Airteagal 29 den Chonradh ar an Aontas Eorpach
Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
Smachtbhannaí de réir a chéile
Féadfaidh an tAontas réimse smachtbhannaí de réir a chéile a fhorchur i gcoinne tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, lena n–áirítear iad seo a leanas:
D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i gceist le bearta toirmisc:
I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé go gceadófaí eisceachtaí a thabhairt ar an reo sócmhainní chun gur féidir táirgí a fhreastalaíonn ar bhunriachtanais (amhail bia nó cógais) a allmhairiú.
Féadfaidh na Ballstáit díolúintí ó thoirmeasc taistil a thabhairt i gcúinsí sonracha chomh maith (mar shampla, chun cead a thabhairt do bhall ceadaithe rialtais ó thír nach tír den Aontas Eorpach í páirt a ghlacadh i gcomhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe arna tionól ina dtír).
Tionchar agus éifeachtaí
Ceaptar smachtbhannaí le go mbeadh éifeachtaí polaitiúla agus eacnamaíocha leo. Baineann siad leis an méid seo a leanas:
Tabhairt isteach córas um bearta sriantacha
Tugadh trí chóras um bearta sriantacha isteach in 2018 agus 2019:
Sárú ar bhearta sriantacha a cuireadh leis an liosta coireanna AE
I mí na Samhna 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2022/2332, lena sainaithnítear sárú ar bhearta sriantacha AE mar choir a chomhlíonann na critéir atá sonraithe in Airteagal 83(1) CFAE.
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal V — Forálacha ginearálta maidir le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais agus forálacha faoi leith maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Caibidil 2 — Forálacha faoi leith maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Roinn 1 — Forálacha comhchoiteanna — Airteagal 29 (sean–Airteagal 15 CAE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 33).
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid 5 — Gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais — Teideal IV — Bearta sriantacha — Airteagal 215 (sean–Airteagal 301 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 144).
Cinneadh (AE) 2022/2332 ón gComhairle an 28 Samhain 2022 maidir le sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a shainaithint mar limistéar coireachta a chomhlíonann na critéir a shonraítear in Airteagal 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO L 308, 29.11.2022, lgh. 18-21).
Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh a ghlac an Chomhairle an 21 Feabhra 2022 (trealamh a chumhdaítear le Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle lena sainmhínítear comhrialacha lena rialaítear rialú onnmhairithe teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata) (IO C 100, 1.3.2022, lgh. 3-35).
Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé–úsáide a rialú (athmhúnlú) (IO L 206, 11.6.2021, lgh. 1-461).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2021/821 a chorprú sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE) 2019/1890 ón gComhairle an 11 Samhain 2019 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir thoir (IO L 291, 12.11.2019, lgh. 3-12).
Féach an leagan comhdhlúite.
Cinneadh (CBES) 2019/1894 ón gComhairle an 11 Samhain 2019 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir thoir (IO L 291, 12.11.2019, lgh. 47-53).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán(AE) 2019/796 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 maidir le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe atá ina mbagairt ar an Aontas nó ar a Bhallstáit (IO L 129 I, 17.5.2019, lgh. 1-12).
Féach an leagan comhdhlúite.
Cinneadh (CBES) 2019/797 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 maidir le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe atá ina mbagairt ar an Aontas nó ar a Bhallstáit (IO L 129 I, 17.5.2019, lgh. 13-19).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán(AE) 2018/1542 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2018 maidir le bearta sriantacha in aghaidh leathadh agus úsáid arm ceimiceach (IO L 259, 16.10.2018, lgh. 12-21).
Féach an leagan comhdhlúite.
Cinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2018 maidir le bearta sriantacha in aghaidh leathadh agus úsáid arm ceimiceach (IO L 259, 16.10.2018, lgh. 25-30).
Féach an leagan comhdhlúite.
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais an Aontais agus gníomhaíochtaí inmheánacha — Teideal V — Limistéar saoirse, slándála agus ceartais — Caibidil 4 — Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla — Airteagal 83 (sean–Airteagal 31 CAE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 80-81).
Nuashonraithe 05.05.2023