Soláthraítear rialacha nós imeachta athbhreithnithe leis an rialachán seo d’údaráis chustaim ionas gur féidir leo cearta maoine intleachtúla (CMI) a fhorfheidhmiú ar earraí ar a ndlitear maoirseacht custam nó rialú custam. Cuirtear in ionad Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 é.
PRÍOMHPHOINTÍ
Clúdaítear earraí leis an rialachán seo sna cásanna a leanas go háirithe:
nuair a dhéantar iad a fhógairt le scaoileadh chun saorchúrsaíochta;
nuair a thagann siad isteach chuig críoch custam an AE nó nuair a imíonn siad amach as;
nuair a chuirtear na hearraí ar fionraí ó imréiteach custam nó nuair atá siad i saorlimistéar nó i dtrádstóras saor1.
Leagtar amach nósanna imeachta leis maidir le feidhmeanna chun a dhearbhú cé acu an ndearnadh nó nach ndearnadh CMI a shárú. Chun críocha an rialacháin, d’fhéadfadh na nithe a leanas a bheith san áireamh le CMI:
trádmharc;
dearadh;
cóipcheart faoi dhlí náisiúnta nó AE;
tásc geografach (amhail Champagne nó liamhás Parma);
paitinn faoi dhlí náisiúnta nó AE; cóipcheart faoi dhlí náisiúnta nó AE;
deimhniú forlíontach cosanta le haghaidh táirgí míochaine;
deimhniú forlíontach cosanta le haghaidh lotnaidicídí;
ceart um chineálacha plandaí faoi dhlí náisiúnta nó AE;
CMI lena ndéantar aireagáin a chosaint faoi dhlí náisiúnta nó AE;
trádainm atá cosanta mar CMI eisiach faoi dhlí náisiúnta nó AE.
Leis an rialachán:
leagtar amach na coinníollacha maidir le gníomhú custam nuair nach bhfuil ach amhras ann go bhfuil CMInna á sárú ag earraí;
leagtar amach bearta atá le glacadh i gcoinne earraí a fuarthas le bheith ag sárú CMInna;
déantar raon na sáruithe CMInna a fhairsingiú atá clúdaithe agus déantar inniúlacht na n–údarás custam a threisiú chun earraí uile a rialú atá faoi mhaoirseacht ag custaim — níl sé sin infheidhme le hearraí neamhthráchtála i mbagáiste pearsanta taistealaithe;
cinntítear go gcuirtear faisnéis ardchaighdeáin ar fáil do chustaim chun measúnú cuimsitheach ar an riosca de shárú CMI a chumasú;
leagtar amach an bunús dlí maidir le bunachar sonraí lárnach le haghaidh feidhmeanna maidir le gníomhú custam agus coinneáil earraí lena sáraítear CMI a thaifeadadh agus le haghaidh faisnéis a mhalartú idir údaráis chustam freisin.
D’fhonn an t-ualach riaracháin a laghdú, déantar na nithe a leanas leis an rialachán:
leagtar amach nós imeachta comhchoiteann le haghaidh cineálacha uile de sháruithe CMI a thagann laistigh de raon feidhme an rialacháin, faoina bhfuiltear in ann earraí a scriosadh gan riachtanas go ndéanann an sealbhóir ceart imeachtaí dlí a thionscnamh, ar an gcoinníoll a leanas:
dearbhaíonn an sealbhóir cearti scríbhinngo bhfuil sé cinnte dearfa de go bhfuil sárú ann agus go n–aontaíonn sé lena scriosadh, agus
ní chuireann an dearbhóir nó sealbhóir na n–earraí i gcoinne an scriosta;
luaitear leis nach bhfuil an nós imeachta maidir le coinsíneachtaí beaga infheidhme ach ar iarratas roimh ré ón iarratasóir amháin agus go bhféadfadh na húdaráis chustaim iarraidh ar an iarratasóir na costais a chlúdach — déantar coinsíneacht bheag a shainiú mar choinsíneacht phoist nó mhearchúiréara, ina bhfuil trí aonad nó níos lú nó ina bhfuil meáchan níos lú ná 2 kg.
Sa bhreis air sin, déantar na nithe a leanas leis an rialachán:
forordaítear go mbíonn dlíthe náisiúnta infheidhme nuair a dhéantar an ceart éisteachta a dheonú do na daoine atá i gceist maidir le coinneáil earraí;
déantar na cásanna a leathnú agus a shoiléiriú ina mbíonn an sealbhóir ceart in ann an fhaisnéis a úsáid arna nochtadh ag custaim tar éis earraí a choinneáil;
áirítear rialacha leis maidir le bailiú sonraí, próiseáil, tréimhsí coinneála sonraí agus leas a bhaint as cearta agus freagrachtaí maidir le reachtaíocht atá ann i dtaca le cosaint sonraí.
CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN RIALACHÁN SEO?
Tá sé infheidhme ón , le heisceachtaí áirithe.
CÚLRA
Baineann fógra ón gCoimisiún leis an bpacáiste um thrádmharcanna a glacadh in 2015.
Cuid 1: cé gur leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle le Rialachán (AE) 2015/2424 (de réir mar atá luaite san fhógra ón gCoimisiún), rinneadh an rialachán deireanach a aisghairm agus a ionadú ina dhiaidh sin ag Rialachán (AE) 2017/1001 — atá ina chódúchán;
Saorlimistéar nó trádstóras saor: limistéar nó trádstóras speisialta laistigh de chríoch custam an AE atá díolmhaithe ó dhleachtanna custaim. Le haghaidh tuilleadh faisnéise, déan seiceáil ar an liosta ábhartha.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le forfheidhmiúchán custam i dtaca le cearta maoine intleachtúla agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 ón gComhairle (IO L 181, , lgh. 15-34)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl sa leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (CE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le trádmharc an Aontais Eorpaigh (códúchán) (IO L 154, , lgh. 1-99)
Fógra ón gCoimisiún maidir le forfheidhmiúchán custam i dtaca le Cearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le hearraí a thógtar isteach i gcríoch custam an Aontais gan iad a scaoileadh chun saorchúrsaíochta lena n-áirítear earraí faoi bhealach (IO C 244, , lgh 4-9)
Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an rialachán ginearálta maidir le cosaint sonraí) (IO L 119, , lgh. 1-88)
Treoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le dlíthe na mBallstát i dtaca le trádmharcanna (athmhúnlú) (IO L 336, , lgh. 1-26)
Rún ón gComhairle an maidir le plean cuimsitheach Eorpach um fhrith-ghóchumadh agus frith-phíoráideacht (IO C 253, , lgh. 1-2)
Treoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla (IO L 157, , lgh. 45-86)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún — Margadh aonair maidir le cearta maoine intleachtúla: cruthaitheacht agus nuáil a threisiú chun fás eacnamaíoch, poist ardchaighdeáin agus táirgí agus seirbhísí den chéad scoth a sholáthar san Eoraip (COM(2011)287 críochnaitheach, )