Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh (CBES) 2016/2382 lena mbunaítear Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

PRÍOMHPHOINTÍ

Is éard atá sa CESC gréasán d’institiúidí náisiúnta, de choláistí, d’acadaimh agus d’institiúidí ar fud AE a dhéileálann le ceisteanna um beartais slándála agus chosanta, chomh maith le hInstitiúid an Aontais Eorpaigh um Staidéar Slándála.

Oibríonn sé faoi fhreagracht fhoriomlán Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

Bunaíodh an coláiste i mí Iúil 2005.

Is iad seo a leanas príomhchuspóirí CESC:

Is iad príomhchúraimí CESC gníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais a eagrú agus a chur ar siúl i réimse CBSC. Áirítear leo sin:

Áirítear iad seo a leanas ar ghníomhaíochtaí eile de chuid CESC:

Is é seo a leanas struchtúr CESC:

Tá foireann CESC comhdhéanta de bhaill foirne atá ar iasacht do CESC, ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus ó ghníomhaireachtaí AE, chomh maith le saineolaithe náisiúnta ar iasacht ó thíortha AE. Soláthraíonn SEGS tacaíocht lóistíochta don Rúnaíocht, atá comhshuite le SEGS.

Buiséad

Faigheann CESC ranníocaíocht bhliantúil ó bhuiséad AE chomh maith le ranníocaíochtaí comhchineáil do ghníomhaíochtaí oiliúna CESC. Faightear roinnt cistiúcháin bhreise ó thíortha agus institiúidí AE nó ó bhronntóirí eile.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2017.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh (CBES) 2016/2382 ón gComhairle an 21 Nollaig 2016 lena mbunaítear Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint (CESC) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2013/189/CBES (IO L 352, 23.12.2016, lgh. 60-73)

Rinneadh leasuithe ina dhiaidh sin ar Chinneadh (CBES) 2016/2382 a chorprú sa bhuntéacs. Níl ach luach doiciméadach amháin de luach ar an leagan comhdhlúite seo.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal V — Forálacha ginearálta maidir le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus forálacha sainiúla maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Caibidil 1 — Forálacha ginearálta maidir le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais — Airteagal 21 (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 28-29)

Cinneadh 2013/189/CBES ón gComhairle an 22 Aibreán 2013 lena mbunaítear Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint (CESC) agus lena n-aisghairtear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/550/CBES (IO L 112, 24.4.2013, lgh. 22-29)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 04.10.2018