Coinníollacha allmhairithe agus riachtanais choraintín le haghaidh éan

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 139/2013 – coinníollacha maidir la hallmhairiú éan áirithe isteach san AE agus critéir ghaolmhara choraintín

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN RIALACHÁN?

Sonraítear sa rialachán na héin ar féidir iad a allmhairiú isteach san Aontas Eorpach (AE) agus na coinníollacha atá le comhlíonadh maidir leo.

Féachtar leis an rialachán a chinntiú nach ndéanfaidh éin áirithe galair amhail an fliú éanúilgalar Newcastle a thabhairt isteach leo.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní féidir ach éin ó ionaid cheadaithe ghoir i dtíortha neamh-AE a allmhairiú.

Ní féidir ach éin gortha i ngéibheann a allmhairiú, a dhéantar iad a thástáil le haghaidh víreas seachtain nó dhó sula n-iompraítear iad agus nach bhfuil vacsaín fliú éanúil faighte acu.

Ní mór deimhniú sláinte a bheith ag gach éan mar aon le huimhir aitheantais aonair (ar fháinne coise nó i micrishlis).

Ní mór ionaid cheadaithe choraintín a bheith ag gach tír AE agus ní mór na héin a iompar i bhfeithiclí séalaithe chuig na hionaid sin laistigh de 9 n-uaire an chloig ó imscrúdú a dhéanamh orthu ag an teorainn.

Ní mór na héin a choimeád i gcoraintín ar feadh 30 lá ar a laghad agus, mar íos-réamhchúram, ní mór scrúdú a dhéanamh orthu ag tús agus ag deireadh a dtréimhse ann.

I gcoraintín, déantar éin áirithe a thástáil chun féachaint an bhfuil an fliú éanúil nó galar Newcastle orthu.

Má dheimhnítear go bhfuil galar orthu, maraítear agus scriostar na héin sin, glantar an t-ionad agus déantar é a dhífhabhtú agus coinnítear na héin eile i gcoraintín go dtí do dtaispeánann torthaí a dtástálacha víris nach bhfuil galar orthu.

Má thaispeántar go bhfuil pearóidí, pearaicítí agus cocatuithe ionfhabhtaithe, féadfar cóireáil a chur orthu agus caithfear iad a choimeád i gcoraintín ar feadh 2 mhí ar a laghad tar éis don chás deireanach a bheith taifeadta.

Ní mór d’údaráis náisiúnta an Coimisiún Eorpach a chur ar an eolas laistigh de 24 huaire an chloig faoi ráig de fhliú éanúil nó de ghalar Newcastle.

Ní mór d’údaráis náisiúnta tuarascálacha bliantúla a chur faoi bhráid an Choimisiúin freisin maidir le líon na n-éan a allmhairítear, lena ráta báis agus le gach cás galair a tharlaíonn i gcoraintín.

Ní chuirtear an reachtaíocht i bhfeidhm sna cásanna seo a leanas: éanlaith chlóis, peataí, colúir rásaíochta, éin le haghaidh clár caomhnaithe, zúnna, sorcas, páirceanna siamsaíochta nó turgnamh nó éin a allmhairítear ó Andóra, ó Lichtinstéin, ó Mhonacó, ón Iorua, ó San Mairíne, ón Eilvéis nó ó stát na Vatacáine.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN RIALACHÁN?

Cuireadh an rialachán i bhfeidhm an 12 Márta 2013.

GNÍOMH

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 139/2013 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2013 lena leagtar síos coinníollacha sláinte ainmhithe maidir le hallmhairiú éan áirithe isteach san Aontas agus maidir leis na coinníollacha coraintín a bhaineann leo (IO L 47, 20.2.2013, lgh. 1-17)

Nuashonraithe 05.01.2016