Ról na hEorpa i múnlú thodhchaí bhainistíocht an idirlín
Tá sraith tograí eisithe ag an gCoimisiún Eorpach maidir le conas ar cheart an t-idirlíon a bhainistiú agus a rith sa todhchaí.
GNÍOMH
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, chuig Coiste na Réigiún: Beartas agus Bainistíocht Idirlín - Ról na hEorpa i múnlú thodhchaí bhainistíocht an idirlín [COM(2014) 72 final, an12 Feabhra 2014 - nár foilsíodh san Iris Oifigiúil].
ACHOIMRE
Tá sé mar aidhm ag na tograí seo ón gCoimisiún Eorpach (CE) an tslí ina mbainistítear agus ina reáchtáiltear achmhainní agus feidhmeanna an idirlín a athchóiriú. Tugtar bainistíocht an idirlín air sin. Forbraíodh an t-idirlíon mar ghréasán na ngréasán dáilte agus feidhmíonn sé gan bhord rialaithe lárnach.
Nochtadh faireachas ar an mórscála le déanaí agus tá ról lárnach na Stáit Aontaithe (SAM) maidir le bainistíocht an idirlín á cheistiú. Ós rud é go bhfuil múnla bhainistíocht an idirlín bunaithe ar SAM faoi láthair, measann CE go bhfuil gá le hathrú réidh i dtreo múnla bainistíochta níos domhanda a eagrú.
Tá bainistíocht an idirlín in ainm is feidhmiú cuí an idirlín a áirithiú. Sampla amháin is ea gur cheart go mbeadh teacht ar shuíomh idirlín ar bith ó áit ar bith timpeall an domhain. An dara sampla is ea go bhfeidhmíonn gach córas teicniúil le chéile pé áit a bhfuil an t-úsáideoir. An tríú sampla is ea gur féidir seoltaí idirlín a úsáid timpeall an domhain.
Dírítear sna tograí ar na príomhréimsí beartais a bhaineann le héiceachóras casta bhainistíocht an idirlín:
Áirítear sna tograí gur cheart do CE na nithe seo a leanas a dhéanamh:
Ina theannta sin, moltar sna tograí CE bonn d’fhís chomhchoiteann Eorpach do bhainistíocht an idirlín. Ina measc, áirítear:
Thairis sin, tá sé ar intinn ag CE árdán ar líne darb ainm an Fhaireachlann Dhomhanda ar Bheartais Idirlín (GIPO). Is é an aidhm atá leis ná go ndéanfaí acmhainn dhomhanda ar líne do GIPO chun faireachán a dhéanamh ar cheapadh beartas idirlín, rialacháin agus teicneolaíocht chun naisc idir fóraim agus díospóireachtaí éagsúla a aithint. Is éard atá i gceist leis sin go mbeadh sé níos éasca do gheallsealbhóirí gan mórán acmhainní bainistíocht agus beartas an idirlín a leanúint, a thuiscint agus dul i ngleic leis.
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa - Bainistíocht Idirlín - Bainistíocht ainmneacha agus seoltaí Idirlín - Anailís agus measúnú ón gCoimisiún Eorpach maidir le Páipéar Bán Roinn Tráchtála na Stáit Aontaithe (COM(1998) 476 final, an 29 Iúil 1998).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle - Bainistíocht idirlín: an chéad chéim eile (COM(2009) 277 final, an 18 Meitheamh 2009).
22.04.2014