Caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta — straitéis AE

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht Chompháirtíochta (JOIN (2016)29críochnaitheach) — straitéis maidir le comhar cultúrtha idináisiúnta

Airteagal 6 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)

CÉARD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT AGUS LE HAIRTEAGAL 6 DE CFAE?

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní bhaineann an cultúr leis na healaíona ná an litríocht amháin. Clúdaítear leis réimse fairsing gníomhaíochtaí, ó idirphlé idirchultúrtha1 go turasóireacht, ó oideachas agus taighde a bhaineann leis na tionscail chruthaitheacha, ó oidhreacht a chosaint go teicneolaíochtaí nua a chur chun cinn, agus ó cheardaíocht go comhar um fhorbairt.

Tá ról tábhachtach aige chomh maith i mbeartas eachtrach AE agus cuirtear comhar cultúrtha in aghaidh steiréirtíopa agus claontachta, agus is féidir coinbhleachtaí a sheachaint agus réiteach a chothú de thoradh ar idirphlé. Cabhraítear le glacadh le dúshláin ar fud an domhain amhail dídeanaithe a lánpháirtiú, dul i ngleic le radacú foréigneach agus oidhreacht chultúrtha an domhain a chosaint.

Is féidir úsáid a bhaint as an gcultúr chomh maith mar uirlis, chun buntáistí tábhachtacha sóisialta agus eacnamaíocha a chur chun cinn, amhail rannpháirtíocht an saoránaigh agus ioncaim ó thurasóireacht, laistigh agus lasmuigh de AE araon.

Baintear leas sa straitéis as teachtaireachtaí roimhe seo a dtugtar cothrom le dáta maidir le cultúr agus caidreamh idirnáisiúnta AE agus ról an chultúr i gcomhar AE um fhorbairt, agus dírítear inti ar chomhar cultúrtha a neartú i 3 phríomhréimse:

Cuimsítear le comhar AE um chultúr thíortha AE agus thíortha i mbéal forbartha agus is féidir an comhar a fheabhsú trí na nithe seo a leanas:

Is féidir an straitéis chultúrtha seo a chur chun cinn trí úsáid a bhaint as acmhainní atá ann cheana, amhail:

CÚLRA

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Idirphlé idirchultúrtha: malartú smaointí, dearcthaí agus tuairimí idir cultúir éagsúla.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht Chomhpháirtíochta chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle idtreo straitéis AE maidir le caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta (JOIN(2016) 29 críochnaitheach, )

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a hAon — Prionsabail — Teideal I — Catagóirí agus réimsí inniúlachta an Aontais — Airteagal 6 (IO C 202, , lgh. 52-53)

nuashonrú is deireanaí