An clár staidrimh Eorpach 2013-2020
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 maidir leis an gclár staidrimh Eorpach 2013-2017
CÉARD IS AIDHM DON RIALACHÁN?
Bunaítear clár staidrimh Eorpach le Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 don tréimhse 2013 go 2017.
Leasaíodh é le Rialachán (AE) 2017/1951 lena ndéantar an clár a shíneadh go dtí 2020, nuair a thiocfaidh an creat airgeadais ilbhliantúil reatha chun deiridh.
PRÍOMHPHOINTÍ
Is é is aidhm don chlár staidrimh Eorpach lena chinntiú go ndíreofar staidreamh Eorpach ar fhaisnéis atá riachtanach chun beartais AE a dhearadh, a chur chun feidhme, a mhonatóiriú agus a mheasúnú. Is é is aidhm go mbeidh faisnéis staidrimh comhchuibhithe, inchomparáide, iontaofa, inrochtana agus furasta feidhm a bhaint aisti.
Seo a leanas príomhghnéithe 4 chuspóir shainiúla an chláir:
Déantar cistiú a leithdháileadh trí chláir bhliantúla oibre arna ndéanamh agus arna nglacadh ag an gCoimisiún Eorpach. Sna cláir oibre sin, leagann an Coimisiún amach cuspóirí agus torthaí ionchais.
Is é EUR 234.8 milliún an méid airgid AE atá leithdháilte don chlár ó 2014 go 2017. Faoi Rialachán (AE) 2017/1951, cuirtear leithdháileadh breise de €218.1 milliún ar fáil don tréimhse 2018-2020.
CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN RIALACHÁN SEO?
Tá feidhm le Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 ón 1 Eanáir 2013. Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 2017/1951 ón 1 Eanáir 2018.
CÚLRA
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le clár staidrimh Eorpach 2013–17 (IO L 39, 9.2.2013, lgh. 12–29)
Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Rialachán (AE) Uimh. 99/2013. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMEID GHAOLMHARA
Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lgh. 164-173)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 18.04.2018