Maoirseacht a dhéanamh ar shláinte na mbanc: cuntasacht agus trédhearcacht an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE)

Bíonn ar an Bhanc Ceannais Eorpach (BCE) a bheith cuntasach do Pharlaimint na hEorpa agus an chumhacht maidir le maoirseacht baincéireachta Eorpach á feidhmiú aige.

ACHT

Comhaontú Idirinstitiúideach 2013/694/AE idir Parlaimint na hEorpach agus an Banc Ceannais Eorpach (BCE) maidir leis na modheolaíochtaí praiticiúla a bhaineann le cuntasacht dhaonlathach a fheidhmiú agus le maoirseacht ar fheidhmiú na dtascanna arna dtabhairt don BCE laistigh de chreat an tSásra Mhaoirseachta Aonair.

ACHOIMRE

Tá d’oibleagáid ar an Bhanc Ceannais Eorpach (BCE), mar mhaoirseoir ar na bainc sa limistéar euro, a bheith trédhearcach agus cuntasach do Pharlaimint na hEorpa (PE). Sannadh tasc nua dó mar fhreagairt do ghéarchéim na bliana 2008 lena chinntiú nach mbraitheann an mhaoirseacht baincéireachta Eorpach chomh mór sin ar chomaoineacha náisiúnta (téigh i muinín le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh (AE) lena mbunaítear “sásra maoirseachta aonair” má tá tuilleadh mionsonraí uait).

Is ríthábhachtach é seo maidir le dlisteanacht a róil mhaoirseachta. Seo an chéad uair a ndéantar cumhachtaí tábhachtacha maidir le maoirseacht ar bhainc a aistriú ó leibhéal náisiúnta go dtí leibhéal Eorpach. Is féidir cinntí íogaire a bheith i dtreis toisc go ndéantar sláinte airgeadais na mbanc a mheas. Mar shampla, is féidir leis an BCE a éileamh ar bhanc áirithe caipiteal breise a bheith i seilbh aige.

Os a choinne sin, cothaítear neamhspleáchas an BCE agus a ról tosaigh á fheidhmiú aige, is é sin freagracht as beartas airgeadaíochta sa limistéar euro. An príomhchuspóir anseo ná cobhsaíocht phraghsanna a chinntiú.

Na praiticiúlachtaí lena rialaítear maoirseacht dhaonlathach ag PE ar thasc nua maoirseachta an BCE, leagtar amach iad i gcomhaontú idirinstitiúideach idir an dá institiúid ón bhliain 2013. Is iad seo a leanas príomheilimintí an chomhaontaithe seo:

1.

Éisteachtaí agus díospóireachtaí

Bíonn ar ionadaithe ón BCE teacht os comhair PE go rialta le haghaidh éisteachtaí a thionóltar go poiblí. Tá cead ag an dá institiúid díospóireachtaí béil príobháideacha a reáchtáil chomh maith. Sa chás seo, bíonn na rannpháirtithe faoi réir ag ceanglais rúndachta. Bíonn ar an BCE tuarascáil a chur faoi bhráid PE gach bliain maidir lena thasc nua maoirseachta a chomhlíonadh.

2.

Rochtain ar eolas

Cuireann an BCE taifid uileghabhálacha lánbhrí ar fáil do PE a bhaineann le díospóireachtaí ag cruinnithe bhord maoirseachta an BCE.

3.

Imscrúdú

Is féidir le PE tabhairt faoi imscrúduithe maidir le hearráidí a d’fhéadfadh tarlú agus tasc maoirseachta an BCE á fheidhmiú. Ina leithéid de chás, bíonn ar an BCE comhoibriú go hiomlán le PE.

4.

Ceapacháin

Glacann PE páirt sa phróiseas ceapacháin do Chathaoirleach agus do Leaschathaoirleach bhord maoirseachta an BCE.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Comhaontú Idirinstitiúideach 2013/694/AE

-

-

IO L 320, 30.11.2013, lch. 1

ACHT GAOLMHAR

Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle lena dtugtar tascanna sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa [Iris Oifigiúil L 287, 29.10.2013, lch. 63].

Nuashonrú is déanaí: 15.06.2014