Rochtain ar eolas eolaíochta agus caomhnú an eolais sin

Féachann tograí chun rochtain ar eolas eolaíochta agus caomhnú an eolais sin a neartú le rochtain níos fearr agus níos tapa a sholáthar do shaoránaigh ar na buntáistí a bhaineann le fionnachtana eolaíochta.

ACHT

Moladh 2012/417/AE ón Choimisiún an 17 Iúil 2012 maidir le rochtain ar eolas eolaíochta agus le caomhnú an eolais sin.

ACHOIMRE

I mí Iúil 2012, mhol an Coimisiún Eorpach bealaí le go mbeadh Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE) in ann rochtain ar an eolas eolaíochta a tháirgtear san Eoraip a fheabhsú. Le rochtain níos leithne agus níos tapa ar pháipéir agus ar shonraí eolaíochta, beidh sé níos éasca do thaighdeoirí agus do ghnóthais cur le torthaí an taighde a mhaoinítear le hairgead poiblí. Is é atá i gceist anseo ná cumas nuála na hEorpa a spreagadh agus rochtain níos tapa a sholáthar do shaoránaigh ar na buntáistí a bhaineann le fionnachtana eolaíochta.

Féachann beartais rochtana oscailte le rochtain saor in aisce a sholáthar do léitheoirí ar fhoilseacháin eolaíochta phiaraí-athbhreithnithe agus ar shonraí taighde a luaithe is féidir tar éis iad a scaipeadh agus le húsáid agus le hathúsáid thorthaí taighde eolaíochta a chumasú.

Rochtain oscailte ar fhoilseacháin

Molann an Coimisiún go ndéanfadh Ballstáit an AE beartais shoiléire a shainiú le cinntiú go scaipfí foilseacháin eolaíochta a eascraíonn as taighde a mhaoinítear le hairgead poiblí agus go mbeadh rochtain oscailte ar fáil ar na foilseacháin sin.

I measc aidhmeanna na mbeartas seo tá:

Eolas eolaíochta a chaomhnú agus a athúsáid

Tá raon tograí ag an Choimisiún chomh maith a bhaineann le heolas eolaíochta a chaomhnú agus a athúsáid. Ina measc sin tá tograí le cinntiú go gcaomhnaítear torthaí taighde san fhadtéarma, le cinntiú go bhfuil córas éifeachtach taiscthe i bhfeidhm don eolas leictreonach eolaíochta agus leis na crua-earraí agus na bogearraí a chaomhnú a bheidh ag teastáil chun an t-eolas a léamh sa todhchaí nó tríd an eolas a bhogadh go timpeallachtaí nua bogearraí agus crua-earraí go rialta.

Ríomh-bhonneagair

Tá sraith moltaí curtha le chéile ag an Choimisiún chomh maith chun forbairt bhreise a dhéanamh ar ríomh-bhonneagair le sreabhadh an eolas eolaíochta a éascú. Féachann ceann de na moltaí seo le tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt chohóirt nua de shaineolaithe ríomheolaíochta dian ar shonraí - speisialtóirí sonraí, teicneoirí agus bainisteoirí sonraí san áireamh - agus le hoiliúint a chur orthu.

Molann an Coimisiún chomh maith go gceapfadh Ballstáit an AE pointe tagartha náisiúnta chun:

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta lena thrasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Moladh 2012/417/AE ón gCoimisiún

-

-

IO L 194 de 21.7.2012

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Doiciméad oibre foirne ón Choimisiún: Achoimre fheidhmeach den mheasúnú tionchair a ghabhann leis an doiciméad “Moladh maidir le rochtain ar eolas eolaíochta agus le caomhnú an eolais sin”. [SWD(2012)221 críochnaitheach an 17.7.2012].

Doiciméad oibre foirne ón Choimisiún: Measúnú tionchair a ghabhann leis an doiciméad “Moladh maidir le rochtain ar eolas eolaíochta agus le caomhnú an eolais sin sa ré dhigiteach”. [SWD(2012)222 an 17.7.2012].

Nuashonraithe 17.03.2014