Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2013/189/CBES ón gComhairle lena mbunaítear Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint (CESC)

CAD A DHÉANTAR SA CHINNEADH?

PRÍOMHPHOINTÍ

Is éard atá sa Choláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint (CESC) gréasán d’institiúidí náisiúnta, de choláistí, d’acadaimh agus d’údaráis ar fud an Aontais Eorpaigh (AE) ag déileáil le ceisteanna um beartais slándála agus chosanta, chomh maith le hInstitiúid an Aontais Eorpaigh um Staidéar Slándála. Oibríonn sé faoi fhreagracht fhoriomlán Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála. Bunaíodh an coláiste i mí Iúil 2005.

Seo a leanas príomhchuspóirí an CESC:

Is iad príomhthascanna an CESC ná gníomhaíochtaí oiliúna aeagrú agus a chur ar siúl i réimse CBSC. Tá 3 chineál oiliúna ann:

Seo a leanas roinnt gníomhaíochtaí eile de chuid an CESC:

Struchtúr an CESC

Ar fhoireann CESC tá baill foirne atá ar iasacht don CESC ó institiúidí AE, ó na gníomhaireachtaí SEGS agus AE, chomh maith le saineolaithe náisiúnta ar iasacht ó thíortha AE.

Buiséad

Faigheann an CESC ranníocaíocht bhliantúil ó bhuiséad AE chomh maith le ranníocaíochtaí comhchineáil do ghníomhaíochtaí oiliúna an CESC. Faightear roinnt cistiúcháin bhreise ó na tíortha agus institiúidí AE nó ó bhronntóirí eile.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá feidhm leis ón 1 Aibreán 2013.

CÚLRA

Cuireann an Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint oiliúint ar fáil maidir le comhbheartas slándála agus cosanta AE i gcomhthéacs an chomhbheartais eachtraigh agus slándála. Forbraítear comhthuiscint ar an CBSC ag an choláiste agus scaiptear dea-chleachtas sa réimse seo, leis.

GNÍOMH

Cinneadh 2013/189/CBES ón gComhairle an 22 Aibreán 2013 lena mbunaítear Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint (CESC) agus lena n-aisghairtear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/550/CBES (IO L 112, 24.4.2013, lgh. 22-29)

Rinneadh leasuithe leantacha ar Chinneadh 2013/189/CBES a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach leagan doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 04.07.2016