Cigireachtaí cois bóthair a dhéanamh ar shábháilteacht feithiclí tráchtála

Iarrtar leis an treoir seo sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú agus na tionchair dhiúltacha chomhshaoil a bhaineann le feithiclí tráchtála a laghdú. Leagtar amach inti íoscheanglais agus rialacha comhchuibhithe maidir le cigireacht theicniúil cois bóthair a dhéanamh ar na feithiclí seo san Aontas Eorpach (AE).

ACHT

Treoir 2014/47/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le cigireacht theicniúil cois bóthair a dhéanamh ar ródacmhainneacht feithiclí tráchtála, feithiclí a bhíonn ag taisteal timpeall san Aontas, agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/30/CE.

ACHOIMRE

CAD É CUSPÓIR NA TREORACH SEO?

Iarrtar leis an treoir seo sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú agus na tionchair dhiúltacha chomhshaoil a bhaineann le feithiclí tráchtála a laghdú. Leagtar amach inti íoscheanglais agus rialacha comhchuibhithe maidir le cigireacht theicniúil cois bóthair a dhéanamh ar na feithiclí seo san Aontas Eorpach (AE).

Glacadh leis an dlí seo i dteannta le rialacha athbhreithnithe maidir le doiciméid chlárúcháin d’fheithiclí agus treoir nua maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta a dhéanamh ar fheithiclí.

Raon an dlí

Cuimsítear sa dlí busanna agus cóistí (catagóirí M2 & M3), trucailí (N2 & N3) agus leantóirí a bhfuil meáchan de bhreis is 3.5 tonna orthu (O3 & O4), mar aon le tarracóirí a úsáidtear chun críocha tarlaithe bóthair ar féidir leo taisteal níos tapa ná 40 km san uair (T5).

Féadfaidh Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE) cigireachtaí a dhéanamh chomh maith ar na feithiclí nach gcuimsítear sa dlí seo, amhail feithiclí éadroma tráchtála, nó cigireachtaí a dhéanamh in áiteanna eile seachas ar bhóithre poiblí.

Cigireachtaí

Déantar cigireachtaí tosaigh agus, más gá, déantar cigireachtaí níos cruinne, cigireachtaí ina ndírítear go háirithe ar na coscáin, ar na boinn, ar na rothaí agus ar an fhonnadh, agus ar núiseanna (torainn, astúcháin sceite, srl.). Táthar ag súil leis go mbeidh ráta na gcigireachtaí i gcomhréir le líon na bhfeithiclí atá cláraithe i ngach Ballstát AE. An aidhm ná go ndéanfaí cigireacht ar 5 % ar a laghad de na feithiclí tráchtála atá cláraithe in AE, gach bliain.

Cigirí

Ní ceadmhach do chigirí leatrom a dhéanamh bunaithe ar náisiúntacht an tiománaí ná ar an tír chlárúcháin agus feithicil á roghnú chun cigireacht a dhéanamh uirthi. Cuirtear cosc ar choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh cur isteach ar neamhchlaontacht na gcigirí, agus ní ceadmhach go mbeadh a luach saothair bunaithe ar thoradh na gcigireachtaí.

Freagracht na dtiománaithe

Bíonn ar thiománaithe an deimhniú ródacmhainneachta is déanaí a bheith acu nuair a bhíonn siad ag taisteal san fheithicil, mar aon leis an tuairisc is déanaí ar chigireacht cois bóthair, más ann di. Bíonn ar thiománaithe comhoibriú le cigirí chomh maith agus cead a thabhairt dóibh an fheithicil, na comhpháirteanna agus an doiciméadúchán a rochtain.

Córas rátála riosca

Ó 2019 ar aghaidh, beidh ar Bhallstáit AE feidhm a bhaint as córais rátála riosca, córais a chuirfidh ar chumas cigirí cuideachtaí iompair a aithint a bhfuil próifíl ardriosca acu, ionas gur féidir scrúdú cruinn a dhéanamh orthu ar bhonn níos minicí.

Lasta a dhaingniú

Cuimsíonn an dlí prionsabail le haghaidh cigireachtaí agus na caighdeáin a bhaineann le lasta a dhaingniú, mar aon le caighdeáin maidir le lochtanna a mheas.

Lochtanna

Aicmítear lochtanna mar seo a leanas: mionlochtanna, lochtanna móra agus lochtanna contúirteacha. Easnamh mór nó easnamh contúirteach, a thagann chun cinn le linn cigireachta, ní mór an t-easnamh sin a réiteach sular féidir an fheithicil a úsáid ar bhóithre poiblí arís.

Malartú faisnéise

Ainmneoidh Ballstáit AE a bpointí teagmhála féin lena chinntiú go ndéanfaí faisnéis a mhalartú agus go gcabhrófaí le pointí teagmhála na mBallstát eile. Bítear ag súil leis chomh maith go nglacfaidh Ballstáit páirt go rialta i ngníomhaíochtaí comhbheartaithe um chigireacht cois bóthair i dteannta le Ballstáit chomharsanachta AE.

CATHAIN A MBEIDH FEIDHM AG AN TREOIR SEO?

Beidh feidhm ag an treoir seo go dtí an 20.5.2018.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2014/47/AE

19.5.2014

20.5.2017

IO L 127, 29.4.2014, lch. 134-218

Ceartúchán

-

-

IO L 197, 4.7.2014, lch. 87-87

ACHTANNA GAOLMHARA

Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta a dhéanamh ar mhótarfheithiclí agus ar a leantóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/40/CE. (IO L 127, 29.04.2014, lch. 51-128).

Treoir 2014/46/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 lena leasaítear Treoir 1999/37/CE ón gComhairle maidir le doiciméid chlárúcháin le haghaidh feithiclí (IO L 127, 29.4.2014, lch. 129-133).

Nuashonrú is déanaí: 23.09.2014