Dlús a chur faoi thrasfhoirmiú digiteach rialtas in AE – plean gníomhaíochta 2016-2020

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach (COM(2016) 179 final) – plean gníomhaíochta ríomhsheirbhísí rialtais AE

Airteagal 197 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)

Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT, NA HAIRTEAGAIL SA CHONRADH AGUS LEIS AN GCAIRT?

Ó 2005 i leith, ghlac an Coimisiún Eorpach le pleananna gníomhaíochta ríomhsheirbhísí Rialtais AE d’fhonn an clár oibre maidir le nuachóiriú na hearnála poiblí a chur chun cinn ar fud AE. Tá sé mar aidhm leo tacú le comhordú, comhoibriú agus gníomhartha comhpháirteacha maidir le ríomhsheirbhísí Rialtais san Eoraip.

Tá sé mar aidhm leis an bplean gníomhaíochta is déanaí tacaíocht a thabhairt do phróisis riaracháin, cáilíocht seirbhíse a fheabhsú agus éifeachtúlacht a mhéadú trí leas iomlán a bhaint as teicneolaíocht dhigiteach. Tá sé mar aidhm aige freisin an t-ualach riaracháin ar ghnóthaí agus ar shaoránaigh a laghdú trí idirghníomhaíochtaí a dhéanamh níos tapúla, níos áisiúla agus níos saoire, agus as sin thiocfadh breis buntáistí eacnamaíocha agus sóisialta don tsochaí trí chéile.

Faoi Airteagal 197 CFAE, féadfaidh AE tacú le hiarrachtaí tíortha AE a gcumas riaracháin a fheabhsú chun dlí AE a chur i bhfeidhm.

Faoi Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, tá sé de cheart ag gach duine:

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuirtear treoir faoin bplean gníomhaíochta leis an bhfís gur cheart go dtarlódh sé faoin mbliain 2020, go mbeadh riaracháin agus institiúidí poiblí in AE oscailte, éifeachtúil agus cuimsitheach, a sholáthródh seirbhísí digiteacha poiblí gan teorainn, a bheadh pearsanta, agus éasca a úsáid do gach saoránach agus gnó.

Úsáidtear cuir chuige nuálacha chun seirbhísí níos fearr a dhearadh agus a sheachadadh a thagann le riachtanais agus éilimh saoránach agus gnóthaí. Baineann riaracháin phoiblí leas as na deiseanna a thagann leis an timpeallacht nua dhigiteach d’fhonn a gcuid idirghníomhaíochtaí a éascú le gach páirtí leasmhar agus lena chéile.

Tá sé mar aidhm leis an bplean gníomhaíochta seo na hiarrachtaí go léir atá ar bun chun fáil réidh le baic dhigiteacha ar an Margadh Aonair Digiteach a thabhairt le chéile. Níl buiséad tiomnaithe leis, ach cabhraíonn leis na hacmhainní atá ar fáil do thíortha AE a chomhordú trí chláir éagsúla AE. Tá tionscnaimh laistigh den phlean bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:

an plean gníomhaíochta 20 pointe eagraithe i 3 cholún, agus tugtar spriocdháta ann le haghaidh gach gnímh atá le cur i gcrích.

Colún I: Riarachán poiblí a nuachóiriú le TFC

Tá sé mar aidhm le gníomhaíochtaí sa cholún seo éifeachtúlacht agus éifeachtacht na riarachán poiblí a fheabhsú, atá fós ríthábhachtach san timpeallacht eacnamaíoch reatha agus i gcomhthéacs na déine buiséadaí, trí phríomhuirlisí digiteacha a úsáid:

1. In 2019: tacú leis an aistriú a dhéanfaidh tíortha AE i dtreo ríomhsholáthar iomlán agus úsáid as cláir chonartha.

2. In 2016: dlús a chur faoi ghlacadh ar lámh seirbhísí eIDAS.

3. In 2018: a chinntiú go mbeidh bonneagar seirbhísí digití inbhuanaithe thar theorainneacha.

4. In 2016-2019: cosc a chur ar leagan athbhreithnithe den Chreat Eorpach Idir-inoibritheachta (CEI) agus tacú leis an nglacadh a bheidh ag tíortha AE leis.

5. In 2017: comhordú ar fhorbairt fréamhshamhaltaithe le haghaidh Catalóg Eorpach de chaighdeáin TFC i gcomhair soláthar poiblí.

6. In 2016-2019: na prionsabail “digiteach mar réamhshocrú” agus “aonuaire” a thabhairt isteach diaidh ar ndiaidh, ríomh-shonrascú agus ríomhsholáthar agus cur chun feidhme féideartha an “phrionsabail gan oidhreacht”.

Colún II: Soghluaisteacht trasteorann a chumasú le seirbhísí poiblí digiteacha

Leis an tagarmharcáil a rinneadh le blianta beaga anuas, taispeántar le ríomhsheirbhísí an Rialtais go bhfuil seirbhísí idir-AE i bhfad ar gcúl seirbhísí náisiúnta agus nach leor infhaighteacht agus caighdeán na seirbhísí atá ar fáil do neamhchónaithigh. D’fhéadfadh staidéar i dtír eile, mar shampla, próisis iarratais ar pháipéar a bheith i gceist leo i gcónaí agus cruinnithe aghaidh ar aghaidh roimh rollú.

Tá sé mar aidhm leis na gníomhaíochtaí sa cholún seo soghluaisteacht agus rochtain ar sheirbhísí poiblí digiteacha a éascú thar theorainneacha do shaoránaigh agus do ghnóthaí in AE comh-inoibritheach:

7. In 2017: togra a chur isteach le haghaidh Tairseach Digiteach Aonair.

8. In 2016: aon ionad faisnéise amháin a dhéanamh den Tairseach Eorpach don Cheartas.

9. In 2017: idirnasc éigeantach ar na cláir ghnó uile i dtíortha AE.

10. In 2019: forbairt bhreise ar idirnasc leictreonach chláir dócmhainneachta.

11. In 2017: tionscnamh a chur i láthair le haghaidh réitigh dihgiteacha ar feadh timthriall cuideachta.

12. In 2016: síneadh a chur leis an Sásra Leictreonach Aonair chun clárú le CBL agus é a íoc.

13. In 2016: treoirthionscnamh a sheoladh maidir leis an bPrionsabal Aonuaire i gcomhair gnó.

14. In 2018: sásra tuairiscithe aonair a bhunú in iompar muirí agus ríomhdhoiciméid iompair a dhigitiú.

15. In 2019: bunú an Mhalartáin Leictreonaigh d’Fhaisnéis Slándála Sóisialta a chur i gcrích.

16. In 2017: forbairt bhreise ar an Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile EURES.

17. In 2016-2018: tacú le tíortha AE ríomhsheirbhísí Sláinte a fhorbairt thar theorainneacha.

Colún III: Idirghníomhaíocht dhigiteach le saoránaigh agus gnóthaí a éascú

Tá sé mar aidhm leis na gníomhaíochtaí sa cholún seo feabhas a chur ar ghlacadh seirbhísí poiblí digití ag saoránaigh agus gnóthaí. Tá sé beartaithe leis sin eispéireas an úsáideora a fheabhsú trí bhíthin, mar shampla, pearsantú, agus urraim a thabhairt do phríobháideacht agus do chosaint sonraí ag an am céanna. D’fhéadfaí é sin a bhaint amach trí úsáideoirí iad féin a chur ag obair ar dhearadh, táirgeadh agus seachadadh seirbhísí poiblí.

I measc na ngníomhaíochtaí is mó a raibh tionchar acu bhí forchéimniú aitheantais leictreonaigh agus seirbhísí iontaoibh (seirbhísí eIDAS), cur chun feidhme an phrionsabail aonuaire agus athúsáid na seirbhíse digití i mbloic thógála bonneagair le haghaidh seirbhísí poiblí trasteorann. Téann roinnt gníomhaíochtaí i ngleic go sonrach le claochlú digiteach an Choimisiúin féin.

I measc na ngníomhaíochtaí sa cholún seo tá:

18. In 2019: measúnú ar chur i bhfeidhm an phrionsabail aonuaire do shaoránaigh thar theorainneacha.

19. In 2016-2020: dlús a chur le húsáid Threoir INSPIRE ar bhonneagar sonraí.

20. In 2018: suíomhanna gréasáin AE a thraisfhoirmiú chun rannpháirtíocht saoránach agus gnóthaí a spreagadh i gcláir agus i mbeartais.

D’fhéadfadh gníomhaíochtaí breise a bheith de dhíth chun na cuspóirí sin a bhaint amach, agus chun dul in oiriúint don timpeallacht teicneolaíochta a athraíonn go tobann.

Bhunaigh an Coimisiún freisin Bord Stiúrtha Phlean Gníomhaíochta ríomhsheirbhísí an Rialtais, inar cuimsíodh ionadaithe thír AE, d’fhonn comhordú a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar mhonatóireacht éifeachtach an Phlean Gníomhaíochta chomh maith le gníomhaíochtaí nua a mheas agus a roghnú.

Cé nach mbeidh a bhuiséad tiomnaithe féin ag an bplean, gheofar maoiniú ina leith ó chláir éagsúla AE. I gcás ina dtagann an maoiniú ó chistí struchtúracha agus infheistíochta AE, tá an maoiniú faoi choinníoll go gcloífidh na tíortha lena mbaineann le nósanna imeachta rialachais eacnamaíocha AE.

CÚLRA

Trí thrasfhoirmiú digiteach an rialtais éascaítear idirghníomhú gnóthaí le riaracháin phoiblí ar fud AE, ionas gur féidir leo féachaint ar mhargaí nua. Laghdaíonn sé an t-ualach riaracháin freisin do shaoránaigh atá ag iarraidh cónaí, oibriú, staidéar a dhéanamh nó dul ar scor i dtír eile AE.

Tá seirbhísí poiblí digiteacha ríthábhachtach chun ualaí riaracháin a laghdú do shaoránaigh agus do ghnóthaí trína gcuid idirghníomhaíochtaí le húdaráis phoiblí a dhéanamh níos tapúla, níos áisiúla agus níos saoire.

Tá sé mar aidhm le Plean Gníomhaíochta ríomhsheirbhísí an Rialtais 2016-2020 dul i ngleic leis na fadhbanna atá ag saoránaigh, gnóthaí agus riaracháin phoiblí trí na cuspóirí straitéiseacha atá leagtha amach sa Straitéis don Mhargadh Digiteach Aonair don Eoraip:

Plean Gníomhaíochta Dinimiciúil

Moladh sa mheastóireacht mheántéarma ar Phlean Gníomhaíochta ríomhsheirbhísí Rialtais 2011-2015 go mbogfadh an Plean Gníomhaíochta reatha ar shiúl ó bheith ina thionscnamh statach 5 bliana, chuig cur chuige níos solúbtha agus níos atriallaí. Tá tacaíocht ag an bPlean Gníomhaíochta ríomhsheirbhísí Rialtais atá ag athrú go dinimiciúil ó ardán teagmhála digití ar a dtugtar eGovernment4EU. Bailíonn sé smaointe nithiúla i gcomhair gníomhaíochta ó gach páirtí leasmhar. In Athbhreithniú Meántéarma 5 ar an Margadh Digiteach Aonair, bhí gníomhaíochtaí nua curtha leis an bPlean Gníomhaíochta cheana féin, ach is féidir gníomhaíochtaí nua a chur leis an bPlean Gníomhaíochta fós féin.

Ag dul thar an bPlean Gníomhaíochta

Léiríonn Dearbhú Aireachta Thaillinn 2017 maidir le ríomhsheirbhísí an Rialtais tiomantas polaitiúil láidir ó thíortha Eorpacha (ó AE agus CSTE) chun dlús breise a chur faoi thrasfhoirmiú digiteach an rialtais i gcomhréir leis na prionsabail sa Phlean Gníomhaíochta ríomhsheirbhísí Rialtais. Cé go n-aithníonn sé ról Phlean Gníomhaíochta ríomhsheirbhísí Rialtais 2016 de chuid AE sa trasfhoirmiú sin, iarrtar ann go leagfaí síos an bunús i gcomhair éabhlóid dhigiteach bhreise agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha níos faide ná 2020 trí dhigitiú a scaipeadh amach thar gach réimse beartais agus a áirithiú go ndíreofar ar úsáideoirí deiridh sna seirbhísí.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh – Cuid a trí – Teideal XXIV – Comhar riaracháin – Airteagal 197 (IO C 202, 7.6.2016, lch 136)

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Teideal V – Cearta saoránach – Airteagal 41 An ceart maidir le dea-riarachán (IO C 202, 7.6.2016, lch 401-402)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Plean Gníomhaíochta ríomhsheirbhísí Rialtais AE 2016-2020 – Dlús a chur faoi thrasfhoirmiú digiteach an rialtais (COM(2016) 179 final, 19.4.2016)

Nuashonraithe 03.04.2018