Tá sé mar aidhm leis na rialacha sin coinneáil suas le líon agus le cineál na bhfeistí trealaimh raidió atá ag méadú lena áirithiú go gcloíonn siad leis na ceanglais riachtanacha maidir le sábháilteacht agus sláinte, comhoiriúnacht leictreamaighnéadach agus úsáid éifeachtach an speictrim raidió. Tá roinnt gnéithe breise infheidhme maidir le haicmí nó catagóirí áirithe trealaimh raidió.
PRÍOMHPHOINTÍ
Raon feidhme
Tá feidhm ag an treoir maidir le trealamh a chuireann amach nó a ghlacann le radathonnta ar mhaithe le rad–aimsiú (suíomh, luas nó tréithe eile réada a fháil amach ag úsáid radathonnta) nó chun críocha cumarsáide. Áirítear leis na gléasanna sin fóin phóca, osclóirí dhoras an chairr agus móideimí.
Ní chumhdaítear iad seo a leanas faoin rialachán:
trealamh raidió a úsáidtear go heisiach le haghaidh gníomhaíochtaí slándála poiblí agus cosanta;
cineálacha áirithe trealaimh aeriompartha, de bharr leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1139 (féach Airteagal 138 den rialachán sin);
feistis mheasúnachta saintógtha d’úsáid ghairmiúil ag saoráidí taighde agus forbartha;
trealamh raidió a úsáideann amaitéaraigh raidió mura bhfuil an trealamh curtha ar fáil ar an margadh;
trealamh muirí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2014/90/AE.
Oibleagáidí na monaróirí, na n–allmhaireoirí agus na ndáileoirí
Tá liosta sa treoir d’oibleagáidí na monaróirí (Airteagal 10), na n–allmhaireoirí (Airteagal 12) agus na ndáileoirí (Airteagal 13).
Mar shampla, sula gcuirfidh siad trealamh raidió ar fáil ar an mhargadh lena dhíol, ní mór do mhonaróirí a áirithiú go ndearnadh an trealamh sin a dhearadh agus a mhonarú ar bhealach lena gcomhlíontar na buncheanglais is infheidhme arna leagan amach in Airteagal 3. Is é ceann de na ceanglais sin sláinte agus sábháilteacht daoine agus ainmhithe clóis a chosaint.
Faireachas margaidh
Leagtar amach sa treoir bealaí chun go ndéanfar trealamh raidió nach gcomhlíonann na ceanglais riachtanacha is infheidhme a (e.g. sláinte agus sábháilteacht) a rianú agus a mhonatóiriú trí fhaireachas mhargaidh.
POINTÍ SONRACHA
Luchtairí ceallra
Déantar an méid seo leanas le Treoir (AE) 2014/53/AE, arna leasú le Treoir (AE) 2022/2380, freisin:
bunaítear comhéadan luchtaithe comhchuibhithe le haghaidh catagóirí agus aicmí áirithe trealaimh raidió ar féidir é a athluchtú trí luchtú sreangaithe;
comhchuíbhítear an prótacal cumarsáide luchtaithe maidir leis na haicmí agus na catagóirí trealaimh sin;
leagtar síos an creat chun an réiteach comhchuibhithe luchtaithe a oiriúnú amach anseo agus le haghaidh comhchuibhiú féideartha amach anseo na gceanglas um luchtú do threalamh raidió ar féidir é a athluchtú trí aon mhodh seachas luchtú sreangaithe;
tugtar an rogha do thomhaltóirí trealamh raidió a cheannach gan a bheith orthu luchtaire a cheannach;
ceanglaítear ar tháirgeoirí faisnéis amhairc agus faisnéis i scríbhinn maidir le saintréithe luchtaithe a chur ar fáil.
Baineann na ceanglais sin le gach fón póca láimhe, táibléad, ceamara digiteach, consól físchluichí láimhe, cluasán, gléas cinn, callaire iniompartha, léitheoir leictreonach, méarchlár, luchóg, córas loingseoireachta iniompartha agus cluasán bachlóige nua. Ní foláir go mbeidh an comhéadan luchtaithe comhchuibhithe (is é sin port luchtaithe USB-C) feistithe iontu. I gcás ríomhairí glúine, tiocfaidh na ceanglais i bhfeidhm ó mí Aibreáin 2026 ar aghaidh.
Le gníomh tarmligthe, Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1717, leasaíodh Treoir 2014/53/AE lena leagtar amach na sonraíochtaí teicniúla i ndáil leis an ngabhdán luchtúcháin agus leis an bprótacal cumarsáide luchtúcháin le haghaidh gach catagóire nó aicme lena mbaineann de threalamh raidió trí luchtú sreangaithe.
Leasaítear Treoir 2014/53/AE le Treoir (AE) 2024/2749 ina leagtar amach an dóigh a mbeadh feidhm ag na nósanna imeachta éigeandála sin. I measc nithe eile, maidir leis na rialacha nua:
ceanglaítear leo ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta2tús áite a thabhairt d’iarratais ar chomhréireacht i gcás táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime seachas táirgí nach bhfuil;
ceadaítear leo d'údaráis inniúla Bhallstáit AE glacadh leis go gcloíonn an trealamh a cuireadh ar an margadh (a mhonaraítear i gcomhréir le caighdeáin AE, caighdeáin náisiúnta nó idirnáisiúnta ábhartha arna bhforbairt ag comhlacht caighdeánaithe creidiúnaithe ar féidir leo, i dtuairim an Choimisiúin, comhréireacht a bhaint amach agus leibhéal cosanta a áirithiú atá coibhéiseach leis an leibhéal a thugtar le caighdeáin chomhchuibhithe Eorpacha), leis na ceanglais riachtanacha ábhartha;
ceadaítear leo do na Ballstáit, ar bhonn eisceachtúil agus i gcás ina bhfuil iarratas a bhfuil údar leis ann, trealamh a chur ar an margadh a údarú go sealadach gan na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a chur i gcrích, i gcás go bhfuil rannpháirtíocht comhlachta dá dtugtar fógra éigeantach agus go bhféadfaidh siad a áirithiú go gcomhlíontar gach ceanglas riachtanach;
tugtar an deis don Choimisiún leo sonraíochtaí comhchoiteanna a ghlacadh, ar a bhféadfaidh na monaróirí brath chun leas a bhaint as toimhde na comhréireachta leis na ceanglais riachtanacha is infheidhme (beidh gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na sonraíochtaí comhchoiteanna sin fós infheidhme ar feadh thréimshe mhód éigeandála an mhargaidh inmheánaigh).
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?
B’éigean Treoir 2014/53/AE a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin . Tá na rialacha i bhfeidhm ón .
Tá feidhm ag na rialacha a glacadh faoi Threoir leasaitheach (AE) 2022/2380 ó mhí na Nollag 2024 i leith, cé is moite de na rialacha a bhaineann le ríomhairí glúine, a bheidh i bhfeidhm ó mhí Aibreáin 2026 i leith.
Ní mór na rialacha a glacadh faoi Threoir leasaitheach (AE) 2024/2749 a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin agus beidh feidhm acu ón .
Earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime. Earraí nó seirbhísí atá neamh–ionadacha, neamh–inéagsúlaithe nó riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chothabháil d’fhonn feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus a shlabhraí soláthair a áirithiú, a mheastar a bheith riachtanach chun freagairt do ghéarchéim agus atá liostaithe i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh ag an gComhairle.
Measúnú comhréireachta. An próiseas trína ndearbhaítear go gcomhlíonann táirge na ceanglais riachtanacha um próiseas, seirbhís, córas, duine nó comhlacht.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n–aisghairtear Rialachán 1999/5/CE (IO L 153, , lgh. 62–106).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2014/53/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2024/2747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear creat beart a bhaineann le héigeandáil sa mhargadh inmheánach agus le hathléimneacht an mhargaidh inmheánaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle (Gníomh um Éigeandáil agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh) (IO L, 2024/2747, ).
Treoir (AE) 2024/2749 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leasaítear Treoracha 2000/14/CE, 2006/42/CE, 2010/35/AE, 2014/29/AE, 2014/30/AE, 2014/33/AE, 2014/34/AE, 2014/35/AE, 2014/53/AE agus 2014/68/AE a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta éigeandála le haghaidh measúnú comhréireachta, toimhde na comhréireachta, glacadh sonraíochtaí coiteanna agus faireachas margaidh i ngeall ar éigeandáil sa mhargadh inmheánach (IO L, 2024/2749, ).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30 ón gCoimisiún an lena bhforlíontar Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm na mbunceanglas dá dtagraítear in Airteagal 3(3), pointí (d), (e) agus (f) den Treoir sin (IO L 7, , lgh. 6–10).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/320 ón gCoimisiún an lena bhforlíontar Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm na mbunceanglas dá dtagraítear in Airteagal 3(3)(g) den Treoir sin chun go n–áiritheofar suíomh an ghlaoiteora i gcumarsáid éigeandála ó ghléasanna móibíleacha a (IO L 55 , lgh. 1–3).
Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, , lgh. 1–44).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1354 ón gCoimisiún an lena sonraítear an dóigh leis an bhfaisnéis arna soláthar in Airteagal 10(10) de Threoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i láthair (IO L 190, , lgh 7–10).
Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le creat coiteann le haghaidh margaíocht táirgí, agus lena n–aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, , lgh. 82–128).