocha.
Leis an uirbiú tapa, go háirithe san Áise agus san Afraic, cruthaítear mórdhúshláin forbartha. Sa bhliain 2017 forbraíodh an clár Comhair Uirbeach Idirnáisiúnta lena roinntear an dea-chleachtas uirbeach idir cathracha AE agus cathracha sna tíortha comhpháirtíochta straitéiseacha, amhail an India agus an tSín, agus cuimsiú, faoin EIP, deise infheistíochta faoi leith le haghaidh “cathracha inbhuanaithe” (SDG 11).
Daonlathas, cearta an duine, dea-rialachas
Tá AE bunaithe ar na luachanna bunúsach maidir le meas ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine (Airteagal 2 CAE). Tá cur chun cinn na luachanna sin ina phríomhthosaíocht um chaidreamh seachtrach (Airteagal 21 CAE), a aistríodh go Straitéis Dhomhanda AE. Tacaíonn AE leis na tíortha comhpháirtíochta le cur chun feidhme SDG 16 maidir leis an daonlathas, rochtain ar cheartas, frith-éilliú, cearta an duine agus dea-rialachas trína chlársceidealú maidir le cabhair um fhorbairt. Áirítear ar ghníomhaíochtaí i gcomhpháirtíocht le rialtais tríú tíortha cúnamh toghchánach agus tacaíocht daonlathais, athchóirithe ceartais agus frith-éillithe, agus cur chun cinn neamhspleách na meán agus saoirsí bunúsacha.
Lena chois sin, tá príomhról domhanda ag AE trína Ionstraim thiomanta Eorpach i gcomhair Daonlathais agus Chearta an Duine. Cuirtear bonn eolais faoi thosaíochtaí na hionstraime le plean gníomhaíochta AE maidir le cearta an duine agus an daonlathas (2014-2019). Dírítear inti ar chomhlachtaí idirnáisiúnta agus cúirteanna um chearta an duine agus tá sí dírithe go príomha ar an tsochaí shibhialta agus ar chomhlachtaí neamhspleácha maoirseachta chun cur chun cinn agus cosaint chearta an duine agus an daonlathais a áirithiú.
Mar shampla, foráiltear leis an Ionstraim Eorpach i gcomhair Daonlathais agus Chearta an Duine i leith bearta éigeandála agus tionscadail faoi rún chun cosaint a thabhairt d’eagraíochtaí agus chearta an duine agus do ghníomhaithe um chearta an duine a oibríonn sna timpeallachtaí is deacra.
Soláthraítear tacaíocht spriocdhírithe do thoscairí AE chun acmhainn a fhorbairt i gcur chun cinn chearta an duine. Mar shampla, maidir le saoirse chun tuairimí a nochtadh, déantar é sin trí dhá clár:
Leochaileacht agus athléimneacht
In 2017, ghlac AE gealltanas il-earnálach maidir le hathléimneacht. Seoladh próiseas píolótach i sé thír (Sead, an Iaráic, Maenmar, an Nigéir, an tSúdáin agus Uganda) chun cur chuige níos leithne maidir leis an nasc daonna/forbartha/síochána i gcomhthéacsanna leochaileacha a thástáil.
Le linn 2017, cuireadh obair maidir le hathléimneacht agus dul i ngleic le leochaileacht chun cinn sna 4 réimse seo a leanas.
Slándáil
Is é an rialachán maidir leis an Ionstraim lena gcuirtear le Cobhsaíocht agus le Síocháin an phríomhionstraim airgeadais de chuid an Choimisiúin atá tiomanta d’fheabhas a chur ar chobhsaíocht, ar shíocháin agus ar athléimneacht sna tíortha comhpháirtíochta. Le raon feidhme domhanda agus fócas slándála na hIonstraime lena gcuirtear le Cobhsaíocht agus le Síocháin forlíontar uirlisí airgeadais eile; go háirithe, i gcás nach féidir ionstraimí geografacha nó téamúla a bhaineann le critéir maidir cúnamh oifigiúil um fhorbairt a úsáid, ach chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna de chineál trasréigiúnach nó domhanda chomh maith. Faoin gcuid clársceidealaithe den Ionstraim lena gcuirtear le Cobhsaíocht agus le Síocháin a bhainistíonn an Ard-Stiúrthóireacht um Fhorbraíocht agus um Chomhat (DEVCO), tá níos mó ná 260 tionscadal ar siúl, rud a bhaineann 70 tír tairbhe as. Cuireann na tíortha comhpháirtíochta agus gníomhaireachtaí thíortha AE na tionscadail sin chun feidhme i gcomhar lena chéile.
Cumhdaítear réimse leathan ceisteanna sa tionscadal, mar shampla: antoisceachas an fhoréigin a chomhrac: cúnamh teicniúil do phobail forfheidhmithe dlí chun dul i ngleic le bagairtí sceimhlitheoireachta, ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha, coireacht eagraithe, gáinneáil ar dhrugaí nó sciúradh airgid; forbairt acmhainne chun feabhas a chur ar chórais cheartais; nó bonneagar criticiúil a chosaint. I measc na n–uirlisí tacaíochta a d’fhéadfadh a bheith i gceist tá “oiliúint don oiliúnóir”, cúnamh ar an láithreán, cleachtaí allamuigh trasteorann barrbhoird agus fíorshaoil, chomh maith le forbairt pleananna náisiúnta gníomhaíochtaí bunaithe ar mheasúnuithe riachtanas agus riosca. Ó mhí Eanáir 2018 i leith, tá AE ábalta tacaíocht a thabhairt d’fhothú acmhainní chun tacú leis an tslándáil agus an fhorbairt (CBSD). Féadfar oiliúint agus trealamh a sholáthar d’airm na dtíortha comhpháirtíochta le haghaidh gníomhaíochtaí a thacaíonn le cuspóirí forbartha i gcúinsí eisceachtúla.
Le cur chuige iltoiseach ina dtugtar aghaidh ar shlándáil d’aon turas (sceimhlitheoireacht, coireacht) ach ar shlándáil timpisteach (Seveso, Fukushima) agus chomhshaoil (Ebola) chomh maith, cuireann an Ionstraim lena gcuirtear le Cobhsaíocht agus le Síocháin le roinnt SDGanna de chuid na NA agus le príomhréimsí den Chomhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt, lena n–áirítear príomhghníomhaíochtaí tosaíochta i gcomharsanacht AE.
Sábháilteacht núicléach
Ní chuireann an Coimisiún Eorpach fuinneamh núicléach chun cinn, arb é sin freagracht rialtas stáit amháin, ach ní chuireann sé sábháilteacht núicléach chun cinn. Bíonn éifeacht dhomhanda ag timpiste núicléach ar bith ar shochaithe, mar sin tá comhar um shábháilteacht núicléach ríthábhachtach maidir le sábháilteacht agus slándáil saoránach Eorpach agus an chomhshaoil.
Le cur chuige iltoiseach ina dtugtar aghaidh ar shábháilteacht núicléach, ar shláinte, ar an gcomhshaol agus ar cheisteanna gaolmhara, cuireann clár na hIonstraime lena gcuirtear le Cobhsaíocht agus le Síocháin le roinnt príomhréimsí den Chomhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt, lena n–áirítear príomhghníomhaíochtaí tosaíochta i gcomharsanacht AE, san Áise Láir agus san Iaráic.
Tá dúshláin ann i dtíortha de chuid comharsanacht AE. Baineann na dúshláin sin go príomha le tíortha a chinn úsáid a bhaint as fuinneamh núicléach, amhail an Bhealarúis agus an Tuirc, a chinn faid saoil imoibreoirí a shíneadh, amhail an Airméin agus an Úcráin, agus a chinn dramhaíl radaighníomhach a dhíchoimisiúnú agus a bhainistiú.
Tagraíonn SDG 17 do chomhpháirtíocht maidir le forbairt agus léirítear leis an tábhacht a bhaineann le hardáin uilechuimsitheacha, il-gheallsealbhóirí mar mhodh chun clár oibre 2030 a chur chun feidhme go héifeachtach. Tá AE tiomanta do SDG 17 a bhaint amach, trína ghníomhaíochtaí seachtracha agus acmhainní féin agus trí chur chun feidhme ag dreamanna eile a éascú. Leanann AE le bheith páirteach i bpróisis forbartha na NA, go háirithe an Chomhpháirtíocht Dhomhanda maidir le Comhar um Fhorbairt Éifeachtach (GPEDC), a bhfuil cleachtadh monatóireachta ar éifeachtacht forbartha ar leibhéal tíre á dhéanamh aici faoi láthair.
Comhar leis an tsochaí shibhialta
Le glacadh Theachtaireacht 2012, d’aithin an Coimisiún Eorpach eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) mar ghníomhairí sa rialachas, agus ní mar sholáthraithe seirbhíse amháin. Glacann AE cur chuige uilechuimsitheach, na sochaí iomláine maidir le cur chun feidhme na SDGanna, trí rannpháirtíocht ar ESSanna neamhghnácha a leathnú, amhail fondúireachtaí, diaspóra, ceardchumainn, cumainn ghnó, etc. Tá ról méadaitheach agus tionchar ag fondúireachtaí, ach go háirithe.
Chothaigh an Coimisiún Eorpach idirphlé leis na ESSanna agus le comhairliúchán na ESSanna, go háirithe tríd an bhFóram Beartas maidir le Forbairt, ina soláthraítear spás le haghaidh malartú il-gheallsealbhóirí maidir le beartais forbartha. Shínigh sé 25 Creat-chomhaontú Comhpháirtíochta le líonraí idirnáisiúnta agus réigiúnach na sochaí sibhialta, chun tacú le ESSanna chun cur le déanamh beartas réigiúnach agus domhanda, go háirithe maidir le cur chun feidhme rathúil na SDGanna.
Ar leibhéal tíre, d’fhorbair AE 107 dtreochlár le haghaidh rannpháirtíochta leis an tsochaí shibhialta. Is ionann treochláir agus creat straitéiseach agus cuimsitheach tíre chun an tacaíocht uile ó AE, lena n–áirítear na toscaireachtaí agus tíortha AE, i dtreo na sochaí sibhialta, a chuimsiú Curtha le chéile ó chomhthionscnamh idir an tAontas Eorpach agus a thíortha, tugadh treochláir isteach chun rannpháirtíocht na hEorpa leis an tsochaí shibhialta a neartú.
Leithdháil AE €1.4 billiún le haghaidh tréimhse 2014-2020 chun tacú le ESSanna ar an leibhéal domhanda agus ar leibhéal tíre trí chlár ESSanna na n–údarás áitiúil ina ndírítear ar rannpháirtíocht, ar chomhpháirtíochta agus ar idirphlé il-gheallsealbhóirí chun teacht le príomhluachanna Chlár Oibre 2030.
I dtuarascáil 2017 maidir le rannpháirtíocht AE leis an tsochaí shibhialta léirítear an chuid mhór cineálacha agus samplaí ina bhfuil an tacaíocht sin á tabhairt agus an dóigh a bhfuil a rannpháirtíocht leis an tsochaí shibhialta á neartú ag an Eoraip.
Comhar leis an bpobal deontóirí
I dteannta a chéile, is iad an tAontas Eorpach agus a thíortha príomhsholáthraí an chúnaimh oifigiúil um fhorbairt. Is ionann an cúnamh forbartha Eorpach agus beagnach 57 % den chúnamh forbartha domhanda ó dheontóirí ó Choiste Cúnaimh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta. Oibríonn AE go comhchoiteann chomh maith maidir le comhbheartais agus ar leibhéal tíre chun cuir chuige chomhchoiteanna a úsáid, lena n–áirítear clársceidealú comhpháirteach.
Chomh maith leis sin, i loighic na comhpháirtíochta i gcomhair cur chun feidhme chlár oibre 2030 agus chlár oibre gníomhaíochta Addis Ababa, mar aon le iltaobhachas a neartú, glacann an Coimisiún Eorpach páirt in idirphlé forbartha rialta le comhpháirtithe neamh-AE, amhail an Astráil, Ceanada, an tSeapáin, an Chóiré agus na Stát Aontaithe. Tá a chiorcal comhpháirtithe ag éirí níos mó i gcónaí trí rannpháirtíocht le deontóirí nua nó deontóirí atá ag teacht chun cinn, amhail iad siúd ón saol Arabach.
Comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta
Oibríonn AE go straitéiseach chomh maith leis na NA agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus institiúidí airgeadais idirnáisiúnta. Le cois cúnamh suntasach a chur tríd na heagraíochtaí agus institiúidí sin, bíonn idirphlé straitéiseach ardleibhéil rialta ar siúl. Bhí AE rannpháirteach go gníomhach iontu seo a leanas go sonrach:
Liosta de thíortha atá incháilithe i leith chabhair um fhorbairt AE
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a hAon — Prionsabail — Teideal I — Catagóirí agus réimsí inniúlachta an Aontais — Airteagal 4 (IO C 202, , lgh. 51-52)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Cúig — Gníomhaíocht sheachtrach an Aontais — Teideal III — Comhar le tríú tíortha agus cabhair dhaonnúil — Caibidil 1 — Comhar um fhorbairt — Airteagal 208 (iar-Airteagal 177 CCE) (IO C 202, , lch. 141)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Teideal V — Forálacha ginearálta maidir le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus forálacha sonracha maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Caibidil 1 — Forálacha ginearálta maidir le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais — Airteagal 21(2)(d) (IO C 202, , lgh. 28-29)
nuashonrú is deireanaí