Leasanna muirí an Aontais Eorpaigh a chosaint

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht chomhpháirteach (JOIN(2014) 9 final) — Le haghaidh réimse muirí domhanda atá oscailte agus slán: gnéithe maidir leis an straitéis Eorpach um shlándáil mhuirí

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

PRÍOMHPHOINTÍ

Tugtar chun suntais sa straitéis príomhleasanna straitéiseacha slándála muirí AE:

Sainaithnítear inti roinnt bagairtí slándála muirí chomh maith lena n áirítear:

Pléifear leasanna straitéiseacha slándála muirí AE agus na bagairtí sa straitéis Eorpach um shlándáil mhuirí trí chur chuige trasearnála2 lena mbeidh ceithre chuspóir shainiúla:

Chun rialachas muirí níos fearr ar leibhéal AE, a bhaint amach leagtar amach ceithre phrionsabal threoracha sa teachtaireacht:

Ní mór iad sin a chur i bhfeidhm i gcúig réimse um chomhar feabhsaithe:

Comhlánaítear straitéis AE um shlándáil mhuirí le plean gníomhaíochta a glacadh i mí na Nollag 2014 agus a athbhreithníodh i mí an Mheithimh 2018. Leagtar amach sa phlean gníomhaíochta 90 gníomhaíocht lena dtugtar le chéile gnéithe inmheánacha agus seachtracha maidir le slándáil mhuirí AE.

Dírítear sa chéad chuid, ina gclúdaítear gníomhaíochtaí cothrománacha, ar chúig phríomhréimse:

Clúdaítear sa dara cuid gnóthaí muirí réigiúnacha agus domhanda, i gcás go bhféachann an tAontas Eorpach le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda trí fhreagairtí réigiúnacha ar theophointí ar muir ar bhonn intíre — in imchuacha farraige Eorpacha, amhail an Mheánmhuir agus an Mhuir Dhubh — agus go hidirnáisiúnta, i Murascaill na Guine, Corn na hAfraice, an Mhuir Rua nó oirdheisceart na hÁise.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Gluaiseachta neamhurchóidí. An ceart atá ag soitheach dul thar uiscí teorann stáit eile faoi choinníollacha áirithe.
  2. Cur chuige trasearnála. Baineann sé sin le comhar na gcomhpháirtithe uile ó údaráis shibhialta agus mhíleata (póilíní, na breithiúna, rialú teorann, cigireacht custaim agus iascaigh, údaráis chomhshaoil, maoirseacht long, taighde agus nuálaíocht, cabhlaigh) don tionscal (loingseoireacht, slándáil phríobháideach, teicneolaíocht cumarsáide, tacaíocht inniúlachta, na comhpháirtithe sóisialta).
  3. Sláine fheidhmhiúil. Dírítear é sin ar mheasúnú a dhéanamh ar cad iad na feidhmeanna nó cúraimí sonracha a fheidhmíonn comhpháirtithe áirithe is féidir a bhaint amach ar bhealach níos fearr trí oibriú le chéile agus le comhpháirtithe eile.
  4. Iltaobhachas muirí. Príomhphrionsabal i gcás go ndéileáiltear le ceisteanna casta óna dteastaíonn freagairt agus comhar idirnáisiúnta sa réimse muirí. Is é an smaoineamh go bhfuil an tAontas Eorpach níos láidre, agus go bhfuil a leasanna á gcosaint ar an dóigh is fearr, ag labhairt dó d’aon ghuth le comhpháirtithe idirnáisiúnta.
  5. Meas ar rialacha agus ar phrionsabail. Cuireann an tAontas Eorpach meas ar an dlí idirnáisiúnta, ar chearta an duine agus ar dhaonlathas, agus comhlíonadh iomlán Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige agus a spriocanna chun cinn mar na príomhghnéithe le haghaidh dea-rialachas ar muir bunaithe ar rialacha.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Le haghaidh réimse muirí domhanda atá oscailte agus slán: gnéithe maidir le straitéis an Aontais Eorpaigh um shlándáil mhuirí (JOIN(2014) 9 final an ).

nuashonrú is deireanaí