Straitéis an Aontais do Réigiún na nAlp

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht ón gCoimisiúin COM(2015) 366 final - I dtreo Réigiún Alp níos rachmasaí

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TEACHTAIREACHT?

Chun cuidiú le Réigiún na nAlp dul i ngleic le dúshláin éagsúla eacnamaíocha, déimeagrafacha agus comhshaoil, beartaítear leis an teachtaireacht seo ón gCoimisiún Eorpach Straitéis an Aontais do Réigiún na nAlp (EUSALP). Áirítear ann Plean Gníomhaíochta ina bhféachtar le rathúnas eacnamaíoch agus sóisialta inbhuanaithe a chur chun cinn sa réigiún.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is é EUSALP ceathrú straitéis macrairéigiúnach an AE*. Baineann sé le seacht dtír agus 48 réigiún lena n-áirítear:

cúig thír AE:, An Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ostair agus an tSlóivéin; agus

dhá thír nach bhfuil in AE: Lichtinstéin agus an Eilvéis.

Dúshláin

Tá roinnt dúshlán os comhair Réigiún na nAlp agus ní mór freagairt chomhpháirteach a thabhairt ina leith:

treochtaí déimeagrafacha — aosú, dlús daonra íseal sna príomhlimistéir sléibhe agus treochtaí nua imirce (i.e. gluaiseacht daonra i dtreo limistéir uirbeacha mar gheall ar easpa bonneagair faoin tuath);

leochaileacht mhéadaithe don athrú aeráide agus a thionchar ar an gcomhshaol, ar bhithéagsúlacht agus ar dhálaí maireachtála daoine;

a shuíomh geografach sonrach san Eoraip, mar réigiún idirthurais;

bainistíocht ar éileamh fuinnimh;

lear mór séasúrachta, go háirithe i roinnt ceantair turasóireachta;

éagothromaíochtaí móra sóisialta agus eacnamaíocha idir limistéir éagsúla sa Réigiún.

Cuspóirí na Straitéise: trí chuspóir théamacha agus chuspóir amháin cothrománach

Teastaíonn comhar níos éifeachtaí idir réigiúin agus Stáit chun dul i ngleic leis na dúshláin seo. Tá an straitéis dá bhrí sin tógtha ar thrí chuspóir théamacha i dtreo gnímh:

Gníomhartha téamacha

1.

Rochtain chothrom a thairiscint ar dheiseanna fostaíochta agus ar iomaíochas láidir an Réigiúin a fhorbairt trí bhorradh a chur faoi fhás eacnamaíoch agus nuálaíocht. D’fhéadfaí gníomhartha sa réimse a bheith i bhfoirm gníomhaíochtaí taighde ar tháirgí agus seirbhísí a bhaineann go sonrach leis na hAilp agus cineálacha cur chuige nuálacha chun inbhuanaitheacht an réigiúin a neartú.

2.

A áirithiú go mbeidh inrochtaineacht agus nascacht do na daoine go léir a chónaíonn sa réigiún go hinmheánach agus go seachtrach: tá na gníomhartha deartha chun soghluaisteacht níos fearr a chur chun cinn trí chineál eile modhanna iompair a úsáid (idir-mhódúlacht agus idir-inoibritheacht) in iompar paisinéirí agus lastais agus rochtain Idirlín agus teileafóin a leathnú i limistéir iargúlta.

3.

An réigiún a dhéanamh inbhuanaithe agus tarraingteach ó thaobh an chomhshaoil trí chomhacmhainní a thiomsú d’fhonn:

an comhshaol agus an oidhreacht chultúrtha a chaomhnú;

táirgeadh inbhuanaithe réitigh fuinnimh iontaofa a chur chun cinn.

Ina theannta sin, beidh an ceathrú cuspóir leathan ann a mbeidh sé mar aidhm leis samhail rialachais mhacairéigiúnaigh fónta a thógáil chun comhoibriú a fheabhsú. Sa chomhthéacs sin, beidh an Coimisiún mar éascaitheoir neamhspleách agus áiritheoidh sé go mbeidh comhordú straitéiseach ar bun i gcomhpháirtíocht leis na tíortha agus na réigiúin chomhpháirtíochta agus i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta.

Cur chun feidhme agus breisluach AE

Tá sé mar aidhm le EUSALP creat comhoibrithe a sholáthar ina bhféadfar díriú go comhpháirteach ar thopaicí macairéigiúnacha chun comhleanúnachas níos fearr a bhaint amach, ach freisin tuilleadh daoine ó leibhéil éagsúla ar fud na réigiún go léir lena mbaineann a chur ag obair air.

Féachann EUSALP freisin le caidreamh nua a fhorbairt idir limistéir chathrach agus sléibhe (lena n-áirítear na limistéir eatarthu).

Beidh an straitéis bunaithe ar na príomhphrionsabail chéanna a bhaineann leis na straitéisí macrairéigiúnacha atá ann cheana:

gan cistí nua AE;

gan aon struchtúir fhoirmiúla bhreise AE; agus

gan aon reachtaíocht bhreise AE.

Beidh sé ag brath freisin ar ndóigh ar chur chuige comhordaithe, ar shineirgí agus ar úsáid níos éifeachtaí as cistí reatha AE agus ar ionstraimí airgeadais eile.

Bainfear leas agus tabharfar le chéile sa straitéis seo cláir beartais réigiúnaigh AE 2014-20 (amhail faoi Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta AE), agus na creata beartais réigiúnacha agus náisiúnta ábhartha eile.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

*Straitéis macrairéigiúnach : is é seo creat comhtháite a théann i ngleic leis na dúshláin chomónta a bhíonn os comhair limistéar geografach faoi leith.

Tá ceithre straitéis mhacrairéigiúnacha AE ann i láthair na huaire:

Straitéis AE do Réigiún na nAlp.

CÚLRA

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Straitéis an Aontais Eorpaigh do Réigiún na nAlp (COM(2015) 366 final an 28.7.2015)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Doiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin — Plean Gníomhaíochta ag gabháil leis an doiciméad teachtaireachta ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Straitéis an Aontais Eorpaigh do Réigiún na nAlp (SWD(2015) 147 final an 28.07.2015)

Conclúidí na Comhairle Eorpaí an 19-20 Nollaig 2013

Nuashonraithe 16.11.2015