Sa pháipéar seo ón gCoimisiún Eorpach, cuirtear bearta ar aghaidh chun rochtain ar amhábhair a dhaingniú agus a fheabhsú don Aontas Eorpach, ar ghné lárnach í le haghaidh iomaíochas an Aontais.
Leantar le trí chuspóir an tionscnaimh um amhábhair (RMI), a dréachtaíodh in 2008, agus neartaítear iad:
Tá amhábhair ríthábhachtach do gheilleagar AE. Ní bhíonn sé éasca, uaireanta, iad a úsáid agus a eastóscadh go héifeachtach in AE mar gheall ar thosca inbhuanaitheachta agus ar dhlíthe dochta comhshaoil. Ag an am céanna, bíonn sé deacair soláthar seasta ó lasmuigh d’AE a áirithiú mar gheall ar chúinsí amhail bacainní trádála, éagobhsaíocht pholaitíochta, agus praghasluainithe (d’éirigh siad sin dian go maith in 2008).
Féach an beartas agus an straitéis um amhábhair ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil.
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún lena dtéitear i ngleic leis na dúshláin i margaí tráchtearraí agus maidir le hamhábhair (COM(2011) 25 final an )
nuashonrú is deireanaí