Oibríochtaí míleata agus cosanta an Aontais Eorpaigh a mhaoiniú (Athena)

ACHOIMRE AR:

Cinneadh (CBES) 2015/528 ón gComhairle – maoiniú costais choiteanna oibríochtaí de chuid an Aontais Eorpaigh a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta ag gabháil leo (Athena)

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA CHINNEADH SEO ÓN GCOMHAIRLE?

Bunaítear sásra leis chun maoiniú costais choiteanna oibríochtaí de chuid an Aontais Eorpaigh a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta ag gabháil leo, Athena, a bhainistiú.

Sásra neamhbhrabúis is ea Athena agus tá an cumas dlí is gá aige conarthaí a dhéanamh agus a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla, i measc nithe eile.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is é an Coiste Speisialta comhlacht cinnteoireachta Athena, ina bhfuil ionadaí amháin ó gach ceann de na 27 tír AE a thugann ranníocaíochtaí i leith maoiniú oibríochtaí míleata AE (tá an Danmhairg díolmhaithe ó ghníomhaíochtaí a bhaineann le cosaint i gcomhthéacs AE).

tá trí chomhlacht bainistíochta faoin gcoiste speisialta:

an Riarthóir, a dhréachtaíonn dréachtbhuiséid (a chuirtear isteach chuig an gCoiste Speisialta), agus a chuireann cinntí an Choiste Speisialta i bhfeidhm;

An Ceannasaí Oibríochtaí, a chuireann tograí caiteachais chuig an Riarthóir, i measc nithe eile, agus

An tOifigeach Cuntasaíochta.

Sainítear sa Chinneadh costais incháilithe an chómhaoinithe ag Athena ag brath ar chéim na hoibríochta, atá sainithe ina iarscríbhinní:

Iarscríbhinn I — na costais choiteanna arna gcumhdach ag Athena nuair a thabhaítear iad;

Iarscríbhinn II — costais a thabhaítear ó chéim ullmhúcháin na n-oibríochtaí (e.g. misin thaiscéalaíocha, aslonnú leighis éigeandála sa chás nach féidir cóireáil leighis a chur ar fáil ar an toirt); agus

Iarscríbinn III — costais a thabhaítear ó chéim ghníomhach na n-oibríochtaí, etc. Baineann siad sin le costais cheanncheathrú oibríochtaí arna stiúradh ag AE, iompar, beairicí agus lóisteáil, cumarsáid, etc.

Gach bliain, molann an Riarthóir an dréachtbhuiséad don Choiste Speisialta don bhliain dar gcionn. Dréachtaítear é sin le tacaíocht ó gach ceannasaí oibríochta. Ní mór réamhaisnéis ar an ioncam chun caiteachas a chumhdach a bheith ann mar aon le leithdháiltí airgeadais chun an méid seo a leanas a chumhdach:

costais choiteanna a thabhaítear in ullmhú na n-oibríochtaí,

costais le haghaidh oibríochtaí atá ar siúl nó atá pleanáilte cheana.

Áirítear iad seo a leanas ar shamplaí de na hoibríochtaí a fhaigheann tairbhe ó mhaoiniú Athena:

EUFOR ALTHEA sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

EUNAVFOR ATALANTA (Corn na hAfraice)

EUMAM RCA (Poblacht na hAfraice Láir).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH SEO?

Tháinig sé i bhfeidhm an 27 Márta 2015.

CÚLRA

Ghlac Comhairle AE an chéad doiciméad (10155/02) maidir le maoiniú oibríochtaí bainistíochta géarchéime arna stiúradh ag AE in 2002. Idir an dá linn, cruthaíodh sásra Athena le Cinneadh 2004/197/CBES ar dtús. Rinneadh an Cinneadh sin a leasú cúpla uair agus cuireadh Cinneadh (CBES) 2015/528 ina ionad ar deireadh in 2015 .

Athena - maoiniú oibríochtaí slándála agus cosanta ar shuíomh gréasáin Chomhairle an Aontais Eorpaigh

GNÍOMH

Cinneadh (CBES) 2015/528 ón gComhairle an 27 Márta 2015 lena mbunaítear sásra do mhaoiniú costais choiteanna oibríochtaí de chuid an Aontais Eorpaigh a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta ag gabháil leo, Athena, a riar agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/871/CBES (IO L 84, 28.3.2015, lgh. 39-63)

Nuashonraithe 16.11.2015