Is é is sprioc leis an gcomhaontú creat dlíthiúil a leagadh síos maidir le haistriú chuig Roinn Slándála Dúiche (RSD) na Stát Aontaithe sonraí maidir le Taifid Ainmneacha Paisinéirí (TAP) ag iompróirí a oibríonn eitiltí paisinéirí idir an tAontas Eorpach (AE) agus na Stáit Aontaithe agus maidir le húsáid na sonraí ina dhiaidh sin ag RSD na Stát Aontaithe.
An príomhchuspóir ná cionta sceimhlitheoireachta agus coireanna gaolmhara a chosc, a aimsiú, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, mar aon le coireanna tromchúiseacha trasteorann eile lena ngabhann pianbhreith príosúnachta de 3 bliana ar a laghad.
Údaraítear le Cinneadh (AE) 2012/471 síniú an Aontais Eorpaigh leis an gcomhaontú. Formheastar an comhaontú féin le Cinneadh 2012/472/AE.
Is éard is sonraí TAP ann ná faisnéis a sholáthraíonn paisinéirí ar bhonn deonach agus a bhailíonn aeriompróirí le linn na ngnásanna áirithinte agus seiceáil isteach. Áirítear ar an bhfaisnéis sin, ainm, na dátaí taistil agus an cúrsa taistil, eolas ticéid, eolas teagmhála, eolas íocaíochta/billeála, an gníomhaire taistil, uimhir an tsuíocháin agus eolas bagáiste.
Seo a leanas príomhphointí chomhaontú TAP AE-SA:
Tháinig an comhaontú i bhfeidhm ar an .
Is éard is brí le TAP ná Taifead Ainmneacha Paisinéirí a chuireann paisinéirí ar fáil don aerlíne nó don ghníomhaire taistil agus eitilt á cur in áirithe. Tá leas á bhaint ag na údaráis forfheidhmithe dlí ar fud an domhain as an bhfaisnéis sin le blianta fada anuas chun coirpigh mhóra nó chun sceimhlitheoirí móra a aithint. Baineadh leas as, mar shampla, chun breith ar na sceimhlitheoirí a raibh sé beartaithe acu buama féinmharaithe a scaoileadh sa chóras iarnróid faoi thalamh i Nua Eabhrach in 2009. Baineadh leas aisti chomh maith tar éis na n–ionsaithe sceimhlitheoireachta in Mumbai in 2008 agus chun breith ar an bplotaire a bhí taobh thiar den ionsaí a bhí beartaithe in Times Square in 2010. Is uirlis fhíorthábhachtach an fhaisnéis sin chomh maith chun smuigléirí drugaí a aithint.
Cuirtear an comhaontú AE-SA 2012 maidir leis an Taifead Ainmneacha Paisinéirí in ionad chomhaontú AE-SA 2007.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Comhaontú idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach maidir le húsáid taifead ainmneacha paisinéirí agus lena n–aistriú chuig Roinn Slándála Dúiche na Stát Aontaithe (IO L 215, , lgh. 5-14)
Cinneadh 2012/471/AE ón gComhairle an maidir le síniú, ar son an Aontais, an Chomhaontaithe idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach a bhaineann le húsáid Taifead Ainmneacha Paisinéirí agus lena n–aistriú chuig Roinn Slándála Dúiche na Stát Aontaithe (IO L 215, , lgh. 1-3)
Cinneadh 2012/472/AE ón gComhairle an maidir leis an gComhaontú idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach a thabhairt i gcrích a bhaineann le húsáid taifead ainmneacha paisinéirí agus lena n–aistriú chuig Roinn Slándála Dúiche na Stát Aontaithe (IO L 215, , lch. 4)
nuashonrú is deireanaí