Tá sé mar aidhm leis an rialachán, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar a dtugtar an rialachán maidir le ceanglais chaipitil (CCR), ceanglais stuamachta banc san Aontas Eorpach (AE) a neartú. Déantar é sin trína cheangal orthu caipiteal, dliteanais ionsúcháin caillteanais agus sócmhainní leachtacha leordhóthanacha a choinneáil, chun a bhfóntacht airgeadais a áirithiú. Ceanglaítear leis an rialachán ar bhainc chomh maith conas a chomhlíonann siad na ceanglais stuamachta a nochtadh don phobal.
Is é an cuspóir foriomlán na bainc a dhéanamh níos stóinsithe agus níos athléimní i dtréimhse struis eacnamaíoch.
PRÍOMHPHOINTÍ
Go ginearálta, bunaítear leis an rialachán sraith aonair de rialacha stuamachta comhchuibhithe agus is gá do na bainc ar fud AE cloí leis na rialacha sin. Tá sé mar aidhm leis an leabhar rialacha aonair sin a áirithiú go gcuirfear caighdeáin dhomhanda (Basel III) i bhfeidhm go haonfhoirmeach i mBallstáit uile AE.
Leasaíodh an reachtaíocht roinnt uaireanta, i gcomhréir leis na caighdeáin rialála idirnáisiúnta atá ag teacht chun cinn arna leagan síos ag Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht.
Áirítear iad seo a leanas ar phríomh–nuálaíochtaí Rialachán (AE) Uimh. 575/2013:
Ceanglais chaipitil níos airde agus níos fearr. Ní mór do bhainc méid iomlán caipitil a chomhfhreagraíonn do 8% dá sócmhainní arna dtomhas de réir a rioscaí a bheith acu. Mar shampla, meastar go bhfuil roinnt sócmhainní, amhail airgead tirim, sábháilte agus nach mealltar ceanglas caipitil leo; meastar go bhfuil riosca níos mo ag baint le sócmhainní eile — amhail iasachtaí do bhainc eile, do ghnólachtaí nó do thomhaltóirí — agus dá bhrí sin tá ceanglas caipitil ag bain leo. Dá mhéad sócmhainní atá ag institiúid a bhfuil riosca níos mó ag baint leo, is amhlaidh go gcaithfidh sí níos mó caipitil a bheith aici.
Bearta leachtachta. Lena áirithiú go bhfuil acmhainní leachtachta leordhóthanacha ag bainc, tugtar isteach dhá cheanglas leachtachta leis an rialachán:
an cóimheas cumhdaigh ar leachtacht, lena bhféachtar lena áirithiú go bhfuil go leor sócmhainní leachtacha ag bainc (e.g. airgead tirim nó sócmhainní eile ar féidir iad a athrú go tapa go dtí airgead tirim gan mórán luacha nó gan aon luach a chailleadh) sa ghearrthéarma;
an ceanglas glanchistiúcháin chobhsaí, lena bhféachtar lena áirithiú nach mbeidh bainc ag brath an iomarca ar mhaoiniú gearrthéarmach lena sócmhainní meántéarmacha agus fadtéarmacha a mhaoiniú.
Srian a chur le giaráil. Leagtar amach sa rialachán cóimheas giarála ceangailteach, lena bhféachtar le teorainn a chur ar bhainc cion rómhór dá gcuid gníomhaíochtaí a mhaoiniú le fiachas.
Reachtaíocht leasaitheach
Le Rialachán leasaitheach (AE) 2016/1014 cuireadh síneadh leis an tréimhse a bhfuil déileálaithe tráchtearraí díolmhaithe lena linn ó na neamhchosaintí móra agus ó na ceanglais maidir le cistí dílse atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 go dtí an nó an dáta a thiocfaidh aon leasuithe i bhfeidhm, cibé ceann acu is luaithe.
Tugadh socruithe idirthréimhseacha isteach le Rialachán leasaitheach (AE) 2017/2395 agus le Rialachán leasaitheach (AE) 95 chun maolú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag an mBord Idirnáisiúnta um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Cuntasaíochta (RS 9) (IFRS 9)1 ar chistí dílse agus ar láimhseáil mhór risíochtaí áirithe san earnáil phoiblí atá ainmnithe in airgeadra baile Ballstáit ar bith. Ceanglaíodh leis ar na bainc a úsáideann IFRS a ráitis airgeadais a ullmhú chun IFRS 9 a chur i bhfeidhm ón i leith. Toisc go bhféadfadh méadú suntasach tobann a bheith mar thoradh air sin ar fhorálacha maidir le caillteanas creidmheasa a bhfuiltear ag súil leo — agus dá bhrí sin laghdú tobann a dhéanamh ar chothromas comhchoiteann institiúidí de réir 1 bhonn 2 — cheadaigh an rialachán d' institiúidí cuid den mhéadú ar fhorálacha maidir le caillteanas creidmheasa ionchais a chur lena leibhéal comhchoiteann cothromais 1 chaipiteal mar chaipiteal breise ar feadh idirthréimhse cúig bliana go dtí an .
Leagtar síos le Rialachán leasaitheach (AE) 2017/2401 ceanglais chaipitil athbhreithnithe maidir le staideanna in urrúsú3. Déantar leasú leis ar na ceanglais chaipitil rialála le haghaidh institiúidí a ghníomhaíonn mar thionscnóirí, mar urraitheoirí nó mar infheisteoirí in idirbhearta urrúsaithe, chun gnéithe sainiúla urrúsuithe simplí, trédhearcacha agus caighdeánaithe a léiriú go leordhóthanach.
Leasaítear le Rialachán leasaitheach (AE) 2019/630 Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le cumhdach caillteanais íosta le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha. Tá sé mar aidhm leis cosc a chur ar charnadh iomarcach caillteanais4 ar chláir chomhardaithe na mbanc, gan iad a chumhdach go leordhóthanach. Féachtar leis lena áirithiú go gcuirfidh bainc a ndóthain acmhainní dílse ar leataobh i gcás go dtiocfaidh iasachtaí nua chun bheith neamhthuillmheach. Leagtar síos leis an rialachán cúlstop stuamachta trína bhféadfaidh institiúidí na caillteanais a tabhaíodh agus na caillteanais ionchais ar iasachtaí nua–thionscanta a chumhdach suas go dtí na gnáthleibhéil íosta nuair a thiocfaidh a hiasachtaí sin chun bheith neamhthuillmheach. I gcás nach gcomhlíonann banc an t–íoscheanglas um chumhdach is infheidhme, beidh asbhaintí óna chistí dílse i bhfeidhm.
Tugadh isteach le Rialachán leasaitheach (AE) 2019/876 athruithe a bhaineann leis an gcóimheas giarála, an cóimheas glanchistiúcháin cobhsaí, ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, riosca creidmheasa contrapháirtí, riosca margaidh, neamhchosaintí ar chontrapháirtithe lárnacha, neamhchosaintí ar chomhghnóthais infheistíochta, neamhchosaintí móra, ceanglais maidir le tuairisciú agus nochtadh.
Bunaítear le Rialachán leasaitheach (AE) 2019/2033 creat stuamachta Eorpach do ghnólachtaí infheistíochta. Roimhe sin, bhí gach gnólacht infheistíochta faoi réir na rialacha bainistíochta caipitil, leachtachta agus riosca céanna agus a bhí bainc.
Le Rialachán leasaitheach (AE) 2020/873 tugadh isteach roinnt athruithe spriocdhírithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19. Féachtar leo sin faoiseamh sealadach ó cheanglais chaipitil a thabhairt isteach chun cumas na mbanc a mhéadú maidir le hiasachtaí a thabhairt agus caillteanais a bhaineann leis an bpaindéim a ionsú, agus a n–athléimneacht á caomhnú. Áirítear leis na hathruithe sin uainiú cur chun feidhme caighdeán cuntasaíochta idirnáisiúnta áirithe a choigeartú agus cóireáil fhabhrach a leathnú go sealadach chuig iasachtaí neamhthuillmheacha lena mbaintear leas as ráthaíocht rialtais mar chuid de na bearta chun tionchar eacnamaíoch na paindéime a mhaolú.
Tugtar isteach le Rialachán leasaitheach (AE) 2021/558 athruithe chun íogaireacht fhoriomlán rioscachreat um urrúsuithe an Aontais Eorpaigh a mhéadú, lena áirithiú go n–éireoidh úsáid urrúsaithe níos inmharthana go heacnamaíoch d’institiúidí laistigh de chreat maoirseachta lena gcaomhnaítear cobhsaíocht airgeadais AE.
Tugtar isteach le Rialachán leasaitheach (AE) 2022/2036 athruithe i ndáil le ríomh comhdhlúite le haghaidh institiúidí a bhfuil tábhacht mhór leo ar fud an domhain lena bhfuil eintitis réitigh níos fearr go dtarlaíonn ionsú caillteanais agus taiscí na mbanc trí mheáin phríobháideacha nuair a bheidh na bainc sin inmharthana ó thaobh airgeadais de agus go gcuirfear iad, ina dhiaidh sin, i rún.
Ceanglaítear le Rialachán leasaitheach (AE) 2023/2869, nuair a bhíonn faisnéis ar bith á cur ar fáil don phobal, go gcuirfidh na hinstitiúidí atá cumhdaithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an fhaisnéis sin isteach ag an am céanna chuig an gcomhlacht bailiúcháin ábhartha chun go mbeifear ábalta í a rochtain ar an bpointe rochtana aonair Eorpach a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2023/2859.
Tá tuilleadh rialacha i Rialachán leasaitheach (AE) 2024/1623 chun athléimneacht na mbanc i leith suaitheadh eacnamaíoch a fheabhsú trí ghnéithe rialacháin, maoirseachta agus bainistíochta riosca a neartú. Iarrtar leis na leasuithe teorainn a chur le tionchar samhlacha inmheánacha na mbanc ar cheanglais chaipitil, feabhas a chur ar thomhas riosca creidmheasa, riosca oibríochtúil agus riosca margaidh agus córas stuamachta a thabhairt isteach le haghaidh neamhchosaintí institiúidí creidmheasa ar shócmhainní caipitil taiscí.
Le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 cumhachtaí don Choimisiún Eorpach gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlacadh d’fhonn éifeacht iomlán a thabhairt do leabhar rialacha aonair na baincéireachta. Tá liosta iomlán de na gníomhartha sin ar fáil anseo.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ón .
Tá feidhm ag Rialachán leasaitheach (AE) 2016/1014 ón .
Tá feidhm ag Rialachán leasaitheach (AE) 2017/2395 ón .
Tá feidhm ag Rialachán leasaitheach (AE) 2017/2401 ón .
Tá feidhm ag Rialachán leasaitheach (AE) 2019/630 ón .
Tá feidhm ag Rialachán leasaitheach (AE) 2019/876 ón , le roinnt eisceachtaí.
Tá feidhm ag Rialachán leasaitheach (AE) 2019/2033 ón .
Tá feidhm ag Rialachán leasaitheach (AE) 2020/873 ón .
Tá feidhm ag Rialachán leasaitheach (AE) 2021/558 ón .
Tá feidhm ag Rialachán leasaitheach (AE) 2022/2036 ón , seachas roinnt eisceachtaí atá i bhfeidhm ón .
Tá feidhm ag Rialachán leasaitheach (AE) 2023/2869 ón .
Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2024/1623 ón , lena mbaineann na heisceachtaí atá liostaithe in Airteagal 2 de.
CÚLRA
Tá Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ina chuid de phacáiste reachtaíochta, lena n–áirítear treoir, a glacadh chun earnáil bhaincéireachta an Aontais Eorpaigh a dhéanamh níos athléimní. Leagtar amach leis an rialachán na ceanglais stuamachta d’institiúidí airgeadais, agus rialaítear leis an treoir maidir le cheanglais chaipitil (Treoir 2013/36/AE) a ghabhann leis an rochtain ar ghníomhaíochtaí glactha taisce.
Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 9 (IFRS 9). Caighdeán lena bhféachtar le tuairisciú airgeadais ionstraimí airgeadais a fheabhsú trí úsáid a bhaint as samhail níos réamhbhreathnaithí chun caillteanais chreidmheasa ionchais ar shócmhainní airgeadais a aithint. D’fhéadfadh méadú suntasach tobann ar sholáthairtí caillteanais creidmheasa ionchais a bheith mar thoradh ar chur i bhfeidhm IFRS 9 agus laghdú tobann dá réir sin ar chaipiteal gnáthchothromais Leibhéal 1 na n–institiúidí. Dá réir sin, teastaíonn socruithe chun an tionchar diúltach suntasach a d’fhéadfadh a bheith ar ghnáthchaipiteal Leibhéal 1 mar gheall ar chuntasaíocht caillteanais creidmheasa ionchais a mhaolú.
Caipiteal gnáthchothromais leibhéal 1. Comhpháirt de chaipiteal Leibhéal 1 ina gcuimsítear príomhchaipiteal bainc agus ina gcuimsítear gnáthscaireanna agus tuilleamh coimeádta.
Urrúsú. Idirbheart lena gcuirtear ar chumas iasachtóra — banc go minic — sraith iasachtaí/sócmhainní (e.g. morgáistí, léasanna ar charr, iasachtaí tomhaltóirí, cártaí creidmheasa) a athmhaoiniú trína n–aistriú go h–urrúis ar féidir le daoine eile infheistíocht a dhéanamh iontu.
Iasachtaí neamhthuillmheacha. Meastar go bhfuil iasacht neamhthuillmheach i gcás go bhfuil 90 lá imithe thart agus nár íoc an t–iasachtaí (cuideachta nó duine aonair) na suimeanna dlite nó an t–úis a comhaontaíodh, nó i gcás nach dócha go n–aisíocfaidh an t–iasachtaí í.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí infheistíochta agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, , lgh. 1-337).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil don phobal agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (IO L, 2023/2859, ).
Rialachán (AE) 2023/2869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leasaítear Rialacháin áirithe maidir le bunú agus feidhmiú an phointe rochtana aonair Eorpaigh (IO L, 2023/2869, ).
Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n–aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, , lgh. 338-436).
Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, , lgh. 1–59).