An Crios Gorm: Limistéar Iompair Aonair le haghaidh Loingseoireacht AE

Is í an aidhm atá le foirmiúlachtaí custaim níos simplí d'earraí a sheoltar laistigh den AE agus d'earraí ag dul trí chalafoirt nach chuid den AE iad ná an earnáil loingseoireachta a neartú.

ACHT

Cumarsáid ón gCoimisiún: An Crios Gorm, Limistéar Iompair Aonair le haghaidh Loingseoireachta [COM(2013)510 deiridh an 8.7.2013 - níor foilsíodh san Iris Oifigiúil é].

ACHOIMRE

Iompraíonn longa 75 % de thrádáil eachtrach agus 37 % de thrádáil inmheánach an AE. Le hais modhanna iompair eile, tá costais níos lú agus níos lú tionchair ar an timpeallacht ag baint le loingseoireacht. Ach tá laincis ag loingseoireacht AE: nuair a fhágann longa uiscí teorann Ballstáit (thart ar 22 km ón gcósta) feictear orthu go bhfuil siad tar éis an AE a fhágáil, agus mar sin, tar éis Críoch Chustaim AE a fhágáil. Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh earraí dul trí fhoirmiúlachtaí custaim ag imeacht ó agus ag filleadh go calafoirt an AE, a bhfuil costais agus moilleanna mar thoradh air.

Simpliú

Faoin bpacáiste Crios Gorm mar a ghlaoitear air, a bhfuil sé mar aidhm aige costais a laghdú agus trádáil a dhéanamh níos easca trí fhoirmiúlachtaí custaim d'earraí a iompraítear ar longa a shimpliú, tá an staid ag athrú. Ag cur an riachtanas tomhaltóirí agus cuideachtaí a chosaint ó tháirgí neamhdhleathacha ag teacht isteach san AE san áireamh, clúdaítear sa phacáiste seoladh earraí idir calafoirt anAEchalafoirt nach gcuid den AE iad ar a mbealach idir calafoirt AE agus ar shoithí a thugann cuairte archalafoirt nach gcuid den AE iad ar a mbealach idir calafoirt AE (mar shampla, d'fhéadfadh long ón gCipir ag dul go Calais lastas a leagadh síos nó a bhailiú ag calafoirt nach gcuid den AE iad, mar shampla, an Túinis).

Loingseoireacht earraí AE idir calafoirt AE

Cuireadh scéim sheoladh tráthrialta shimplithe a bhaineann le longa ag seoladh earraí AE cheana a thagann isteach ar bhonn rialta do chalafoirt AE amháin i bhfeidhm ar an 1 Márta 2014. Ceadaíonn sé earraí a stádas AE a choimeád fiú agus iad ag fágáil uiscí teorann an AE ar a dturas idir calafoirt Ballstát. Faightear an stádas seo in ndiaidh éilimh, agus tá sé srianta do longa ag feidhmiú idir calafoirt Bhallstát anAE . Laghdaítear an próiséas iarratais ó 45 go 15 lá agus rinneadh an nós imeachta chun calafoirt nua a chur leis an tseirbhís níos solúbtha.

Loingseoireacht earraí AE agus earraí nach bhfuil ón AE idir calafoirt AE, agus iad ag taisteal trí chalafoirt nachgcuid den AE iad

Os rud é go mbíonn lastas measctha ag formhór an trácht soithí, cuirfear deimhniú lastais leictreonach - eManifest - i bhfeidhm chun idirdhealú idir earraí AE agus earraí idirnáisiúnta (.i. earraí neamh-AE). Beidh dearbháil níos éifeachtúla ann mar thoradh ar seo: scaoilfí earraí AE go tapaidh, agus chuirfí earraí neamh-AE faoi réir nós imeachtaí custaim.

Comhlánaíonn moltaí an Chrios Ghoirme Athbhreithniú Polasaí Chalafoirt an AE, a glacadh i mBealtaine 2013, a lorgaíonn iomaíochas calafort a mhéadú agus a n-acmhainneacht fáis a spreagadh.

ACHTANNA GAOLMHARA

An Coimisiún ag Cur Chun Feidhme Rialacháin (AE) Uimh. 1099/2013 lena leasaíonn Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 lena leagtar síos forálacha maidir le cur chun feidhme Rialacháin Chomhairle (CEE) Uimh. 2913/92 ag bunú Cód Custaim an Chomhphobail (feabhsú ar ghnáth-sheirbhisí loingseoireachta) [Iris Oifigiúil L 294 an 6.11.2013].

Nuashonrú is déanaí: 13.05.2014