Rialachán (AE) 2017/2063 — bearta sriantacha AE ag féachaint don chás i Veiniséala
Cinneadh (CBES) 2017/2074 — bearta sriantacha AE ag féachaint don chás i Veiniséala
Leagtar amach na bearta iontu arna bhforchur ag AE lena bhfuil sé d’aidhm aige réiteach síochánta, idirbheartaithe ar an gcás i Veiniséala a chothú. Bhí na conclúidí ón gComhairle ag gabháil leo lena leagtar amach staid pholaitiúil AE agus inar mínítear na cúiseanna le forchur na smachtbhannaí.
I gCinneadh eile ón gCoimisiún a glacadh in Eanáir 2018 cuireadh 7 duine aonair ag a raibh poist oifigiúla faoi bhearta sriantacha.
Soláthraítear na bunúis dlí riachtanacha i gConarthaí AE lena dtugtar an chumhacht do AE smachtbhannaí a fhorchur (bearta sriantacha) ar rialtais thíortha neamh-AE, ar eintitis neamhstáit agus ar dhaoine aonair chun athrú a dhéanamh ar a mbeartas nó ar a ngníomhaíocht.
Bearta sriantacha
Déantar foráil go sonrach sa chinneadh agus sa rialachán i leith na mbeart seo a leanas:
Tá feidhm dhíreach ag an rialachán seo maidir le húdaráis inniúla thíortha AE agus tá sé ceangailteach orthu agus dá bhrí sin áirithítear leis cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na mbeart laistigh de AE, go háirithe maidir le gnólachtaí. Tá an cinneadh (lena bhforchuirtear an toirmeasc taistil agus an lánchosc ar airm) ceangailteach ar thíortha AE ach dteastaíonn bearta náisiúnta cur chun feidhme ina leith.
Tá feidhm ag an rialachán agus ag an gcinneadh ón 14 Samhain 2017.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Rialachán (AE) 2017/2063 ón gComhairle an 13 Samhain 2017 maidir le bearta sriantacha ag féachaint don chás i Veiniséala (IO L 295, 14.11.2017, lgh. 21-37)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2017/2063 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite sin ach luach doiciméadach amháin.
Cinneadh (AE) 2017/2074 ón gComhairle an 13 Samhain 2017 maidir le bearta sriantacha ag féachaint don chás i Veiniséala (IO L 295, 14.11.2017, lgh. 60-68)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2018/88 ón gComhairle an 22 Eanáir 2018 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/2063 maidir le bearta sriantacha ag féachaint don chás i Veiniséala (IO L 161, 22.1.2018, lgh. 6-8)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal V — Forálacha ginearálta maidir le gníomhaireacht sheachtrach an Aontais agus forálacha faoi leith maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Caibidil 2 — Forálacha faoi leith maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Roinn 1 — Forálacha comhchoiteanna — Airteagal 29 (iar-Airteagal 15 CAE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 33)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Cúig — Gníomhaíocht sheachtrach an Aontais — Teideal IV — Bearta sriantacha — Airteagal 215 (iar-Airteagal 301 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 144)
Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail chun onnmhairiú, aistriú, bróicéireacht agus idirthuras ítimí dé-úsáide a rialú (IO L 134, 29.5.2009, lgh. 1-269)
Féach leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 19.07.2018