Clárlann an Aontais maidir le córas i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí (2013-2020)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 389/2013 lena mbunaítear Clárlann an Aontais

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

PRÍOMHPHOINTÍ

Scéim AE i ndáil le trádáil astaíochtaí

Tá EU ETS ina chuid lárnach de bheartas an Aontais Eorpaigh maidir le dul i ngleic leis an athrú aeráide agus is é a phríomhuirlis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ar bhealach costéifeachtach. Is é an chéad mhórmhargadh carbóin ar domhan é agus tá sé fós ar an gceann is mó. Feidhmíonn EU ETS de réir phrionsabal “an chórais teorannaithe agus trádála astaíochtaí” . Socraítear teorainn ar mhéid iomlán na ngás ceaptha teasa is féidir a astú ó na suiteálacha atá cumhdaithe sa chóras. Laghdaítear an teorainn le himeacht ama ionas go laghdófar iomlán na n–astaíochtaí.

Faigheann nó ceannaíonn cuideachtaí lamháltais astaíochtaí is féidir leo a thrádáil lena chéile nuair is gá mar chuid den teorainn. D’fheadfadh na cuideachtaí méideanna teoranta creidmheasanna idirnáisiúnta a cheannach ó thionscadail um choigiltí astaíochtaí ó mórthimpeall na cruinne sa tríú céim de ETS (2013-2020). Áirithítear go bhfuil luach ag na lamháltas trí theorainneacha a chur i bhfeidhm.

Faoi dheireadh mhí Aibreáin gach bliain, ní mór do shuiteálacha agus d’oibreoirí aerárthaigh atá cumhdaithe faoi EU ETS go leor lamháltas a thabhairt suas lena n–astaíochtaí don bhliain roimhe sin a chumhdach, nó beidh siad i mbaol go ngearrfaí fíneálacha troma orthu. Má laghdaíonn cuideachta a hastaíochtaí, féadfaidh sí a lamháltais spártha a choinneáil lena riachtanais amach anseo a chumhdach nó iad a dhíol le cuideachta eile atá gann ó thaobh lamháltas de.

Clárlann an Aontais

Bunaítear leis an rialachán, ón 1 Eanáir 2013ar aghaidh, Clárlann an Aontais ar fud AE, bunachar sonraí ar líne ina gcoimeádtar cuntais le haghaidh suiteálacha do-aistrithe, le haghaidh oibreoirí aerárthaigh (atá arna n–áireamh in EU ETS ó mhí Eanáir 2012 i leith) agus le haghaidh duine ar bith a bhfuil suim acu i dtrádáil lamháltas astaíochtaí.

Is í ceantáil an modh réamhshocraithe chun lamháltais a leithdháileadh, seachas saor–leithdháileadh a chur i bhfeidhm. Tá rialacha comhchuibhithe um leithroinnt i bhfeidhm maidir leis na lamháltais sin a leithdháiltear gan srian fós.

Taifeadtar an méid seo a leanas sa chlárlann:

Cuntas a oscailt

Chun páirt a ghlacadh in EU ETS, ní mór do chuideachtaí nó do dhaoine aonair cuntas a oscailt i gClárlann an Aontais, trí iarratas a sheoladh chuig an riarthóir náisiúnta, a bhailíonn agus a sheiceálann an doiciméadacht tacaíochta go léir.

Loga Beartaíochta AE

Le Loga Beartaíochta AE (EUTL) déantar gach idirbheart idir cuntais i gClárlann an Aontais a sheiceáil, a thaifeadadh agus a údarú go huathoibríoch, lena n–áirithítear go gcomhlíonann na haistrithe go léir rialacha EU ETS.

Tháinig Loga Beartaíochta AE i gcomharba ar Loga Beartaíochta Neamhspleách an Chomhphobail, a raibh ról comhchosúil aige sular tugadh Clárlann an Aontais isteach.

Clárlanna Kyoto

Comhlíonann Clárlann an Aontais ról Clárlann Phrótacal Kyoto chun cabhair a sholáthair don AE agus a Bhallstáit agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu mar pártaithe chuig an bPrótacal Kyoto.

Leasuithe

Aisghairm

Aisghaireadh Rialachán (AE) Uimh. 389/2013 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 ón 1 Eanáir 2021, cé go mbeidh sé fós i bhfeidhm i leith na n–oibríochtaí uile is gá i ndáil leis an tréimhse trádála idir 2013 agus 2020 agus go háirithe do dhara tréimhse gealltanais Phrótacal Kyoto go dtí an 31 Nollaig 2025.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 4 Bealtaine 2013.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 389/2013 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2013 lena mbunaítear lena mbunaítear Clárlann an Aontais de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Cinntí Uimh 280/2004/CE agus Uimh 406/2009/CE ón Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 920/2010 agus Uimh. 1193/2011 ón gCoimisiún (IO L 122, 3.5.2013, lgh. 1–59).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 389/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fhuinnimh agus Gníomhaithe ar son na hAeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoir 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán 2009/119/CE agus Rialachán (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lgh. 1–77).

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarrachtaí na mBallstát chun a n–astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ionas go gcomhlíonfaí go dtí 2020 gealltanais an Chomhphobail maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú (IO L 140, 5.6.2009, lgh. 136–148).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gáis cheaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lgh. 32–46).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 19.11.2021