Bearta sonracha chun téarnamh a spreagadh sa Ghréig

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2015/1839 — bearta sonracha don Ghréig faoi Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta AE

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

Bunaítear bearta ann faoina méadaítear na chéad rátaí réamh-mhaoinithe* agus cómhaoinithe* le haghaidh cláir áirithe sa Ghréig arna dtacú ag na Cistí Eorpacha Struchtúracha agus Infheistíochta — i.e. Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE), an Ciste Comhtháthaithe (CC), agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) don tréimhse 2014-2020.

PRÍOMHPHOINTÍ

CÚLRA

Bhí sé ina thoradh ar an ngéarchéim airgeadais go raibh rátaí fáis diúltacha sa Ghréig ar bhonn seasta, mar aon le fadhbanna tromchúiseacha i dtaobh leachtachta agus easpa cistí poiblí le haghaidh infheistíochtaí a raibh géarghá leo chun borradh a chur faoin bhfás agus faoi chruthú post. Faoin rialachán, tugtar isteach bearta sonracha chun a áirithiú go mbainfear leas éifeachtach as cistiú Eorpach le haghaidh infheistíochtaí ar an láthair agus go sroichfidh sé na tairbhithe chomh tapa agus is féidir.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Is ionann * réamh-mhaoiniú agus íocaíocht atá ceaptha chun leachtacht a chur ar fáil do na húdaráis chláir chun tús a chur le cur chun feidhme cláir.

Is ionann * cómhaoiniú agus an ceanglas go ndéanfaí cistiú ó AE a mheaitseáil le cistiú ar an leibhéal náisiúnta agus/nó an leibhéal réigiúnach d’fhonn cur leis an éifeacht ghiarála agus le húinéireacht na n-infheistíochtaí.

GNÍOMH

Rialachán (AE) Uimh. 2015/1839 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2015 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a fhad a bhaineann le bearta sonracha don Ghréig (IO L 270, 15.10.2015, lgh. 1-3)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 320-469)

Nuashonraithe 08.03.2016