Is é is aidhm léi dlí AE a chur in oiriúint chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac i bhfianaise na mbagairtí sceimhlitheoireachta atá ag teacht chun cinn agus cineál idirnáisiúnta na sceimhlitheoireachta á chur san áireamh.
Bunaítear léi na híosrialacha a bhaineann leis na sainmhínithe ar chionta agus smachtbhannaí lena mbaineann sa réimse seo.
Tugtar isteach léi chomh maith beart cosanta, tacaíochta agus cúnaimh d’íospartaigh.
Cuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/475/CGB í mar an chuid lárnach d’fhreagairt an cheartais choiriúil ó thaobh thíortha AE maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus leasaítear léi codanna de Chinneadh 2005/671/CGB maidir le malartú faisnéise agus comhar i ndáil le cionta sceimhlitheoireachta.
PRÍOMHPHOINTÍ
Sainmhíniú ar chionta sceimhlitheoireachta
Soláthraítear leis an treoir liosta uileghabhálach de chionta tromchúiseacha nach mór do thíortha AE iad a aicmiú mar chionta sceimhlitheoireachta ina ndlí náisiúnta nuair a dhéantar iad nó nuair a bhagraítear go ndéantar iad le haghaidh aidhm shonrach sceimhlitheoireachta.
Cuirtear síos ar aidhmeanna sceimhlitheoireachta mar cheann ar bith díobh seo a leanas:
daonra a imeaglú go tromchúiseach;
iallach míchuí a chur ar rialtas nó ar eagraíocht idirnáisiúnta aon ghníomh a dhéanamh nó staonadh óna dhéanamh;
bunstruchtúir pholaitiúla, bhunreachtúla, eacnamaíocha nó shóisialta tíre nó eagraíochta idirnáisiúnta a dhíchobhsú go tromchúiseach nó a dhíothú.
Cionta gaolmhara
Rinneadh liosta de chionta sceimhlitheoireachta nach mór do thíortha AE pionós a ghearradh ina leith mar chionta coiriúla, fiú mura ndearnadh an cion sceimhlitheoireachta go héifeachtach, a shíneadh chun iad seo a leanas a chlúdach:
cionta a bhaineann le grúpa sceimhlitheoireachta (i.e. grúpa dá leithéid a stiúradh nó páirt a ghlacadh go feasach ina ghníomhaíochtaí) nuair a dhéantar d’aon ghnó iad; agus
cionta a bhaineann le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta. Áirítear orthu sin:
teachtaireacht a scaipeadh, cibé acu ar líne nó as líne, agus é de rún cion sceimhlitheoireachta a ghríosadh, mar shampla trí ghníomhartha sceimhlitheoireachta a mholadh;
a iarraidh ar dhuine eile cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh nó duine eile a earcú chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh;
oiliúint a chur ar fáil nó a fháil chun críche sceimhlitheoireachta, mar shampla, i ndéanamh nó úsáid pléascán, arm tine nó substaintí guaiseacha;
taisteal laistigh nó lasmuigh de AE nó chuig AE chun críche sceimhlitheoireachta, mar shampla chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí grúpa sceimhlitheoireachta chun ionsaí sceimhlitheoireachta a dhéanamh;
taisteal dá leithéid a eagrú agus a éascú, lena n–áirítear tacaíocht lóistíochta nó ábhartha, amhail ticéid a cheannach nó pleanáil bhealaigh;
cistí a sholáthar nó a bhailiú agus é beartaithe go n–úsáidfear iad nó é ar eolas go mbeifear á n–úsáid chun cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh.
Gnéithe ginearálta
Áirítear orthu sin:
rialacha feabhsaithe:
maidir le cabhrú agus neartú, gríosú agus iarracht a dhéanamh; agus
maidir le dlínse agus ionchúiseamh chun comhsheasmhacht agus cur i bhfeidhm éifeachtach na rialacha ábhartha a áirithiú agus bealaí éalaithe a sheachaint;
an oibleagáid ar thíortha AE:
pionóis agus smachtbhannaí a thabhairt isteach do dhaoine fisiceacha agus d’eintitis dhlíthiúla a bheidh faoi dhliteanas na gcionta, a bheidh ag teacht le tromchúis na gcionta;
bearta a dhéanamh chun rochtain ar inneachar sceimhlitheoireachta ar líne a óstáiltear ar a gcríoch a bhaint láithreach nó a chosc, agus inneachar dá leithéid a óstáiltear lasmuigh dá gcríoch a bhaint; agus
Cuimsítear sa treoir clásail bhreise maidir le réimse seirbhísí chun freastal ar riachtanais speisialta íospartaigh na sceimhlitheoireachta, amhail an ceart ar rochtain láithreach ar sheirbhísí gairmiúla tacaíochta a thairgeann tacaíocht leighis agus shíceolaíoch agus comhairle dhlíthiúil nó phraiticiúil.
Neartaítear léi chomh maith na sásraí práinnfhreagartha chun cuidiú le híospartaigh na sceimhlitheoireachta díreach i ndiaidh ionsaí sceimhlitheoireachta.
Ní mór do thíortha AE a áirithiú go bhfuil rochtain ag íospartaigh na sceimhlitheoireachta a bhfuil ina gcónaí i dtír AE seachas an tír AE ina ndearnadh an cion sceimhlitheoireachta ar na nithe seo a leanas:
faisnéis maidir lena gcearta,
na seirbhísí tacaíochta agus na scéimeanna cúitimh atá ar fáil sa tír ina ndearnadh an cion sceimhlitheoireachta.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá sé i bhfeidhm ón i leith. Bhí sé le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin .
Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB (IO L 88, , lgh. 6-21)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal I — Forálacha coitinne — Airteagal 6 (iar-Airteagal 6 CAE) (IO C 202, , lch. 19)
Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le hionstraimeachtaí agus le fáltais ó choireacht san Aontas Eorpach a reo agus a choigistiú (IO L 127, , lgh. 39-50)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2014/42/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Treoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise agus lena n–ionadaítear Cinneadh Réime 2005/222/CGB ón gComhairle (IO L 218, , lgh. 8-14)
Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle an maidir le malartú faisnéise agus comhar i dtaca le cionta sceimhlitheoireachta (IO L 253, , lgh. 22-24)