Faisnéis maidir le tionscadail um beartas comhtháthaithe arna maoiniú ag AE — rialacha agus samhlacha

ACHOIMRE AR:

Rialachán cur chun Feidhme (AE) 2015/207 — rialacha agus samhlacha do na tuarascálacha atá le cur ar fáil le cláir agus tionscadail atá maoinithe faoi chuspóirí um beartas comhtháthaithe AE

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar amach ann rialacha agus teimpléid tuairiscithe an Aontais Eorpaigh (AE) don chlárthréimhse 2013-2020 atá le húsáid ag Údaráis Bhainistíochta1 agus tuarascáil á tabhairt acu don Choimisiún Eorpach maidir le cur chun feidhme clár faoi Chistí Struchtúrtha agus Infheistíochta AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón .

CÚLRA

Is é maoiniú an bheartais chomhtháthaithe príomhchuid infheistíochta AE agus tacaíonn sé le cuspóir straitéiseach AE maidir le hinfheistíocht a dhéanamh i bpoist, i ndlúth-ailíniú le spriocanna Eoraip 2020.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Údarás bainistíochta: an comhlacht oifigiúil atá freagrach as an gclár a reáchtáil, tionscadail a roghnú, monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an bhuiséid agus faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún, do na páirtithe agus don phobal.
  2. Comhaontú comhpháirtíochta: Ceanglaítear ar thíortha AE pleananna straitéiseacha a dhréachtú agus a chur chun feidhme lena mbeidh tosaíochtaí infheistíochta faoina gcumhdófar na Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta uile. Déantar comhaontuithe comhpháirtíochta a chaibidliú ag tús na tréimhse 7 mbliana idir an Coimisiún Eorpach agus údaráis náisiúnta, i ndiaidh comhairliúcháin le grúpa leasmhara, an tsochaí shibhialta agus ionadaithe áitiúla agus réigiúnacha.
  3. Comhar críochach Eorpach: Féachtar le clár um chomhar críochach Eorpach réigiúin agus cathracha ó thíortha AE éagsúla a spreagadh chun oibriú le chéile, eolas a chomhroinnt agus foghlaim óna chéile chun feabhas a chur ar chomhtháthú agus ar cháilíocht na beatha trí chláir, tionscadail agus líonraí comhpháirteacha.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2015/207 gCoimisiún an lena leagtar síos rialacha mionsonraithe lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na samhlacha don tuarascáil ar dhul chun cinn, leis an bhfaisnéis a chur isteach maidir le mórthionscadal, leis an bplean gníomhaíochta comhpháirtíochta, leis na tuarascálacha um chur chun feidhme maidir le sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post, leis an dearbhú bainistíochta, leis an straitéis iniúchóireachta, leis an tuairim iniúchóireachta agus an modheolaíocht chun an anailís costais agus tairbhe a dhéanamh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis an tsamhail do na tuarascálacha um chur chun feidhme agus sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (IO L 38, , lgh. 1-122)

nuashonrú is deireanaí