Comhlíonadh rialacha maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí a eascraíonn as úsáid acmhainní géiniteacha agus eolais thraidisiúnta ghaolmhar

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 511/2014 — bearta comhlíontachta d’úsáideoirí acmhainní géiniteacha agus comhroinnt tairbhí a eascraíonn as a n-úsáid

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Baineann an rialachán le comhlíonadh rialacha maidir le rochtain ar acmhainní géiniteacha1 agus ar eolas traidisiúnta2 a bhaineann leis na hacmhainní géiniteacha sin, agus comhroinnt na dtairbhí a eascraíonn as a n-úsáid, de réir mar atá leagtha amach i bPrótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na dTairbhí a eascraíonn as a nÚsáid a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le hÉagsúlacht Bhitheolaíoch.

Is é cuspóir Phrótacal Nagoya maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí (ABS) é comhroinnt chothrom agus chothromasach na dtairbhí a eascraíonn as úsáid acmhainne géinití leis an tír a sholáthair an acmhainn ghéiniteach sin. Ba cheart go gcuirfeadh na tairbhí a ghintear le húsáid inbhuanaithe agus le caomhnú na bithéagsúlachta.

Is é cuspóir foriomlán an rialacháin a chinntiú go ndéanann siad siúd a úsáideann acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta gaolmhar comhbhainteach san Aontas amhlaidh i gcomhréir le reachtaíocht ABS na tíre is soláthraí.

Úsáidtear acmhainní géiniteacha chun críocha neamhthráchtála agus tráchtála i go leor earnálacha mar thaighde eolaíoch, pórú plandaí, cógaisíocht, cosmaidí, an tionscal bia agus beatha agus biteicneolaíocht. Úsáideann ollscoileanna agus cuideachtaí iad chun taighde agus/nó taighde agus forbairt a dhéanamh as a dtiocfaidh tráchtálú táirgí.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá cearta ag tíortha uile (agus tíortha AE san áireamh) ar a n-acmhainní nádúrtha agus tá an t-údarás acu rochtain a dhearbhú ar a n-acmhainní géiniteacha.

Is é an dúshlán atá os comhair na dtíortha is soláthraithe a n-acmhainn ghéiniteach a leanúint nuair a fhágann sí an tír. Is breisluach tábhachtach a bhaineann le Prótacal Nagoya é bearta comhlíontachta a bhunú. Ní mór do thíortha “is úsáideoirí” bearta a ghlacadh chun a chinntiú go ndearnadh acmhainní géiniteacha as a mbaintear úsáid ina dtír a rochtain i gcomhréir le rialacha ABS na tíre is soláthraí (le toiliú feasach roimh ré arna fháil agus téarmaí comhaontaithe go frithpháirteach arna mbunú). Déantar an fhaisnéis sin a aistriú ar ais chuig an tír is soláthraí ansin. Tá na rialacha lena rialaítear a leithéid de bhearta comhlíontachta san áireamh le Rialachán (AE) Uimh. 511/2014.

Is é riachtanas bunúsach an rialacháin dícheall cuí. Ní mór d’úsáideoirí acmhainní géiniteacha tacar faisnéise atá ábhartha d’acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a iarraidh, a choinneáil agus a aistriú go húsáideoirí ina dhiaidh sin. Mura bhfuil faisnéis imleor ag úsáideoirí maidir le dlíthiúlacht rochtana agus úsáide, ba cheart dóibh cead a fháil, téarmaí comhaontaithe go frithpháirteach a bhunú nó úsáid na n-acmhainní a stad.

Tá oibleagáid ar úsáideoirí acmhainní géiniteacha dearbhú um dhícheall cuí a chur isteach. Ní foláir dearbhú um dhícheall cuí a chomhdú ag 2 chéim san Aontas Eorpach:

Ciallaíonn sé sin go bhfuil dhá sheicphointe san Aontas. Aistrítear faisnéis ó na seicphointí sin go Teach Imréitigh ABS (an uirlis TF idirnáisiúnta le haghaidh faisnéis a mhalartú idir na gníomhaithe ábhartha uile, arna bhunú ag Prótacal Nagoya) agus go dtí na tíortha is soláthraithe.

Ní mór d’úsáideoirí faisnéis maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí i leith na hacmhainne a choinneáil le haghaidh 20 bliain tar éis dóibh a húsáid a stad.

Ní mór do gach tír AE údarás amháin ar a laghad a ainmniú le bheith freagrach as an rialachán sin a chur chun feidhme. Faigheann an t-údarás sin na dearbhuithe um dhícheall cuí agus bíonn sé freagrach as seiceálacha a dhéanamh ar úsáideoirí.

Tá 2 uirlis dheonacha ann freisin a thacaíonn le comhlíonadh úsáideoirí, clár na mbailiúchán den Aontas agus clár na ndea-chleachtas faoi théarmaí an rialacháin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá an rialachán i bhfeidhm ón gan roinnt airteagal san áireamh atá i bhfeidhm ón .

CÚLRA

Is é an Coinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht 1993 an príomhchreat idirnáisiúnta maidir le caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta agus comhroinnt chothrom agus chothromasach na dtairbhí a eascraíonn as úsáid acmhainní géiniteacha (féach an achoimre).

Le Prótacal Nagoya, a glacadh i mí Dheireadh Fómhair 2010, déantar forbairt ar rialacha an Choinbhinsiúin maidir le rochtain ar acmhainní géiniteacha agus comhroinnt na dtairbhí airgeadaíocha agus neamhairgeadaíocha a eascraíonn as úsáid acmhainní géiniteacha.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Acmhainn ghéiniteach: cuid linn na ngéinte de speicis nádúrtha agus cheansaithe nó shaothraithe a imríonn ról i go leor earnálacha, mar thaighde eolaíoch, táirgeadh bia, sláinte, cógais, cosmaidí agus taighde comhshaoil bithbhunaithe. Tá ról acu freisin maidir le straitéisí chun éiceachórais dhamáistithe a athchóiriú agus speicis i mbaol a chosaint.
  2. Eolas traidisiúnta: eolas i seilbh pobal dúchasach agus áitiúil.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 511/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an i ndáil le bearta comhlíontachta d’úsáideoirí ó Phrótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach Tairbhí a Eascraíonn as a nÚsáid san Aontas (IO L 150, , lgh. 59-71)

nuashonrú is deireanaí