Threoir (AE) 2015/413 – faisnéis a mhalartú maidir le cionta mótarthráchta
Leagtar síos sa treoir seo rialacha chun saoirse ó phionós tiománaithe eachtracha a laghdú, tiománaithe a dhéanann cionta dainséaracha mótarthráchta, trí éascaíocht a dhéanamh ar mhalartú faisnéise ag na húdaráis phóilíneachta i dtíortha éagsúla an Aontais Eorpaigh (AE) chun ciontóirí a shainaithint.
Cuirtear an treoir i bhfeidhm maidir leis na cionta seo a leanas:
Ní mór do gach tír rochtain ar a sonraí náisiúnta cláraithe feithiclí a chur ar fáil d’aon tír eile a bhfuil imscrúdú á dhéanamh aici ar chion a rinneadh ar bhóithre na tíre sin. Cuirfidh sé sin ar chumas na tíre a bhfuil imscrúdú á dhéanamh aici feithiclí agus úinéirí nó úsáideoirí na bhfeithiclí a shainaithint.
Má chinneann an tír inar tharla an cion beart breise a dhéanamh, ní mór don tír sin scéala a chur chuig an gciontóir féideartha agus na hiarmhairtí dlíthiúla a chur in iúl dó nó di, i litir ina sonraítear:
Chun monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an tsocraithe sin, ní mór do gach tír tuarascáil a sheoladh chuig an gCoimisiún faoi mhí na Bealtaine 2016 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, ina dtabharfar mionsonraí faoi na cuardaigh a dhéantar agus faoi líon na litreacha fógraíochta a sheoltar amach ina dhiaidh sin.
Cuireadh an treoir i bhfeidhm an .
Bhí ar na tíortha AE an treoir a ionchorprú ina ndlí náisiúnta faoin . Cuireadh an spriocdháta sin ar atráth go dtí an do na tíortha seo a leanas: an Danmhairg, Éire agus an Ríocht Aontaithe (1).
Cuireadh an treoir roimhe seo a bhain leis an tsaincheist seo, Treoir 2011/82/AE, ar ceal ag an gCúirt Bhreithiúnais AE in 2014 toisc go raibh bonn mícheart dlíthiúil léi.
Treoir (AE) 2015/413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena ndéantar éascaíocht ar mhalartú trasteorann faisnéise maidir le cionta mótarthráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre (IO L 68, , lgh. 9-25)
nuashonrú is deireanaí
(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an ann.