Gníomhaíocht choirp ar mhaithe le feabhsú sláinte a chur chun cinn do chách

Cuireann gníomhaíocht choirp rialta le stíleanna maireachtála níos sláintiúla. Cinntíonn seo go mbíonn an lucht saothair sláintiúil - rud ar príomh-réamhriachtanas é chun spriocanna fáis gheilleagraigh agus iomaíochais an Aontais Eorpaigh (AE) a chomhlíonadh. Gríosaítear Ballstáit an AE anois lena gcuid saoránach a spreagadh chun aclaíocht a dhéanamh go rialta.

ACHT

Moladh ón gComhairle an 26 Samhain 2013 maidir le gníomhaíocht choirp ar mhaithe le feabhsú sláinte a chur chun cinn thar raon na n-earnálacha. [IO C 354, 4.12.2013, lch. 1].

ACHOIMRE

Ní dhéanann tromlach na saoránach Eorpach dóthain gníomhaíochtaí coirp. Tá timpeall 60 % díobh ann nach n-imríonn spórt nó nach ndéanann aclaíocht riamh, nó go hannamh, cé go bhfuil an neamhghníomhaíocht choirp ina príomhchúis le mortlaíocht anabaí agus le galar i dtíortha ardioncaim. Faigheann milliún duine bás san Eoraip dá bharr gach bliain. De bhreis ar na tragóidí pearsanta go léir, baineann mórchostais dhíreacha agus neamhdhíreacha léi chomh maith don tsochaí i gcoitinne.

Moladh ón AE

Ghlac an AE le moladh deonach maidir le gníomhaíochtaí coirp ar mhaithe le feabhsú sláinte a chur chun cinn an 26 Samhain 2013 chun dul i ngleic leis an dúshlán seo, moladh a cuireadh faoi bhráid na n-údarás náisiúnta agus an Choimisiúin.

Leis seo, spreagtar Ballstáit an AE chun feachtais náisiúnta agus straitéisí cothrománacha a fhorbairt a bhaineann le réimsí éagsúla beartais, amhail na réimsí seo a leanas: spórt, sláinte, oideachas, an comhshaol agus iompar. Ba cheart bealaí praiticiúla agus nithiúla a chur san áireamh chomh maith maidir le daoine a spreagadh chun dul i mbun aclaíochta go rialta.

Faireachán

Chun tionchar na mbeart éagsúil a mheas, iarrtar ar rialtais faireachán a dhéanamh ar méid gníomhaíochta coirp i ndáil le ceisteanna amhail corpoideachas sna scoileanna, scéimeanna chun gníomhaíocht choirp a chur chun cinn i measc daoine scothaosta agus tionscadail maidir le taisteal ar mhodh gníomhach go dtí an obair.

Pointí comhtheagmhála agus malartú eolais

Tá pointí comhtheagmhála náisiúnta um ghníomhaíocht choirp á gcur ar bun chun cabhrú le faireachán a dhéanamh agus iontrálfar na sonraí i mbunachar sonraí Eorpach na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) maidir le cothú, le hotracht agus le gníomhaíocht choirp.

Tá tacaíocht á soláthar ag an Choimisiún maidir le malartú eolais agus dea-chleachtais, le piarfhoghlaim agus le líonrú. Is féidir leis an Choimisiún saineolaithe eolaíochta a sholáthar chomh maith chun oiliúint a chur ar phointí comhtheagmhála náisiúnta agus is féidir leis tacú leis an EDS maidir le bheith rannpháirteach sa tionscnamh.

Tuarascáil

Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil gach trí bliana maidir leis an dul chun cinn a dhéantar i ndáil leis an mholadh a chur i bhfeidhm agus féadfaidh sé staidrimh Eorpacha a bhailiú maidir le méid gníomhaíochta coirp gach trí bliana chomh maith.

Nuashonrú is déanaí: 17.06.2014