Beartas maidir le díbhinní bainc — moladh ó BCE

 

ACHOIMRE AR:

Moladh ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le beartais um dháileadh díbhinní (BCE/2015/49)

CAD IS AIDHM LEIS AN MOLADH?

Moladh is ea é seo ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE) i dtaca leis an mbeartas maidir le díbhinní bainc. Tá sé mar aidhm leis a chinntiú go mbeidh bainc ábalta ceanglais chaipitil a chomhlíonadh i ndiaidh díbhinní a íoc.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ba cheart do bhainc beartas um dhíbhinní atá coimeádach agus stuama a ghlacadh. Tá sé sin lena chinntiú gur féidir leo na ceanglais chaipitil is infheidhme a chomhlíonadh i ndiaidh díbhinní a íoc.

Is iad seo a leanas na ceanglais chaipitil:

Ba cheart na ceanglais sin a chomhlíonadh ar leibhéal grúpa chomhdhlúite agus ar bhonn duine aonair freisin, mura ndearnadh na ceanglais ar bhonn duine aonair a tharscaoileadh.

CÚLRA

Ní mór do bhainc ceanglais agus maoláin chaipitil áirithe a shásamh. Leis an timpeallacht airgeadais agus mhaicreacnamaíoch dhúshlánach airgeadais cuirtear brú ar bhrabúsacht na mbanc agus ar a gcumas a mboinn chaipitil a fhorbairt.

Molann BCE go nglacfaidh bainc beartais lena gcuirtear ar a gcumas ceanglais chaipitil a chomhlíonadh i ndiaidh díbhinní a íoc.

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

lánualaithe: na cóimheasa agus na maoláin is infheidhme de réir mar a ríomhfar iad ón dáta céimnithe isteach iomlán ábhartha agus i ndiaidh éag na bhforálacha idirthréimhseacha (arna leagan amach i dTeideal XI de Threoir 2013/36/AE agus i gCuid a Deich de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013).

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Moladh BCE/2015/49 ón mBanc Ceannais Eorpach an 17 Nollaig 2015 maidir le beartais um dháileadh díbhinní (IO C 438, 30.12.2015, lgh. 1-3)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta d’institiúidí infheistíochta do ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lgh. 1-337)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chorprú isteach sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) Uimh. 468/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an creat um chomhar laistigh den Sásra Maoirseachta Aonair idir an Banc Ceannais Eorpach agus na húdaráis náisiúnta inniúla agus le húdaráis náisiúnta ainmnithe (an Rialachán Réime maidir leis an Sásra Maoirseachta Aonair) (BCE/2014/17) (IO L 141, 14.5.2014, lgh. 1-50)

Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maidir le maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lgh. 338-436)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 29.08.2016