Obair a dhéanamh le tíortha neamh-AE ar shaincheisteanna a mhúsclaíonn spéis ar fud an domhain
Déantar foráil san ionstraim um chomhpháirtíocht do thacaíocht nua chomhlántach do bheartais sheachtracha an Aontais Eorpaigh sa tréimhse 2014-20. Faoin ionstraim seo, fairsingítear comhpháirtíochtaí um chomhar agus idirphlé beartais chuig réimsí agus ábhair nach gcuimsítear sa chomhar um fhorbairt.
GNÍOMH
Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón Chomhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim um chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha
ACHOIMRE
Is é príomhchuspóir na hionstraime seo ná tacú le bearta a fhreagraíonn do na cuspóirí a eascraíonn as chaidreamh déthaobhach, réigiúnach nó iltaobhach an Aontais Eorpaigh le tíortha neamh-AE, agus dul i ngleic le dúshláin na ncúram domhanda-ábhar iscúram domhanda (amhail fuinneamh, slándáil agus an comhshaol.
TACAÍOCHT
Tacaíonn an Ionstraim um Chomhpháirtíocht le bearta chun:
Mar sin, tacaíonn an Ionstraim um Chomhpháirtíocht le diminsean idirnáisiúnta na straitéise Eoraip 2020 a chur i bhfeidhm.
TAIRBHITHE
Is iad na tíortha comhpháirtíochta ná na tíortha tionsclaíocha agus tíortha ardioncaim nó meánioncaim eile ar fud an domhain, lena n-áirítear tíortha i mbéal forbartha a bhfuil ról méadaitheach acu i gcúrsaí domhanda (amhail tíortha G20).
Tacóidh an Ionstraim um Chomhpháirtíocht freisin le caidrimh nua a fhorbairt le tíortha, tíortha a bhfuil deireadh á chur de réir a chéile leis an chúnamh forbartha déthaobhach a fhaigheann siad.
CUR CHUIGE SOLÚBTHA
Dearadh an ionstraim mar ionstraim sholúbtha chun a chur ar chumas AE freagairt do stádas mearathraithe na dtíortha comhpháirtíochta. Aithneofar freisin san ionstraim um chomhpháirtíocht an cúnamh a thugtar do thíortha comhpháirtíochta agus a gcomhthéacsanna eacnamaíocha, sóisialta agus polaitiúla á gcur san áireamh.
BUISÉAD AGUS CUR I BHFEIDHM
Is é buiséad na hIonstraime um Chomhpháirtíocht don tréimhse 2014-20 ná €954 765 000 . Tá an chuid is mó de na rialacha agus na nósanna imeachta a bhaineann leis an chlár seo a chur i bhfeidhm le fáil i Rialachán (AE) Uimh. 236/2014, ar rialachán cothrománach é ina ailínítear agus ina shimplítear cur i bhfeidhm na n-ionstraimí seachtracha AE.
Tá tuilleadh faisnéise le fáil thíos:
TAGAIRTÍ
|
Gníomh |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
|
Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 |
16.3.2014 |
- |
IO L 77, 15.3.2014 |
12.09.2014