Comhaontú comhlachais leis an Úcráin

ACHOIMRE AR:

Cinneadh (AE) 2017/1247 agus Cinneadh (AE) 2017/1248 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an chomhaontaithe comhlachais leis an Úcráin

CAD IS AIDHM LEIS NA CINNTÍ AGUS LEIS AN GCOMHAONTÚ?

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuimsítear sa chomhaontú brollach ina leagtar amach na cúiseanna leis an gcomhaontú agus na haidhmeanna atá leis, agus tagann seacht dteideal ina dhiaidh sin.

Prionsabail ghinearálta

Is iad seo a leanas na prionsabail ar gnéithe riachtanacha iad den chomhaontú idir na páirtithe:

Comhaontaíonn AE agus an Úcráin chomh maith go gcuirtear bonn taca faoina gcaidreamh le geilleagar saormhargaidh. Aithníonn siad chomh maith go bhfuil an méid seo a leanas tábhachtach dá gcaidreamh a fheabhsú:

Idirphlé agus comhar polaitiúil neartaithe

Forbrófar idirphlé polaitiúil tuilleadh chun cóinéasú de réir a chéile AE-na hÚcráine a thabhairt i gcrích i réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála agus i réimse an chomhbheartais slándála agus cosanta. I measc nithe eile, féachfar ann le:

Ceartas, saoirse agus slándáil

I measc na dtosaíochtaí sa réimse sin tá:

Is é an aidhm an bhreithiúnacht a neartú, feabhas a chur ar a héifeachtacht, a neamhspleáchas agus a neamhchlaontacht a chosaint agus éillitheacht a chomhrac. Beidh urraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha ina threoir do chomhar na bpáirtithe maidir le ceartas, saoirse agus slándáil.

Ina theannta sin tá na páirtithe tiomanta do:

Tá lua sainráite sa teideal chomh maith maidir le mian na bpáirtithe do mhéadú ar theagmháil daoine le daoine agus a n–aitheantas ar an tábhacht a bhaineann le taisteal gan víosa chuig an Aontas a thabhairt isteach — thar am — do shaoránaigh na hÚcráine, ar an gcoinníoll go mbeidh na dálaí maidir le soghluaisteacht shábháilte agus dea–bhainistithe ann.

Trádáil agus cúrsaí a bhaineann le trádáil

Is é cuspóir na bpáirtithe limistéar domhain cuimsitheach saorthrádála a chruthú. Tá siad tiomanta do thimpeallacht nua a fhorbairt lena gcothaítear go háirithe trádáil agus infheistíocht, agus iomaíocht a spreagadh, agus tá siad sin ar fad ríthábhachtach d’athstruchtúrú agus nuachóiriú eacnamaíoch. Baineann limistéar domhain cuimsitheach saorthrádála le fáil réidh de réir a chéile le taraifí custaim agus cuótaí rud a chuirfidh — i gcomhréir leis an bpróiseas níos leithne um dhlíthe na hÚcráine a ailíniú le dlíthe, caighdeáin agus cleachtais AE (acquis) — le tuilleadh comhtháthaithe eacnamaíoch le margadh aonair AE.

Comhar eacnamaíoch agus earnála

Cumhdaítear faoin teideal seo comhar i raon leathan réimsí agus earnálacha bunaithe ar ailíniú de réir a chéile le dlíthe agus caighdeáin AE agus, más ábhartha, le noirm agus caighdeáin idirnáisiúnta. Áirítear ar na hearnálacha lena mbaineann:

Comhar airgeadais

Tá cúnamh airgeadais tugtha ag an Aontais agus ag Ballstáit AE don Úcráin ó bhí na 1990í ann. Féadfaidh an Úcráin leas a bhaint as cúnamh airgeadais leanúnach trí shásraí agus ionstraimí ábhartha maoinithe AE chun na cuspóirí leis an gcomhaontú comhlachais a bhaint amach. Don tréimhse 2021-2027, cuireadh an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — An Eoraip Dhomhanda in ionad na hIonstraime Eorpaí Chomharsanachta roimhe seo.

Forálacha institiúideacha, ginearálta agus deiridh

Cumhdaítear sa teideal deireanach an dóigh a ndéantar caidreamh AE–na hÚcráine a bhainistiú. Is é seo a leanas an socrú institiúideach.

Léirscaoileadh sealadach trádála

An , i bhfianaise chogadh ionsaitheach gan chúis gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ghlac Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh Rialachán (AE) 2023/1077 lena dtugtar isteach bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála faoin gcomhaontú comhlachais agus lena gcuirtear ar fionraí na bearta cosanta trádála atá ann cheana ar feadh tréimhse 1 bhliain. Tháinig na bearta sin i bhfeidhm an . Leis an rialachán seo athnuaitear Rialachán (AE) Uimh. 2022/870.

Na taraifí uile faoi Theideal IV den chomhaontú comhlachais leis an Úcráin lena mbunaítear an limistéar domhain cuimsitheach saorthrádála nár cuireadh i bhfeidhm go fóill, tá siad curtha ar fionraí ar feadh 1 bhliain. Cumhdaítear leis an bhfionraí:

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tháinig sí i bhfeidhm an .

CÚLRA

Cuireadh roinnt codanna tábhachtacha den chomhaontú i bhfeidhm go sealadach amhail an i leith na nithe seo:

Cuirtear LDCST chun feidhme go sealadach ón .

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 161, , lgh. 3–2137).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar an gComhaontú Comhlachais a chorprú sa bhundoiciméad. Níl ach luach doiciméadach ag an leagan comhdhlúite.

Cinneadh (AE) 2017/1247 ón gComhairle an maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, cé is moite de na forálacha a bhaineann le caitheamh náisiúnach tríú tíortha atá fostaithe go dleathach mar oibrithe i gcríoch an pháirtí eile (IO L 181, , lgh. 1–3).

Cinneadh (AE) 2017/1248 ón gComhairle an maidir tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, maidir le forálacha a bhaineann le caitheamh náisiúnach tríú tíortha atá fostaithe go dleathach mar oibrithe i gcríoch an pháirtí eile (IO L 181, , lgh. 4–5).

nuashonrú is deireanaí