Cuirtear an treoir i bhfeidhm maidir le dearadh, le monarú agus le comhréireacht brú-threalaimh, brú-threalamh lena mbaineann uasbhrú incheadaithe de bhreis is 0.5 bar. Cuimsítear faoin treoir an brú-threalamh agus na cóimeálacha a cuireadh ar fáil le déanaí ar an mhargadh AE, cibé in AE nó in áit éigin eile a ndearnadh iad a mhonarú. Áirítear earraí caite allmhairithe leis seo chomh maith.
Baintear úsáid fhorleathan as an bhrú-threalamh i dtionscail amhail na tionscail seo a leanas:
Is féidir le brú-threalamh do-inaistrithe a bheith contúirteach ó nádúr mura mbíonn caighdeáin dhochta curtha i bhfeidhm go héifeachtach.
Bíonn ar mhonaróirí agus ar a n--ionadaithe, a n-allmhaireoirí agus a ndáileoirí a chinntiú go gcloíonn a gcuid táirgí leis an dlí seo. Déantar amhlaidh chun sláinte agus sábháilteacht na n-úsáideoirí agus chun sábháilteacht na n-ainmhithe clóis agus na réadmhaoine a chinntiú, agus chun an iomaíocht chóir a chinntiú san AE.
Ní mór go dtaispeánfaí sonraí an mhonaróra (ainm, trádainm cláraithe/trádmharc agus an seoladh poist) ar an trealamh, nó, mura bhfuil sé seo indéanta, ar an phacáistíocht nó ar na doiciméid a ghabhann leis an trealamh. Ní mór go gcuirfí iad seo ar fáil i dteanga atá éasca le tuiscint ag tomhaltóirí agus ag na húdaráis um fhaireachas margaidh (údaráis phoiblí a chinntíonn go gcloíonn táirgí leis an reachtaíocht agus gur táirgí slána iad). Bíonn ar allmhaireoirí a gcuid sonraí teagmhála a chur ar fáil.
Bíonn ar Bhallstáit AE a chinntiú go gcloíonn monaróirí, allmhaireoirí agus dáileoirí leis an dlí. Má thaispeántar nach bhfuil an dlí á chomhlíonadh, ní mór dóibh srian nó cosc a chur ar an trealamh a dhíol.
Tá faisnéis mhionsonraithe le fáil sna hiarscríbhinní seo faoi ghnéithe amhail na gnéithe seo:
Le Rialachán leasaitheach (AE) 2024/2749 déantar iarracht cur isteach ar an margadh inmheánach a sheachaint i gcás éigeandála trína áirithiú, a luaithe is a bheidh modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, mar atá leagtha amach i Rialachán (AE) 2024/2747 (an Gníomh maidir le Bearta Éigeandála agus Cosaint an Mhargaidh Inmheánaigh), go ndéanfar iad a ghníomhachtú trí ghníomh cur chun feidhme is féidir glacadh le Comhairle an Aontais Eorpaigh, earraí agus seirbhísí atá ainmnithe chun críocha custaim4 agus earraí atá ábhartha don Aontas Eorpach a chur ar an margadh chomh tapa agus is féidir.
Leasaítear Treoir 2014/68/AE le Treoir (AE) 2024/2749 ina leagtar amach an dóigh a mbeadh feidhm ag na nósanna imeachta éigeandála sin. I measc forálacha eile, áirithítear an méid seo a leanas leis na rialacha nua.
Rinneadh Treoir 97/23/CE a leasú le Treoir 2014/68/AE agus cuireadh an Treoir sin ina hionad.
B’éigean Treoir 2014/68/CE a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin . Tá na rialacha sin i bhfeidhm ón .
Ní mór na rialacha a glacadh faoi Threoir leasaitheach (AE) 2024/2749 a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin agus beidh feidhm acu ón .
Treoir 2014/68/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát maidir le brú-threalamh a chur ar fáil ar an margadh (athmhúnlú) (IO L 189, , lgh. 164–259).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2014/68/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
nuashonrú is déanaí ar