An Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint
ACHOIMRE AR:
Chinneadh (CBES) 2015/1835 — reacht, suíochán agus rialacha oibríochtúla na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint
ACHOIMRE
CÉARD A DHÉANANN AN CINNEADH SEO?
Leagtar síos sa chinneadh seo rialacha maidir le feidhmiú na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (GEC), rud a chuireann creat dlíthiúil agus institiúideach ar fáil chun a chur ar chumas thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) comhoibriú le chéile chun cumais mhíleata a fhorbairt i gcomhthéacs chomhbheartas eachtrach agus slándála AE, agus go háirithe, i gcomhthéacs chomhbheartas slándála agus cosanta AE (CBES).
PRÍOMHPHOINTÍ
Is iad seo a leanas tascanna an GEC:
-
cur le cuspóirí cumas míleata na dtíortha AE a aithint agus a gceangaltais chumais a mheas;
-
comhchuibhiú riachtanas oibríochtúil a chur chun cinn (e.g. trí chomhchuibhiú riachtanas míleata a chur chun cinn agus a chomhchuibhiú nó trí sholáthar cost-éifeachtach agus éifeachtúil a chur chun cinn bunaithe ar an dea-chleachtas a aithint agus a scaipeadh);
-
tionscadail a chur i bhfeidhm chun cuspóirí cumas míleata a chomhlíonadh agus chun a chinntiú go ndéantar cláir chomhordaithe a chur i bhfeidhm ag tíortha AE;
-
tacú le taighde ar theicneolaíocht chosanta agus comhghníomhaíochtaí taighde a chomhordú/phleanáil;
-
cur le bonn tionsclaíoch earnáil chosanta AE a neartú chun éifeachtúlacht an chaiteachais mhíleata a fheabhsú;
-
féachaint le comhleanúnachas a bhaint amach maidir le beartais AE eile a bhfuil impleachtaí cosanta acu;
-
comhar cosanta níos dlúithe a chothú idir tíortha AE;
-
tacú le hoibríochtaí CBES.
Rialachas GEC:
-
Tá ceanncheathrú ag GEC sa Bhruiséil agus déanann Comhairle AE maoirseacht pholaitiúil agus rialú air. Tugann GEC cuntas don Chomhairle agus faigheann sé treoirlínte uaithi.
-
Is é Ceannaire na Gníomhaireachta ná Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, atá i gceannas ar an mBord Stiúrtha agus a chruthaíonn nasc idir GEC agus an Chomhairle.
-
Tá Príomhfheidhmeannach GEC, le cuidiú ón Leas-Phríomhfheidhmeannach, freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar obair GEC agus as an obair sin a chomhordú. Ceaptar ag an mBord Stiúrtha iad.
-
Déanann an Bord Stiúrtha cinntí ar son GEC; tá Airí Cosanta ó gach tír AE (ach amháin an Danmhairg) agus ionadaí ón gCoimisiún Eorpach ar an mbord. Tagann baill an bhoird le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad chun cinntí a dhéanamh maidir le cúrsaí áirithe, lena n-áirítear an buiséad bliantúil, an clár oibre agus tionscnaimh nua.
Cistiúchán:
-
Maoinítear costais oibriúcháin GEC ag tíortha AE (ach amháin an Danmhairg) i gcomhréir lena n-ollioncam náisiúnta (OIN).
-
Maoinítear tionscadail aonair ag tíortha AE a ghlacann páirt iontu.
CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN GCINNEADH?
Cuireadh an cinneadh i bhfeidhm an 13 Deireadh Fómhair 2015.
CÚLRA
Bunaíodh GEC in 2004. Ó shin i leith, rinneadh roinnt leasuithe ar reacht, ar shuíochán agus ar rialacha oibríochtúla na gníomhaireachta. Daingnítear na hathruithe sin sa chinneadh seo.
GNÍOMH
Cinneadh (CBES) 2015/1835 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2015 lena leagtar amach reacht, suíochán agus rialacha oibríochtúla na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (IO L 266, 13.10.2015, lgh. 55-74)
Nuashonraithe 15.02.2016