Fís 2020: clár cur chun feidhme sonrach (2014-20)

Agus an clár Fís 2020 (a leanann an seachtú creatchlár um thaighde agus nuálaíocht de chuid an Aontais Eorpaigh (AE)) á chur i bhfeidhm, leagtar amach sa rialachán seo na cuspóirí sonracha agus na rialacha cur chun feidhme maidir le tacaíocht AE don taighde agus nuálaíocht, faoi Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013.

GNÍOMH

Cinneadh 2013/743/AE ón gComhairle an 3 Nollaig 2013 lena mbunaítear an clár cur chun feidhme sonrach Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2006/971/CE, 2006/972/CE, 2006/973/CE, 2006/974/CE agus 2006/975/CE

ACHOIMRE

Cuireadh tús leis an gclár an 1 Eanáir 2014 agus cuirfear deireadh leis an 31 Nollaig 2020. Tá an clár comhdhéanta de na codanna seo a leanas:

Cuid I “Sármhaitheas san eolaíocht”: cuireann sé seo sármhaitheas sa taighde Eorpach chun cinn trí na nithe seo a leanas a neartú:

taighde beag beann ar theorainneacha (taighde agus forbairt (T&F) ag agus thar teorainneacha na tuisceana reatha), tríd an gComhairle Eorpach um Thaighde (ERC);

forbairt scileanna, oiliúna agus gairme, trí ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie, i gcomhar le cláir eile a bhfuil cuspóirí comhchosúla acu, amhail Erasmus+ agus Pobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna) na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíochta (EIT);

Bonneagair taighde Eorpacha (saoráidí, acmhainní agus seirbhísí gaolmhara a mbaineann an pobal T&F feidhm astu).

Cuid II “Ceannaireacht thionsclaíoch”: dírítear i gcuid 2 ar:

cheannaireacht thionsclaíoch na hEorpa a spreagadh trí bhíthin taighde, forbartha agus nuálaíochta sna teicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha seo a leanas: teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFCanna), nanaitheicneolaíochtaí, ardábhair, biteicneolaíocht, ardmhonaraíocht agus ardphróiseáil, agus spás;

rochtain fheabhsaithe ar chistiúchán infheistíochta;

nuálaíocht i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a mhéadú.

Cuid III “Dúshláin shochaíocha”: áirítear leis na cuspóirí sonracha:

sláinte agus folláine a fheabhsú;

tacú le slándáil bia, le talmhaíocht agus le foraoiseacht inbhuanaithe, le taighde muirí agus uisce intíre, agus leis an mbithgheilleagar (mar shampla, táirgeadh inbhuanaithe na n-acmhainní in-athnuaite agus tiontú na n-acmhainní sin i mbia, i mbeatha, i dtáirgí snáithíneacha bithbhunacha agus i mbithfhuinneamh);

fuinneamh cliste, glan agus éifeachtach;

iompar cliste, glas agus comhtháthaithe;

gníomhú ar son na haeráide, an comhshaol, éifeachtúlacht acmhainní agus amhábhair;

An Eoraip i ndomhan atá ag athrú - sochaithe uilechuimsitheacha, nuálacha agus machnamhacha (mar shampla, neamhionannais shóisialta a laghdú, cineálacha nua de nuálaíocht agus tarchur oidhreacht chultúrtha na hEorpa);

sochaithe slána - saoirse agus slándáil na hEorpa agus a saoránaigh a chosaint (mar shampla, teacht aniar maidir le tubaistí, coireacht agus sceimhlitheoireacht a chosc).

Cuid IV “Sármhaitheas a scaipeadh agus rannpháirtíocht a leathadh”: feidhm iomlán a bhaint as cumas stór tallainne na hEorpa agus an oiread leasa a bhaint as na sochair a bhaineann le geilleagar atá bunaithe ar nuálaíocht. Dírítear bearta ar na Ballstáit AE ar gá spreagadh a thabhairt dá bhfeidhmíocht taighde agus nuálaíochta.

Cuid V “Eolaíocht leis an tsochaí agus ar mhaithe léi”: tallann nua a earcú agus sármhaitheas eolaíochta a chur i gceangal le feasacht agus le freagracht shóisialta. Déantar iarracht an bhearna idir an eolaíocht agus an tsochaí a dhúnadh trí staidéar a dhéanamh ar riachtanais agus ar mhianta na saoránach (slándáil, fostaíocht, sláinte agus forbairt inbhuanaithe).

Cuid VI “Gníomhartha díreacha neamh-núicléacha an Airmheáin Taighde (JRC)”: is é seo an taighde a dhéantar ag JRC chun tacaíocht eolaíochta theicniúil atá faoi thionchar custaiméirí a chur ar fáil le tacú le beartais AE (amhail talmhaíocht, athrú aeráide, iompar, srl.).

Cláir oibre

Leagtar amach sna cláir oibre na cuspóirí a bhfuiltear an coinneáil leo, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, an modh cur chun feidhme agus iomlán an chistiúcháin. Glacann an Coimisiún le cláir oibre chomhchoiteanna nó le cláir oibre ar leith chun Codanna I go dtí V den chlár sonrach a chur i bhfeidhm. Cuirtear as an áireamh na cláir oibre a thagann faoin gComhairle Eorpach um Thaighde (ERC). Cuimsítear na cláir sin faoi Chomhairle Eolaíochta ERC.

Glacann an Chomhairle le clár oibre ilbhliantúil ar leith le haghaidh Coda VI, a chuireann dearcthaí JRC san áireamh.

An buiséad

€74.3 billiún don tréimhse 2014-20.

TAGAIRTÍ

Gníom

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Cinneadh 2013/743/AE ón gComhairle

23.12.2013

-

IO L 347, 20.12.2013, lgh. 965-1041

Ceartúchán

-

-

IO L 102, 21.4.2015, lgh. 96-96

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 - An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 104-173).

Rialachán (Euratom) Uimh. 1314/2013 ón gComhairle an 16 Nollaig 2013 maidir le Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (2014-2018) lena gcomhlántar Fís 2020 - An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht. (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 948-964).

Nuashonraithe 03.09.2015