Treoirlínte AE d’fhorbairt an ghréasáin iompair thras-Eorpaigh
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 maidir le treoirlínte d’fhorbairt an ghréasáin iompair thras-Eorpaigh
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Maidir leis an rialachán:
- leagtar amach leis treoirlínte chun gréasán iompair tras-Eorpach (TEN-T) a bhunú, lena chuimsítear an gréasán cuimsitheach agus an croíghréasán, agus an croíghréasán á bhunú ar bhonn an ghréasáin chuimsithí;
- sainaithnítear leis tionscadail leasa choitinn agus sonraítear leis na riachtanais le comhlíonadh sa bhainistiú ar an mbonneagar TEN-T;
- leagtar síos leis rialacha maidir le bearta maidir le cur chun feidhme an TEN-T — le tionscadail leasa choitinn a chur i bhfeidhm táthar ag brath ar mhéid a aibíochta, comhlíonadh le nósanna imeachta dlí an Aontais Eorpaigh (AE) agus naisiúnta, agus infhaighteacht acmhainní airgeadais, gan réamhbhreith a thabhairt ar an tiomantas airgeadais ó Bhallstát AE nó ón AE;
- Rinneadh leasú ar na hiarscríbhinní leis an rialachán roinnt uaire trí bhithin achtanna tarmligthe glactha ag an gCoimisiún Eorpach.
PRÍOMHPHOINTÍ
Leis na treoirlínte:
- leagtar síos straitéis fhadtéarmach d’fhorbairt ar TEN-T lena chuimsítear bonneagar d’iarnróid, iompar muirí agus aeir, bóithre, uiscebhealaí intíre agus críochfoirt iarnróid;
- cuimsítear na caighdeáin theicniúla, chomh maith leis na riachtanais d’idir-inoibritheacht bonneagar;
- sainmhínítear tosaíochtaí d’fhorbairt an TEN-T.
Tagann an rialachán in ionad treoirlínte a comhaontaíodh ar dtús i 1996 agus tugtar isteach leis gréasán ina bhfuil struchtúr déchiseal a chuimsíonn gréasán cuimsitheach agus croíghréasán. Is é an aidhm an croíghréasán a chur i gcrích faoi 2030 agus tá 2050 leagtha síos mar an sprioc-am ceangailteach don ghréasán cuimsitheach.
Croíghréasáin agus gréasáin chuimsitheacha iompair
- Áireofar leis an ngréasán cuimsitheach inrochtaineacht agus nascacht do gach réigiún san Aontas Eorpach.
- Is é a bheidh i gceist leis an gcroíghréasán na codanna sin den ghréasán cuimsitheach a bhfuil an tábhacht straitéiseach is mó ag baint leo chun spriocanna forbartha TEN-T a bhaint amach, lena ndéantar nasc idir na nóid uirbeacha agus na nóid eile is tábhachtaí (e.g. calafoirt, aerfoirt agus pointí trasnaithe teorann).
- Áireofar leis an dá chuid den ghréasán gach modh iompair agus a n-idirnaisc.
Forbairt an ghréasáin
- Leis na treoirlínte ceadaítear tionscadail a mbaineann leas coiteann Eorpach leo a shainmhíniú chun an gréasán a fhorbairt.
- Cruthófar leis na tionscadail sin bonneagar nua iompar agus déanfar uasghrádú ar an mbonneagar iompar atá ann cheana féin.
- Beidh bearta eile ann chun úsáid thíosach ar acmhainní an ghréasáin a chur chun cinn.
- Tá maoiniú AE ar fáil do na tionscadail seo faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, faoi Rialachán (AE) 2021/1153 (féach achoimre).
Samplaí de na cineálacha fadhbanna a bhfuiltear ag dul i ngleic leo
Is é an aidhm atá leis na treoirlínte dul i ngleic le na fadhbanna a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
- naisc atá ar iarraidh, ag stáisiúin trasteorann go háirithe;
- neamhréireachtaí bonneagair idir na Ballstáit agus laistigh díobh;
- naisc ilmhódacha neamhleora (naisc idir cineálacha éagsúla iompair);
- leibhéil ró-ard astaíochtaí gás ceaptha teasa ó iompar agus idir--inoibritheacht neamhdhóthanach(comhoiriúnacht na gcóras éagsúil a bhaineann le cúrsaí iompair).
Iarscríbhinní
Déantar an rialachán a chomhlánú le trí iarscríbhinn.
- Iarscríbhinn I. Léarscáileanna de na gréasáin chuimsitheacha agus na croíghréasáin.
- Iarscríbhinn II. Liosta de nóid na gcroíghréasán agus na ngréasán cuimsitheach.
- Iarscríbhinn III. Léarscáileanna táscacha den TEN-T leathnaithe chuig tíortha cóngaracha ar leith.
Achtanna tarmligthe lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013
- Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 473/2014 déantar forlíonadh ar Iarscríbhinn III le léarscáileanna táscacha nua mar thoradh ar chomhaontú ardleibhéil idir an AE agus tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir (An Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an tSeoirsia, an Mholdóiv agus an Úcráin), lena gcuimsítear línte na ngréasán iarnróid agus bóithre, chomh maith le calafoirt, aerfoirt agus críochfoirt iarnróid.
- Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/758 déantar Iarscríbhinn III a leasú i dtaca le:
- comhaontú ardleibhéil idir an Aontas Eorpach agus tíortha iarthar na mBalcán (an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv (*1), Montainéagró, Macadóine Thuaidh agus an tSeirbia) — baineann an comhaontú le línte na ngréasán iarnróid agus bóithre, chomh maith le calafoirt agus aerfoirt;
- comhaontú ardleibhéil idir an Aontas Eorpach agus an Íoslainn agus an Iorua, ag cur san áireamh líon teoranta de leasuithe ar na léarscáileanna bóithre, calafoirt agus aerfoirt chun léiriú níos cruinne a thabhairt ar ailíniú an TEN-T táscaigh, de réir na modheolaíochta TEN-T.
- Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/849 leasaítear na léarscáileanna in Iarscríbhinn I agus an liosta in Iarscríbhinn II mar léiriú:
- ar an ngá leis na hardáin lóistíochta, críochfoirt iarnróid, calafoirt intíre, calafoirt muirí agus aerfoirt a sáraíonn an meán 2 bhliain is déanaí de thoirt tráchta ina leith an tairseach ábhartha a chur san áireamh sa ghréasán cuimsitheach;
- ar dhul chun cinn i gcur chun críche an ghréasáin, rud a d’éiligh go ndéanfaí leasú ar na léarscáileanna do bhonneagar bóithre, iarnróid agus uiscebhealaí intíre.
- Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/254 déantar cuíchóiriú ar léarscáileanna táscacha an ghréasáin chuimsithigh, agus go háirithe an croíghréasán táscach in Iarscríbhinn III, le cur ar chumas an Aontais Eorpaigh a chomhoibriú le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir lena mbaineann a spriocdhíriú níos fearr.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 21 Nollaig 2013.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) Uimh 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras–Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n–aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lgh. 1-128)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) Uimh. 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 (IO L 249, 14.7.2021, lgh. 38-81)
Nuashonraithe 06.09.2021