Faomhtar leis, thar ceann AE, Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair — conradh domhanda a bhfuil sé mar aidhm leis an tsláinte phoiblí agus an comhshaol a chosaint ar éifeachtaí díobhálacha mearcair. Tá an coinbhinsiún cuimsithe san iarscríbhinn leis an gcinneadh.
Le Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair — a tugadh i gcrích faoi choimirce Chlár um Chomhshaol na Náisiún Aontaithe — bunaítear sraith idirnáisiúnta rialacha le haghaidh comhair agus beart chun teorainn a chur le húsáid mearcair agus comhdhúile mearcair. Tá sé mar aidhm leis chomh maith rialú agus laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí antrapaigineacha (i.e. a bhaineann le daoine, nó a bhíonn mar thoradh ar thionchar daoine) mearcair agus comhdhúile mearcair ar an aer, uisce agus talamh.
Cumhdaítear saolré iomlán mearcair faoin gcoinbhinsiún. Cuimsítear airteagal lena dtugtar isteach an méid seo a leanas:
Ghlac AE Rialachán (AE) 2017/852 chun go mbeadh tíortha AE ábalta an coinbhinsiún a chur chun feidhme.
Tá feidhm leis ón 11 Bealtaine 2017.
Aithnítear mearcair mar shubstaint lena dtáirgtear éifeachtaí suntasacha díobhálacha néareolaíochta agus éifeachtaí sláinte eile, agus tá ábhair is imní faoi leith curtha in iúl faoina éifeachtaí díobhálacha ar leanaí sa bhroinn agus ar naíonáin. Bhí iompar domhanda mearcair sa chomhshaol ina phríomhchúis leis an gcinneadh a dhéanamh go raibh gá le gníomhaíocht dhomhanda a dhéanamh chun dul i ngleic leis an bhfadhb maidir le truailliú mearcair.
Shínigh AE Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair i nDeireadh Fómhair 2013 agus tríd sin thiomnaigh sé é féin dá dhaingniú agus dá chur chun feidhme a áirithiú.
Le haghaidh breis faisnéise, féach:
Cinneadh (AE) 2017/939 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2017 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, Choinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair (IO L 142, 2.6.2017, lgh. 4-39)
Cinneadh (AE) 2017/938 ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir le síniú, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, Choinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair (IO L 142, 2.6.2017, lgh. 2-3)
Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le mearcair agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 (IO L 137, 24.5.2017, lgh. 1-21)
Nuashonraithe 05.06.2018