Leagtar amach leis an rialachán rialacha comhchoiteanna maidir le rialuithe oifigiúla an Aontais Eorpaigh (AE) lena áirithiú go ndéanfar reachtaíocht maidir leis an slabhra agraibhia maidir le cosaint shláinte an duine, sláinte agus leas ainmhithe, agus sláinte plandaí a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú i gceart.
Tugtar isteach leis an rialachán córas níos comhchuibhithe agus níos comhtháite um rialuithe oifigiúla agus bearta forfheidhmiúcháin feadh an tslabhra agraibhia, agus neartaítear leis prionsabal na rialuithe rioscabhunaithe.
PRÍOMHPHOINTÍ
Slabhra agraibhia
Cuimsítear sa rialachán rialacha maidir le rialuithe oifigiúla a dhéantar ar na gnólachtaí bia agus beatha uile, idir tháirgeoirí príomhúla agus miondíoltóirí agus lónadóirí, lena n–áirítear póraitheoirí, saothraithe agus trádálaithe plandaí agus ainmhithe.
Raon feidhme
Clúdaítear sa rialachán rialuithe oifigiúla a dhéanann údaráis náisiúnta forfheidhmithe d’fhonn comhlíonadh a dhearbhú maidir le rialacha an tslabhra agraibhia i ndáil le:
bia agus sábháilteacht bia, sláine agus folláine bia ag céim ar bith den phróiseas táirgthe, próiseála agus leithdháilte;
úsáid orgánach géinmhodhnaithe chun críocha bia agus beatha a tháirgeadh;
beatha agus sábháilteacht beatha ag céim ar bith den phróiseas táirgthe, próiseála agus leithdháilte;
sláinte agus leas ainmhithe;
táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha.
Clúdaítear sa rialachán freisin allmhairiú ainmhithe agus earraí áirithe ó:
lasmuigh de AE nach mór iad a sheiceáil ag poist rialaithe teorann AE;
earraí a dhíoltar tríd an idirlíon.
Cumhdaítear sa rialachán freisin rialuithe oifigiúla maidir le comhlíonadh ainmhithe agus táirgí allmhairithe de bhunadh ainmhíoch a sheiceáil i ndáil le rialacha áirithe maidir le cógais tréidliachta a úsáid.
Córas rioscabhunaithe
Leagtar amach leis córas rialaithe rioscabhunaithe ionas go ndéanfaidh na húdaráis náisiúnta forfheidhmithe rialuithe oifigiúla san áit is mó a bhfuil gá leo.
De ghnáth, d’fhonn a n–éifeachtacht a áirithiú, ní dhéanfar na rialuithe sin a fhógairt.
Leas ainmhithe
Tá feidhm ag rialuithe oifigiúla maidir le rialacha leasa ainmhithe, lena n-áirítear le linn iompair, maraithe agus feirmeoireachta.
Féadfaidh an Coimisiún Eorpach reachtaíocht a ghlacadh chun rialacha um rialú oifigiúil a choigeartú d’fhonn freastal ar riachtanais shonracha leasa ainmhithe.
Beidh ionaid tagartha AE ann do leas ainmhithe a dhéanfaidh an méid seo a leanas:
cuidiú le Ballstáit AE lena rialuithe oifigiúla trí na nithe seo a leanas:
staidéir eolaíochta agus teicniúla a dhéanamh,
cúrsaí oiliúna a dhéanamh,
torthaí taighde agus eolas faoi nuálaíochtaí teicniúla a chomhroinnt;
saineolas eolaíoch agus teicniúil maidir le modhanna chun leas ainmhithe a mheas agus a fheabhsú a sholáthar.
Comhar idir na Ballstáit
Déantar rialacha maidir le comhar agus cúnamh riaracháin idir na Ballstáit a shoiléiriú agus a neartú.
Ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar faisnéis a mhalartú idir údaráis náisiúnta agus údaráis forfheidhmithe eile, ionchúisitheoirí poiblí agus údaráis bhreithiúnacha maidir le cásanna féideartha um neamhchomhlíonadh.
Le córas bainistíochta comhtháite le haghaidh rialuithe oifigiúla déanfar na ríomhchórais uile atá (agus a bheidh) á mbainistiú ag an gCoimisiún a chomhtháthú.
Trédhearcacht
Ní mór d’údaráis áitiúla tuarascálacha bliantúla a fhoilsiú.
Maoiniú
Le rialacha le haghaidh táillí ar rialuithe oifigiúla a ríomh, áiritheofar go ndéanfaidh na Ballstáit a gcórais rialaithe a mhaoiniú i gceart agus nach sáróidh na táillí an costas chun rialuithe oifigiúla a fheidhmiú.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón le haghaidh fhormhór na n–airteagal sa rialachán amhail na cinn sin a bhaineann lena raon feidhme, sainmhínithe, rialacha d’údaráis inniúla, rialuithe oifigiúla a mhaoiniú agus gníomhartha forfheidhmithe na n–údarás inniúil.
Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/EEC, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (rialachán maidir le rialuithe oifigiúla)T (IO L 95, , lgh. 1-142).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 2017/625 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún an lena leagtar síos na liostaí de na tríú tíortha nó de na réigiúin iontu dá dtugtar údarás chun ainmhithe agus earraí áirithe atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine a thabhairt isteach san Aontas Eorpach de réir Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, , lgh. 118-150).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 an maidir le bearta sealadacha chun rioscaí do shláinte an duine, ainmhithe agus plandaí agus do leas ainmhithe a shrianadh le linn bristeacha tromchúiseacha i gcórais rialaithe na mBallstát de bharr ghalar an choróinvíris (COVID-19) (IO L 98, , lgh. 30-33).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1014 ón gCoimisiún an chun rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na híoscheanglais i ndáil le poist rialaithe teorann, lena n-áirítear ionaid chigireachta, agus an fhormáid, na catagóirí agus na giorrúcháin atá le húsáid chun poist rialaithe teorann agus pointí rialaithe a liostú (IO L 165, , lgh. 10-22).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1012 ón gCoimisiún an lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mhaolú ó na rialacha maidir le hainmniú pointí rialaithe agus ó na híoscheanglais maidir le poist rialaithe teorann (IO L 165, , lgh. 4-7).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1081 ón gCoimisiún an lena mbunaítear rialacha maidir le ceanglais shonracha oiliúna do bhaill foirne chun seiceálacha fisiciúla áirithe a dhéanamh ag poist rialaithe teorann (IO L 171, , lgh. 1-4).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 ón gCoimisiún an i ndáil le rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar tháirgeadh feola agus maidir le limistéir táirgthe agus athsheachadta do mhoilisc dhébhlaoscacha bheo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 131, , lgh. 1-17).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/631 ón gCoimisiún an lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí shaotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh le haghaidh lotnaidí plandaí a bhunú (IO L 105, , lgh. 1-2).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/329 ón gCoimisiún an lena n-ainmnítear Lárionad an Aontais Eorpaigh le haghaidh Leas Ainmhithe (IO L 63, , lgh. 13-14).
Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le galair ainmhithe in-tarchurtha agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, , lgh. 1-208).
Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí, lena leasaítear Treoracha 98/56/CE, 2000/29/CE agus 2008/90/CE ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 178/2002, (CE) Uimh. 882/2004 agus (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 66/399/CCE, 76/894/CCE agus 2009/470/CE ón gComhairle (IO L 189, , lgh. 1-32).
Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, , lgh. 1-29).
Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, , lgh. 1-50).
Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le Seachtháirgí Ainmhithe) (IO L 300, , lgh. 1-33).
Treoir 2007/43/CE ón gComhairle an lena leagtar síos rialacha íosta chun sicíní a choimeádtar chun críocha táirgeadh feola a chosaint (IO L 182, , lgh. 19-28).
Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le huasleibhéil iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha nó ar bhia nó ar bheatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, , lgh. 1-16).
Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle an maidir le hainmhithe a chosaint le linn iompair agus oibríochtaí gaolmhara agus lena leasaítear Treoir 64/432/CEE, Treoir 93/119/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 (IO L 3, , lgh. 1-44).