Dul i ngleic le seachaint cánach corparáidí

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2016/1164 — cosc a chur ar chuideachtaí cáin a sheachaint

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Tugtar isteach léi rialacha chun cosc a chur ar chuideachtaí cáin a sheachaint agus mar sin dul i ngleic leis an bhfadhb maidir le pleanáil ionsaitheach cánach i margadh aonair AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Tá feidhm ag an treoir maidir le gach cáiníocóir a bhfuil cáin chuideachta le híoc acu i dtír AE amháin nó níos mó, lena n–áirítear buanfhorais eintiteas i dtír AE amháin nó níos mó a bhfuil cónaí orthu i dtír neamh-AE chun críche cánach.

Dul i ngleic le creimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis (BEPS)1

Leagtar síos leis an treoir rialacha in aghaidh seachaint cánach i gceithre réimse shonracha chun BEPS a chomhrac:

Treoir Leasaitheach (AE) 2017/952

Toisc nár pléadh ach neamhréireanna hibrideacha2 i dTreoir (AE) 2016/1164 laistigh de AE, glacadh Treoir nua (AE) 2017/952 lenar síneadh an raon feidhme lena áirithiú go gcumhdaítear neamhréireanna hibrideacha le tíortha neamh-AE. Glacann rialacha na treorach sin áit na rialacha maidir le neamhréireachtaí hibrideacha Threoir AE 2016/1164.

Rialacha maidir le neamhréireachtaí hibrideacha: i gcás go mbaineann cáiníocóirí corparáideacha leas as difríochtaí idir córais náisiúnta chánach chun a ndliteanas foriomlán a laghdú, mar shampla trí asbhaint dhúbailte (i.e. asbhaint ar an dá thaobh den teorainn) nó asbhaint as an ioncam ar thaobh amháin den teorainn gan é a chur san áireamh ar an taobh eile. Chun éifeachtaí na socruithe um neamhréireanna hibrideacha a chur ar ceal, leagtar síos sa treoir rialacha lenar ceart do 1 dlínse nó 2 dhlínse i neamhréir asbhaint íocaíochta as a dtagann toradh dá leithéid a shéanadh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm le Treoir (AE) 2016/1164 ón agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin .

Tá feidhm le Treoir Leasaitheach (AE) 2017/952 ón agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin (nó faoin i gcás neamhréireanna hibrideacha).

CÚLRA

Forbraítear leis an treoir an Plean Gníomhaíochta um Chánachas Corparáideach Cothrom agus Éifeachtach agus tá sí mar fhreagairt ar thabhairt i gcrích an tionscadail in aghaidh Chreimeadh an Bhoinn Cánach agus Aistriú Brabúis ón G20 agus ón Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECEF).

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Creimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis (BEPS): straitéisí seachanta cánach lena dtagtar i dtír ar bhearnaí agus neamhréireanna i rialacha cánach chun brabúis a aistriú go saorga go suíomhanna ísealchánach nó suíomhanna gan cháin.
  2. Neamhréir hibrideach: socrú lena dtagtar i dtír ar dhifríochtaí i gcóireáil cánach ionstraimí, cuideachtaí nó aistrithe idir dhá thír nó níos mó.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an lena leagtar síos na rialacha in aghaidh cleachtais seachanta cánach a théann i bhfeidhm go díreach ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh (IO L 193, , Igh. 1-14)

nuashonrú is deireanaí