Idirbhearta maoinithe urrús trédhearcacha

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2015/2365 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Méadaítear leis trédhearcacht gníomhaíochtaí áirithe i margaí airgeadais, amhail úsáid idirbheart maoinithe urrús (IMUanna)* agus athúsáid* chomhthaobhachta*, ionas gur féidir monatóireacht a dhéanamh orthu agus rioscaí a shainaithint.

PRÍOMHPHOINTÍ

Bunaítear leis an rialachán rialacha AE maidir le sonraí IMUanna a thuairisciú do stórtha trádála, le haghaidh faisnéise maidir le IMUanna agus babhtálacha an toraidh iomláin* atá le nochtadh d’infheisteoirí i gcuideachtaí comhinfheistíochta, agus chun go gcomhlíonfaidh na páirtithe atá páirteach in athúsáid comhthaobhachta íoschoinníollacha trédhearcachta.

Tuairisciú

Maidir leis sin, ceanglaítear ar ESMA an méid seo a leanas a fhorbairt:

Déanann an Coimisiún Eorpach na caighdeáin theicniúla a mhionscrúdú agus a ghlacadh ina dhiaidh sin mar rialacháin tarmligthe nó mar rialacháin cur chun feidhme.

Trédhearcacht d’infheisteoirí

Trédhearcacht athúsáide

Comhar idir na húdaráis inniúla

Rúndacht ghairmiúil

Tá faisnéis rúnda ar bith a fhaightear, a mhalartaítear nó a aistrítear de bhun an rialacháin seo faoi réir choinníollacha na rúndachta gairmiúla.

Caidreamh le tíortha neamh-AE

Smachtbhannaí

Ní mór do thíortha AE a áirithiú go bhfuil an chumhacht ag na húdaráis inniúla chun smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a fhorchur.

Tá ceanglais bhunriachtanacha áirithe i bhfeidhm maidir leo seo a leanas:

Gníomhartha tarmligthe

Ghlac an Coimisiún sraith gníomhartha tarmligthe lena bhforlíontar nó lena leasaítear an rialachán. Forlíontar leis na rialacháin sin Rialachán (AE) 2015/2365 maidir le caighdeáin theicniúla rialála:

Baineann rialacháin tarmligthe eile le:

Gníomhartha cur chun feidhme

Ghlac an Coimisiún 3 ghníomh cur chun feidhme chomh maith:

Dul chun cinn

Laistigh de 36 mí ó theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil rialála a ghlacfaidh sé, ní mór don Choimisiún tuarascáil a chur isteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Cumhdófar sa tuarascáil sin éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhréireacht na n–oibleagáidí arna leagan síos sa rialachán seo agus d’fhéadfadh sé go mbeadh tograí iomchuí ag gabháil léi.

Chuir an Coimisiún tuarascáil maidir le dul chun cinn sna hiarrachtaí idirnáisiúnta chun na rioscaí a bhaineann le IMUanna a mhaolú isteach an 19 Deireadh Fómhair 2017 chomh maith.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm ag an rialachán ón 12 Eanáir 2016 ach bunaítear an próiseas cur chun feidhme céimnithe seo a leanas leis:

Tá feidhm ag na rialacháin tarmligthe agus ag na rialacháin cur chun feidhme ón 11 Aibreán 2019. Beidh feidhm ag an rialachán tarmligthe a bhaineann le heintitis na Ríochta Aontaithe (1) nuair nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag an bpríomhrialachán sa Ríocht Aontaithe (1) i ndiaidh Brexit.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Idirbheart maoinithe urrús: d’fhéadfadh líon idirbheart a bheith i gceist leis sin, lena n–áirítear:
Athúsáid: sócmhainní (e.g. urrúis) a sholáthraíonn iasachtaí d’iasachtóir chun feidhmíocht oibleagáide a urrú trí:
Chomhthaobhachta: an úsáid a bhaineann contrapháirtí glactha, ina ainm féin agus ar a chuntas féin nó ar chuntas contrapháirtí eile, as ionstraimí airgeadais a fhaightear faoi shocrú comhthaobhachta.
Babhtáil an toraidh iomláin: conradh airgeadais lena n–aistrítear an riosca creidmheasa (e.g. cumas an iasachtaí iasacht a aisíoc) agus riosca margaidh bunsócmhainne (i.e. an ionstraim airgeadais, amhail sciar nó tráchtearra, ar a bhfuil praghas díorthaigh bunaithe.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lgh. 1-34)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2019/463 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le liosta d’eintitis dhíolmhaithe (IO L 80, 22.3.2019, lgh. 16-17)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/363 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2018 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le formáid agus minicíocht na dtuarascálacha i ndáil le hidirbhearta maoinithe urrús (IMUanna) do stórtha trádála i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1247/2012 ón gCoimisiún maidir le húsáid cód tuairiscithe i dtuairisciú conarthaí díorthach (IO L 81, 22.3.2019, lgh. 85-124)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/364 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2018 lena leagtar síos na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir leis an bhformáid le haghaidh iarratas ar chlárú agus ar shíneadh a chur le clárú stórtha trádala i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 81, 22.3.2019, lgh. 125-127)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/365 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2018 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir leis na nósanna imeachta agus na foirmeacha maidir le malartú faisnéise i ndáil le smachtbhannaí, bearta agus imscrúduithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 81, 22.3.2019, lgh. 128-133)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/356 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála ina sonraítear na sonraí maidir le hidirbhearta maoinithe urrús (IMUanna) atá le tuairisciú do stórtha trádála (IO L 81, 22.3.2019, lgh. 1-21)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/357 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála maidir le rochtain ar na sonraí maidir le hidirbhearta maoinithe urrús (IMUanna) a choinnítear i stórtha trádála (IO L 81, 22.3.2019, lgh. 22-29)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/358 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil le bailiú, fíorú, comhbhailiú, comparáid agus foilsiú sonraí maidir le hidirbhearta maoinithe urrús (IMUanna) a dhéanann stórtha trádála (IO L 81, 22.3.2019, lgh. 30-44)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/359 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála ina sonraítear na sonraí maidir le hiarratas ar chlárú agus ar shíneadh a chur le clárú mar stór trádála.(IO L 81, 22.3.2019, lgh. 45-57)

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2019/360 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na táillí arna ngearradh ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ar stórtha trádála (IO L 81, 22.3.2019, lgh. 58-68)

Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lgh. 1-59)

Rinneadh na leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoi Airteagal 29(3) de Rialachán (AE) 2015/2365 an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (COM(2017) 604 críochnaitheach, 19.10.2017)

Nuashonraithe 05.06.2019



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.