Ciste Sóisialta na hEorpa

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 – Ciste Sóisialta na hEorpa

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

PRÍOMHPHOINTÍ

Aidhmeanna foriomlána

Déanann CSE infheistíocht i ndaoine chun deiseanna fostaíochta agus oideachais a fheabhsú ar fud AE. Thar thréimhse 2014-2020, tá sé mar aidhm leis aird ar leith a thabhairt ar dhreamanna leochaileacha, lena n–áirítear an óige. Déantar cur síos sa Rialachán ar raon feidhme CSE agus an gaol atá aige leis an Tionscnamh Fostaíochta don Ógra (TFAO).

Príomhthéamaí

Díríonn CSE ar roinnt téamaí lárnacha lena n–áirítear:

Réigiúin incháilithe

Tá gach tír AE i dteideal cistiú ó CSE. Is féidir le raon leathan eagraíochtaí, ó na hearnálacha poiblí agus príobháideacha araon, iarratas a dhéanamh trí na tíortha AE.

Tosaíochtaí buiséid

Den chéad uair, tá sciar íosta tugtha isteach do CSE, sciar atá socraithe ag 23.1 % den bheartas comhtháthaithe, arb ionann é agus níos mó ná EUR 80 billiún curtha in áirithe le haghaidh chláir CSE le linn na tréimhse clárúcháin 2014-2020.

I ngach tír AE, ní mór ar a laghad 20 % de CSE a chur in áirithe do chuimsiú sóisialta agus don bhochtaineacht a chomhrac. Is éard atá i gceist leis sin cabhrú le daoine leochaileacha agus dreamanna atá faoi mhíbhuntáiste scileanna agus poist a fháil a theastaíonn uathu chun iad féin a chomhtháthú sa mhargadh saothair.

Ní mór do CSE cúnamh spriocdhírithe a chur ar fáil do dhaoine óga trí bhíthin EUR 3.2 billiún breise ar a laghad a chur leis an TFAO. Faoin tionscnamh sin, ní mór tacaíocht a thabhairt go heisiach do dhaoine óga nach bhfuil fostaithe, i mbun oideachais ná i mbun oiliúna i réigiúin ina bhfuil rátaí dífhostaíochta óige os cionn 25 %.

I bhfianaise an ghá atá leis na hardleibhéil dhianseasmhacha um dhífhostaíocht na hóige in AE, le Rialachán (AE) 2015/779 leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013. Méadaítear leis leibhéal an réamh-mhaoinithe tosaigh a íoctar i leith cláir oibriúcháin arna dtacú ag an TFAO in 2015 ó 1 % go 30 %.

Díriú ar thorthaí

Ní mór do na cláir a bheith dírithe ar thorthaí agus bunaithe ar phrionsabal na breisíochta.1. Tá an mheicníocht chomhchruinnithe (i.e. bearta an-fhócasaithe ar spriocghrúpa faoi leith) tábhachtach maidir le fíorthionchar a imirt ar bhonn praiticiúil.

Cur chun feidhme

Trí Chomhaontuithe Comhpháirtíochta agus trí Chláir Oibriúcháin arna gcomhaontú idir tíortha AE agus an Coimisiún Eorpach, leagtar síos an creat i gcomhair infheistíochtaí straitéiseacha ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach.

Comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí

Sonraítear le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le hoibríocht Comhpháirtíochta Príobháidí Poiblí (“CPP”) go bhféadfadh tairbhí a bheith ina chomhlacht atá rialaithe faoi dhlí príobháideach thír AE (“comhpháirtí príobháideach”). Féadfar an comhpháirtí príobháideach (a roghnaítear chun an oibríocht a chur chun feidhme) a ionadú mar thairbhí le linn an chur chun feidhme i gcás inar gá sin faoi théarmaí agus coinníollacha an CPP nó faoin gcomhaontú maoiniúcháin idir an comhpháirtí príobháideach agus an institiúid airgeadais a thugann cómhaoiniú don oibríocht.

Leagtar síos le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1076 ón gCoimisiún rialacha breise maidir le tairbhí a ionadú agus maidir leis na cúraimí gaolmhara. I gcás ionadú an tairbhí in oibríocht CPP arna maoiniú ag na Cistí Eorpacha Struchtúracha agus Infheistíochta (Cistí SIE), is gá a áirithiú, i ndiaidh an ionadaithe, go soláthróidh an comhpháirtí nó an comhlacht nua an tseirbhís chéanna ar a laghad leis na híoschaighdeáin cháilíochta chéanna, a theastaigh i leith an chéad chonartha CPP. Leagtar amach leis an rialachán seo freisin na nósanna imeachta maidir le tograí chun comhpháirtí príobháideach a ionadú agus chun an comhpháirtí príobháidach a dhearbhú, chomh maith le íoschaighdeáin atá le cuimsiú sna comhaontuithe CPP arna maoiniú ag na Cistí SIE.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón .

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Prionsabal na breisíoctha: Ní fhéadfar maoiniú CSE a chur in ionad chaiteachas náisiúnta thír AE.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán Uimh. 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 (IO L 347, , lgh. 470–486)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is deireanaí