Inrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach san earnáil phoiblí

 

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2016/2102 maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór do Bhallstáit AE a áirithiú go mbeidh suíomhanna gréasáin agus feidhmchláir mhóibíleacha comhlachtaí san earnáil phoiblí “níos inrochtana”, go háirithe do dhaoine faoi mhíchumas, trína ndéanamh “inbhraite, inoibrithe, intuisceana agus láidir”. Tá an caighdeán inrochtaineachta leagtha amach sa chaighdeán Eorpach comhchuibhithe EN 301 549 v3.2.1 (2021-03). Tá na codanna den chaighdeán sin a bhaineann leis an treoir seo liostaithe in Iarscríbhinn A den chaighdeán.

Ní mór do chomhlachtaí san earnáil phoiblí ráiteas mionsonraithe, cuimsitheach agus soiléir maidir le hinrochtaineacht a sholáthar ar bhonn rialta maidir le conas a chloíonn a suíomhanna gréasáin agus a bhfeidhmchláir mhóibíleacha leis an treoir seo, lena n–áirítear:

Bunaítear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1523, gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh ag an gCoimisiún Eorpach, samhail–ráiteas inrochtaineachta.

Ní mór do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh freisin:

Is féidir leis na Ballstáit reachtaíocht a choimeád nó a achtú a théann níos faide ná íoscheanglais na treorach seo.

Eisiaimh

Níl feidhm ag an treoir seo maidir le craoltóirí na seirbhíse poiblí ná eagraíochtaí neamhrialtasacha nach soláthraíonn seirbhísí atá ríthábhachtach don phobal nó go sainiúil do dhaoine faoi mhíchumas. Sa bhreis air sin, níl sí infheidhme maidir leis na gnéithe inneachair seo a leanas:

Is féidir leis na Ballstáit suíomhanna gréasáin agus feidhmchláir mhóibíleacha de chuid scoileanna, naíscoileanna agus naíolann a eisiamh, ach amháin inneachar a bhaineann le feidhmeanna riaracháin ar líne atá ríthábhachtach.

Faireachán

Ní mór do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh agus an mhodheolaíocht á húsáid arna glacadh ag an gCoimisiún ar an 11 Deireadh Fómhair 2018. Cuimsítear an méid seo a leanas sa mhodheolaíocht, a bunaíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1524:

Tuairisciú

Faoin 23 Nollaig 2021, agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil ina gcuirfear torthaí an fhaireacháin i láthair mar aon le faisnéis maidir le húsáid an nós imeachta forfheidhmithe faoi bhráid an Choimisiúin agus foilseoidh siad í. Clúdófar na nithe seo a leanas leis an gcéad tuarascáil:

Cuirfear inneachar na dtuarascálacha uile ar fáil don phobal i bhformáid inrochtana. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na treorach roimh an 23 Meitheamh 2022.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 22 Nollaig 2016 agus b’éigean dlí a dhéanamh di sna Ballstáit faoin 23 Meán Fómhair 2018. Ní mór do na Ballstáit na bearta sin a chur i bhfeidhm mar a leanas:

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchláir móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, 2.12.2016, lgh. 1-15)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1339 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2048 a mhéid a bhaineann leis an gcaighdeán comhchuibhithe i ndáil le suíomhanna gréasáin agus feidhmchláir mhóibíleacha (IO L 289, 12.8.2021, lgh. 53-55)

Cinneadh (AE) 2018/2048 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2018 a mhéid a bhaineann leis an gcaighdeán comhchuibhithe i ndáil le suíomhanna gréasáin agus feidhmchláir mhóibíleacha a dréachtaíodh mar thaca le Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 327, 21.12.2018, lgh. 84-86)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh (AE) 2018/2048 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1523 ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2018 lena mbunaítear samhail–ráiteas inrochtaineachta de réir Threoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 256, 12.10.2018, lgh. 103-107)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1524 ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2018 lena mbunaítear modheolaíocht faireacháin agus na socruithe maidir le tuairisciú ag na Ballstáit de réir Threoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 256, 12.10.2018, lgh. 108-116)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 27.10.2021