Tá sé mar aidhm léi sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú trí íoscheanglais a leagadh síos le haghaidh tástálacha ródacmhainneachta tréimhsiúla ar fheithiclí agus ar leantóirí san Aontas Eorpach (AE).
Beidh feidhm ag an dlí maidir le feithiclí atá ábalta taisteal ag luasanna níos mó ná 25 km/uair sna catagóirí seo a leanas.
Déanfar tástáil ar fheithiclí dhá roth nó trí roth (catagóir L) ar a bhfuil inneall dócháin níos mó ná 125 cm3 ó 2022 ar aghaidh, mura dtaispeánfar le staidreamh um shábháilteacht ar bhóithre do na 5 bliana roimhe sin go bhféadfaí an leibhéal céanna sábháilteachta ar bhóithre a bhaint amach le bearta malartacha.
B’fhéidir gur gá tástáil a dhéanamh ar fheithiclí roimh na dátaí dlite i gcúinsí áirithe:
D’fhéadfadh na cineálacha feithiclí seo a leanas a bheith díolmhaithe ó thástálacha ródacmhainneachta:
Caithfidh ionaid tástála cheadaithe agus chomhlíontacha a bheith ag gach Ballstát AE agus caithfidh na cigirí critéir inniúlachta a shásamh agus bheith saor ó choinbhleacht leasa ar bith.
I gcás go n–athchláraítear feithicil atá cláraithe i mBallstát éigin eile cheana féin, caithfidh na Ballstáit eile aitheantas a thabhairt dá deimhniú, fiú amháin má tháinig athrú úinéireachta uirthi.
Faoi 2021, ceanglófar ar ionaid tástála faisnéis ábhartha a chomhroinnt le húdaráis náisiúnta a mBallstáit féin.
Caithfear iniúchadh a dhéanamh ar fhéidearthacht, ar na costais agus ar na sochair a bhaineann le Ríomhardán Eorpach um Fhaisnéis Feithilce a bhunú.
B’éigean an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta an . Ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha nua sin ón .
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta a dhéanamh ar mhótarfheithiclí agus ar a leantóirí agus lena n–aisghairtear Treoir 2009/40/CE (IO L 127, , lgh. 51–128).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2014/45/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
nuashonrú is deireanaí