Treoir 2014/95/AE maidir le faisnéis neamhairgeadais agus éagsúlachta a nochtadh
Ceanglaítear ar chuideachtaí móra áirithe léi faisnéis neamhairgeadais ábhartha a nochtadh chun léargas níos soiléire a chur ar fáil d’infheisteoirí agus do pháirtithe leasmhara eile maidir le forbairt, feidhmíocht, staid agus tionchar a ngníomhaíochta.
Tá feidhm ag an treoir maidir le cuideachtaí agus grúpaí móra áirithe ina bhfuil níos mó ná 500 fostaí.
Ceanglaítear ar na cuideachtaí sin athbhreithniú a dhéanamh ar a samhlacha gnó, ar bheartais, ar na príomhrioscaí agus ar na príomhthorthaí, lena n–áirítear ar:
Mura bhfuil beartas ag cuideachtaí ar cheann de na réimsí sin, ba chóir an fáth nach bhfuil a mhíniú sa ráiteas neamhairgeadais. Ní mór do chuideachtaí chomh maith tuairisc a thabhairt ar a bpolasaí maidir le héagsúlacht an bhoird stiúrthóirí.
Ba cheart do chuideachtaí an fhaisnéis sin a nochtadh ina dtuarascáil bhliantúil, cé gur roghnaigh roinnt tíortha AE a cheadú do chuideachtaí an fhaisnéis sin a nochtadh i dtuarascáil ar leith más mian leo. Agus a ráitis á n–ullmhú acu, féadfaidh cuideachtaí treoirlínte náisiúnta, Eorpacha nó idirnáisiúnta a úsáid amhail Comhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe.
Sholáthair an Coimisiún Eorpach treoirlínte neamhcheangailteacha maidir le conas faisnéis neamhairgeadais a thuairisciú in 2017. In 2019 soláthróidh sé treoirlínte breise ar conas faisnéis faoin aeráid a thuairisciú.
Níl sé de cheangal ar fhochuideachta ráiteas a dhéanamh má tá an fhaisnéis san áireamh i dtuarascáil a máthairchuideachta (i.e. an chuideachta a rialaíonn bainistíocht agus oibriú na fochuideachta).
Tá feidhm leis an treoir ón . B’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin Bhí ar chuideachtaí tuairisciú a dhéanamh i gcomhréir leis an treoir den chéad uair in 2018, agus an bhliain 2017 á clúdach.
Treoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leasaítear Treoir 2013/34/AE maidir le faisnéis neamhairgeadais agus éagsúlachta á nochtadh ag cuideachtaí agus ag grúpaí móra áirithe (IO L 330, , lgh. 1-9)
nuashonrú is deireanaí