Tugtar cothrom le dáta leis rialacha roimhe seo maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES) chun patrúin soghluaisteachta atá ag athrú i measc oibrithe agus dul chun cinn na teicneolaíochta a chur san áireamh.
Cuidíonn an líonra le daoine a gceart faoi Airteagal 45 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, chun obair a chuardach i dtír AE eile a fheidhmiú.
Leasaíodh an rialachán le Rialachán (AE) 2019/1149 lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach Saothair agus lena leagtar amach ról an Údaráis Eorpaigh Saothair in eagrú líonra EURES.
PRÍOMHPHOINTÍ
Leagtar amach leis an rialachán rialacha maidir leo seo a leanas:
líonra EURES a eagrú agus a chur chun cinn;
comhroinnt sonraí ar fud na hEorpa maidir le folúntais poist, iarratais agus CVanna;
bearta chun cothromaíocht níos fearr a bhaint amach idir soláthar agus éileamh oibrithe, trí scileanna agus trí phoist a chomhoiriúnú ar bhealach níos fearr;
seirbhísí tacaíochta d’oibrithe agus d’fhostóirí.
Tugtar urramú i seirbhís EURES do phrionsabal na gcomhdheiseanna agus tá sé ar fáil do gach oibrí agus gach fostóir in AE.
Cuidíonn an líonra leis na nithe seo a leanas:
ceart daoine chun saorghluaiseachta a chur i bhfeidhm ar bhonn praiticiúil;
straitéis chomhordaithe fostaíochta AE a chur chun feidhme;
feabhas a chur ar oibriú agus ar chomhtháthú na margaí saothair náisiúnta.
Cuimsítear sa líonra oifigí comhordúcháin (Eorpacha agus náisiúnta araon) agus seirbhísí poiblí fostaíochta ainmnithe i ngach tír AE, agus tá a bhfreagrachtaí féin ag gach ceann díobh.
Ní mór do rialtais AE:
sonraí maidir le folúntais poist agus iarratais a uaslódáil ar shuíomh gréasáin EURES, agus ní mór fógraíocht shuntasach a dhéanamh ina leith agus ní mór dóibh a bheith inchuardaithe;
fardail a bhunú, lena n–aicmithe poist náisiúnta, réigiúnacha agus earnála a ailíniú le ESCO;
a áirithiú gur féidir le hoibrithe agus fostóirí seirbhísí náisiúnta tacaíochta a rochtain gan mhoill mhíchuí (seirbhísí ar líne nó seirbhísí aghaidh ar aghaidh araon);
monatóireacht a dhéanamh ar shreafaí shoghluaisteacht an lucht saothair ina dtír féin, lena n–áirítear easnaimh agus barrachas in earnálacha faoi leith agus iad a chur in iúl don phobal;
sonraí a bhailiú maidir leis an úsáid a bhaintear as an líonra, na socrúcháin a fuarthas agus leibhéal sástachta i measc custaiméirí.
Ní mór do chomhaltaí agus do pháirtithe EURES:
cuidiú le hoibrithe agus le fostóirí clárú ar an suíomh agus na sonraí lena mbaineann a thabhairt cothrom le dáta, a leasú nó a aistarraingt;
faisnéis agus treoir bhunaidh a chur ar fáil, lena n–áirítear cúnamh iar-earcaíochta ar bith a theastaíonn;
iarratais ar fhaisnéis shonrach a chur ar aghaidh chuig na húdaráis náisiúnta (ceisteanna amhail slándáil shóisialta agus cánacha, etc.).
An Oifig Eorpach um Chomhordú
Faoi Rialachán leasaithe (AE) 2019/1149, tá Oifig Eorpach um Chomhordú EURES curtha ar bun laistigh den Údarás Eorpach Saothair agus cuideoidh sé le líonra EURES a ghníomhaíochtaí a dhéanamh
Ní mór don Choimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
tuarascáil a chur isteach ar ghníomhaíochtaí EURES gach 2 bhliain;
tuarascáil mheastóireachta iomlán a chur ar fáil maidir le tionchar an rialacháin seo faoin .
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón . Níl raibh cuid de na rialacha i bhfeidhm, áfach ach ón , lena n–áirítear na rialacha maidir le huaslódáil chaighdeánaithe sonraí ar an suíomh gréasáin, agus rochtain ar fholúntais poist agus CVanna.
Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 107, , lgh. 1-28)
Rinneadh leasuithe leanúnacha ar Rialachán (AE) 2016/589 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) Uimh. 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, Rialachán (AE) Uimh. 492/2011, agus Rialachán (AE) 2016/589 agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) 2016/344 (IO L 186, , lgh. 21-56)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/170 ón gCoimisiún an maidir le sonraíochtaí mionsonraithe aonfhoirmeacha le haghaidh bailiú agus anailís sonraí chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú líonra EURES (IO L 31, , lgh. 104-113)