Tá an Conradh ar an Aontas Eorpach (CAE) ar cheann de phríomhchonarthaí AE, mar aon leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Tá sé mar bhunús le dlí AE, trí chuspóir AE, rialachas a institiúidí lárnacha, a leagan amach.
Tá CAE bunaithe ar Chonradh Maastricht lenar sonraíodh céim nua den lánpháirtiú Eorpach trí dhul níos faide ná an bunchuspóir eacnamaíoch (cómhargadh). Réitíodh an bealach leis do lánpháirtiú polaitiúil le haistriú ó Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) go dtí an tAontas Eorpach (AE).
Tugadh isteach líon athruithe suntasacha le Conradh Maastricht ar struchtúir, ar institiúidí agus ar chinnteoireacht, ar réimsí beartais agus ar raon feidhme an Aontais Eorpaigh nua sin.
Forbairt ghné shóisialta an Chomhphobail Eorpaigh leis an bPrótacal Sóisialta i gceangal leis an gConradh lena leathnaítear cumhachtaí an Choimisiúin sa réimse sóisialta.
Bunú phrionsabal na coimhdeachta agus phrionsabal na comhréireachta, lena n–áirithiú go mbeidh cinntí chomh bainteach agus is féidir leis an saoránach agus go mbeidh siad teoranta don mhéid is gá chun na cuspóirí a bhaint amach.
Tabhairt isteach choincheap shaoránacht AE de bhreis agus de bharr ar an tsaoránacht náisiúnta.
Leasuithe a rinneadh ar an gConradh
Rinneadh Conradh Maastricht a leasú ina dhiaidh sin leis na conarthaí seo a leanas:
Le Conradh Amstardam (1997) méadaíodh cumhachtaí AE trí bheartas fostaíochta Comhphobail a chruthú, trí roinnt de na réimsí a bhí faoi réir comhar idir-rialtais sna réimsí ceartais agus gnóthaí baile a aistriú chuig na comhphobail, trí bhearta a thabhairt isteach ina ndírítear ar AE a thabhairt níos gaire dá shaoránaigh agus trí chomhar níos dlúithe idir tíortha áirithe AE a éascú (comhar feabhsaithe). Leathnaíodh leis chomh maith nós imeachta na comhchinnteoireachta agus an vótáil trí thromlach cáilithe agus rinneadh airteagail na gConarthaí a shimpliú agus a athuimhriú leis.
Le Conradh Nice (2001) déileáladh go bunúsach leis na fadhbanna institiúideacha a bhain le méadú nár réitíodh in 1997: comhdhéanamh an Choimisiúin, ualú na vótaí sa Chomhairle agus leathnú na réimsí um vótáil trí thromlach cáilithe. Rinneadh na rialacha um nós imeachta maidir le comhar feabhsaithe a shimpliú leis agus rinneadh an córas breithiúnach níos éifeachtaí leis.
Rinneadh athchóirithe móra le Conradh Liospóin (2007). Cuireadh deireadh leis an gComhphobal Eorpach leis — rinneadh an Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach a athainmniú mar an “Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh”. Cuireadh deireadh le struchtúr 3 cholún AE roimhe seo leis agus leithdháileadh inniúlachtaí idir AE agus tíortha AE leis. Rinneadh an dóigh a bhfeidhmíonn institiúidí AE agus an próiseas cinnteoireachta a athbhreithniú chomh maith, chun oiriúnú do AE méadaithe de 28 tír AE. Rinneadh athchóiriú chomh maith ar líon bheartais inmheánacha agus sheachtracha AE agus cuireadh ar chumas na n–institiúidí gníomhú i réimsí beartais nua. Neartaíodh gné dhaonlathach AE tuilleadh leis.
I ndiaidh 1992, leasaíodh an CAE leis na conarthaí aontachais éagsúla, lenar méadaíodh líon thíortha AE ó 12 go 28 de réir a chéile.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME LEAGAN NUA AN CHONARTHA?
Arna shíniú an , tháinig Conradh Liospóin — ina gcuimsítear an CAE agus an CFAE — i bhfeidhm an .
CÚLRA
Tá an Conradh ar an Aontas Eorpach (CAE) bunaithe ar Chonradh Maastricht, síníodh é an , agus tagann a leagan reatha, i ndiaidh leasuithe éagsúla, ó Chonradh Liospóin (2007).