Comhrialacha d’allmhairí ó thíortha neamh-AE áirithe
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) 2015/755 — maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
- Leagtar amach ann comhrialacha maidir le bearta cosanta a chur i bhfeidhm ar allmhairí ó thíortha neamh-AE áirithe a bhféadfadh díobháil thromchúiseach nó bagairt díobhálacha tromchúisí* ar tháirgeoirí AE bheith mar thoradh orthu, agus maidir le faireachas ar na hallmhairí sin.
- Tá na rialacha maidir le táirgí ó chúig thír éagsúil ó chomhrialacha ginearálta AE maidir le hallmhairí agus ó na rialacha atá leagtha amach le haghaidh táirgí teicstíle ó thíortha neamh-AE áirithe faoi Rialachán (AE) 2015/936.
PRÍOMHPHOINTÍ
Raon feidhme
- Tá feidhm aige maidir le táirgí ó na tíortha seo a leanas:
- An Asarbaiseáin,
- An Bhealarúis,
- An Chóiré Thuaidh,
- An Tuircméanastáin,
- An Úisbéiceastáin.
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/749 ón gCoimisiún, baintear an Chasacstáin ón liosta i ndiaidh a haontachais leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála.
Nósanna imeachta imscrúdaithe AE
- Ní mór do thíortha AE a chur in iúl don Choimisiún Eorpach má tá an chuma air de réir treochtaí in allmhairí go dteastaíonn faireachas nó bearta cosanta a dhéanamh*.
- Féachtar in imscrúdú de chuid an Choimisiúin lena dhearbhú an bhfuil nó nach bhfuil díobháil thromchúiseach á déanamh ag allmhairí táirge (nó an bhféadfaidís díobháil thromchúiseach a dhéanamh) do tháirgeoirí AE lena mbaineann.
- Ní mór imscrúdú a chur i gcrích i 9 mí de ghnáth ach, i gcásanna áirithe, d’fhéadfaí é a shíneadh go 11 mhí.
- Déantar scrúdú ann ar an méid seo a leanas:
- an treocht maidir le hallmhairí;
- na dálaí ina gcuirtear i gcrích iad;
- cibé an ndéanfar díobháil thromchúiseach nó an bhféadfadh sé go ndéanfaí díobháil thromchúiseach do tháirgeoirí AE mar thoradh ar allmhairí dá leithéid.
- Breithnítear tosca éagsúla ann , lena n-áirítear:
- méid na n-allmhairí;
- praghas na n-allmhairí;
- an tionchar ina dhiaidh sin ar tháirgeoirí AE de tháirgí comhchosúla nó dír-iomaíocha.
- Má thaispeántar san imscrúdú go bhfuil an oiread méadaithe tagtha ar tháirgí go ndéanann siad díobháil thromchúiseach (nó go bhféadfaidís díobháil thromchúiseach a dhéanamh) do tháirgeoirí AE, féadfaidh an Coimisiún bearta cosanta a fhorchur.
Bearta cosanta
- D’fhéadfadh srian ar allmhairí an táirge lena mbaineann bheith mar thoradh ar imscrúdú AE.
- Theastódh údarú ar allmhairiú le haghaidh allmhairí faoi réir na rialacha agus na dteorainneacha arna leagan amach ag an gCoimisiún.
- Féadfar na bearta a theorannú do réigiún AE amháin nó níos mó ach ní mór dóibh a bheith ina mbearta sealadacha agus nach rachadh siad i gcion go míchuí ar oibriú an mhargaidh aonair.
Bearta faireachais
- D’fhéadfadh réamhfhaireachas nó faireachas cúlghabhálach AE ar tháirge a bheith mar thoradh ar an imscrúdú.
- Is éard is faireachas ann ceadúnú allmhairiúcháin uathoibríoch thar thréimhse ama. Ní chuirtear srian ar allmhairí go cúlghabhálach nó roimhe ré leis.
- D’fhéadfaí táirgí ar a ndearnadh réamhfhaireachas a chur i saorchúrsaíocht, ach i ndiaidh doiciméad faireachais allmhairiúcháin arna fhormhuiniú ag údarás inniúil arna ainmniú ag tír AE agus atá bailí ar fud AE a thabhairt amháin.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 8 Meitheamh 2015.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Díobháil thromchúiseach: bearnú suntasach foriomlán i staid tháirgeoirí AE.
Bearta cosanta: tá siad sin beartaithe do chásanna ina ndeachaigh méadú géar agus tobann le déanaí i gcion ar thionscal de chuid AE, i ngeall ar fhorbairtí gan choinne. Ceaptar iad chun tréimhse shealadach a thabhairt do thionscal leis féin a athstruchtúrú.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lgh. 33-49)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2015/755 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lgh. 16-33)
Rialachán (AE) 2015/936 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2015 maidir le rialacha comhchoiteanna i dtaca le hallmhairiú táirgí teicstíle ó thríú tíortha áirithe nach dtagann faoi chomhaontuithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná faoi rialacha sonracha eile an Aontais i dtaca le hallmhairiú (IO L 160, 25.6.2015, lgh. 1-54)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 24.10.2017