Is é is aidhm do Threoir 2012/34/AE na rialacha dlíthiúla is infheidhme maidir le hearnáil iarnróid an Aontais Eorpaigh (AE) a shoiléiriú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
cáilíocht a feabhsú trí iomaíocht a spreagadh;
maoirseacht ar an margadh a neartú; agus
coinníollacha infheistíochta a fheabhsú.
Leis an treoir comhcheanglaítear agus aisghairtear na trí threoir ón gcéad phacáiste iarnróid. Baineann na treoracha leis an méid seo a leanas:
cuideachtaí iarnróid a cheadúnú (Treoir 2001/13/CE); agus
bainistíocht an bhonneagair iarnróid (Treoir 2001/14/CE).
Le Treoir (AE) 2016/2370 leasaítear Treoir 2012/34/AE maidir leis an margadh le haghaidh seirbhísí intíre iompair do phaisinéirí d’iarnród a oscailt agus maidir le rialachas an bhonneagair iarnróid.
PRÍOMHPHOINTÍ
Caighdeán feabhsaithe trí iomaíocht
Treoir 2012/34/AE:
éascaítear léi níos mó trédhearcachta maidir le coinníollacha na rochtana ar an margadh iarnróid;
feabhsaítear léi an rochtain atá ag oibreoirí ar sheirbhísí a bhaineann leis an iarnród amhail:
Nuair a fheidhmíonn cuideachtaí iarnróid an bonneagar a raibh ceannasacht acu go stairiúil ar an margadh, ní mór dó bheith:
neamhspleách ó thaobh eagrúcháin agus cinnteoireachta de; agus
córais chuntasaíochta ar leithligh a bheith aige.
Faoi réir cosaintí cuí a bheith i bhfeidhm chun neamhspleáchas an bhainisteora bonneagair a áirithiú maidir le feidhmeanna riachtanacha2 maidir le bainistiú tráchta agus pleanáil chothabhála, is féidir le Ballstáit an Aontais rogha a dhéanamh idir samhlacha eagraíochtúla éagsúla. Ar na samhlacha sin tá deighilt struchtúrach iomlán agus comhtháthú ingearach.
Tugtar isteach rialacha maidir le hiasachtaí, díbhinní d’úinéirí cuideachtaí iarnróid agus sreafaí airgeadais isteach i gcuideachtaí atá comhtháite go hingearach. Ceapadh iad sin chun saobhadh na hiomaíochta a chosc, go háirithe riosca tras–fhóirdheonaithe i struchtúir chomhtháite.
Seirbhísí paisinéirí intíre
Ní mór do Bhallstáit a chinntiú go n-áirithítear go bhfuil rochtain chothrom ar raonta agus ar stáisiúin ag gach cuideachta iarnróid. Féadfaidh na Ballstáit, áfach, teorainn a chur leis an gceart rochtana ar sheirbhísí paisinéirí idir áit imeachta ar leith agus ceann scríbe ar leith i gcás ina gcumhdaítear an bealach céanna le conradh seirbhíse poiblí amháin nó níos mó. Tá feidhm aige sin freisin nuair a chumhdaíonn conradh seirbhíse poiblí amháin nó níos mó bealach eile, dá bhfeidhmeofaí an ceart sin chun cothromaíocht eacnamaíoch an chonartha nó na gconarthaí atá i gceist a chur i mbaol.
Rialú rialála
Neartaítear le Treoir 2012/34/AEneamhspleáchas na gcomhlachtaí rialála náisiúnta a dhéanann maoirsiú ar an margadh náisiúnta iarnróid. Féadfaidh na comhlachtaí sin fíneálacha a ghearradh i gcás iompar míchuí nó féadfaidh siad iniúchtaí a dhéanamh. Neartaítear rialú rialála trí dhlúthchomhar idir na comhlachtaí rialála agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as sábháilteacht agus ceadúnú iarnróid.
Tá an chumhacht ag comhlachtaí rialála faireachán a dhéanamh ar:
bainistíocht tráchta
pleanáil athnuachana agus
oibreacha cothabhála sceidealaithe agus neamhsceidealaithe.
Maoiniú iarnróid
Ní mór do na húdaráis phoiblí inniúla straitéisí infheistíochta níos fadtéarmaí a ullmhú chun tuilleadh cobhsaíochta a chur ar fáil don bhainisteoir bonneagair, maidir le cinntí infheistíochta a dhéanamh agus maidir le hoibreacha a phleanáil, agus tuilleadh cinnteachta a thabhairt d’infheisteoirí, chun cuideachtaí a spreagadh chun infheistíocht a dhéanamh i nuachóiriú an bhonneagair. Ba cheart go gcumhdófar tréimhse 5 bliana ar a laghad sna straitéisí sin agus ní mór dóibh a bheith inathnuaite.
Gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe a ghlacadh
Ghlac an Coimisiún Eorpach sraith gníomhartha cur chun feidhme lena bhforlíontar Treoir 2012/34/AE agus a bhaineann leis an méid seo a leanas.
Sonraí an nós imeachta agus na gcritéar nach mór cloí leo agus cinneadh á dhéanamh faoi cé acu an ndéanfadh nó nach ndéanfadh seirbhís iarnróid difear do chothromaíocht eacnamaíoch conartha seirbhíse poiblí um iompar ar iarnród beag beann ar cé acu an bhfuil sé intíre nó idirnáisiúnta (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1795).
Critéir le haghaidh iarratasóirí maidir le toilleadh bonneagair iarnróid (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/10).
Gnéithe áirithe den nós imeachta maidir le cuideachtaí iarnróid a cheadúnú (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/171).
Ríomh costas díreach maidir le húsáid as bonneagar iarnróid (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/909).
Oibleagáidí tuairiscithe Bhallstáit AE maidir le faireachán ar an margadh iarnróid (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1100).
Nósanna imeachta agus critéir maidir le comhaontuithe réime maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a chionroinnt (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/545).
Rochtain ar áiseanna seirbhíse agus ar sheirbhísí a bhaineann le hiarnród (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2177).
In 2017, ghlac an Coimisiún Cinneadh Tarmligthe (AE) 2017/2075 a chuirtear in ionad Iarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2012/34/AE. Baineann sé sin leis an sceideal don phróiseas maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a chionroinnt.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?
B’éigean Treoir 2012/34/AE a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin . Ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha atá sa treoir ón dáta céanna.
Bainisteoir bonneagair. Aon chomhlacht nó aon ghnólacht atá freagrach as bonneagar iarnróid a oibriú, a chothabháil agus a athnuachan ar ghréasán, agus as páirt a ghlacadh ina fhorbairt de réir mar a chinnfidh Ballstát mar chuid dá bheartas ginearálta maidir lena bhonneagar a fhorbairt agus a mhaoiniú.
Feidhmeanna riachtanacha. Cinnteoireacht maidir leis na nithe seo a leanas: conairí traenach a leithdháileadh, lena n-áirítear infhaighteacht agus leithdháileadh conairí traenach aonair a shainiú agus a mheasúnú; agus muirir ar bhonneagar, lena n-áirítear muirir a chinneadh agus a bhailiú.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, , lgh. 32–77).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2012/34/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1795 ón gCoimisiún an lena leagtar síos nós imeachta agus critéir maidir leis an scrúdú cóimheá eacnamaíche a chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 11 de Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, , lgh. 5–14).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2177 ón gCoimisiún an maidir le rochtain ar shaoráidí seirbhíse agus ar sheirbhísí a bhaineann le hiarnród (IO L 307, , lgh. 1–13).
Cinneadh Tarmligthe (AE) 2017/2075 ón gCoimisiún an lena n–ionadaítear Iarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2012/34 AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 295, , lgh. 69–73).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/545 ón gCoimisiún an maidir le nósanna imeachta agus critéir a bhaineann le comhaontuithe réime maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a chionroinnt (IO L 94, , lgh. 1–11).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1100 ón gCoimisiún an maidir le hoibleagáidí tuairiscithe na mBallstát faoi chuimsiú an fhaireacháin ar an margadh iarnróid (IO L 181, , lgh. 1–26).
Rialachán Cur Chun feidhme (AE) 2015/909 ón gCoimisiún an maidir leis na rialacha mionsonraithe i ndáil le ríomh an chostais a thabhaítear go díreach mar thoradh ar an tseirbhís traenach a oibriú (IO L 148, , lgh. 17–22).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/171 ón gCoimisiún an maidir le gnéithe áirithe den nós imeachta maidir le gnóthais iarnróid a cheadúnú (IO L 29, , lgh. 3–10).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/10 ón gCoimisiún an maidir le critéir d’iarratasóirí i ndáil le toilleadh bonneagair iarnróid a chionroinnt agus lena n–aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 870/2014 (IO L 3, , lgh. 34–36).