Áirithiú go ndéanfar cearta oibrithe AE a urramú agus iad ag obair thar lear

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2014/54/AE maidir le bearta a éascaíonn feidhmiú na gceart a thugtar d’oibrithe i gcomhthéacs shaorghluaiseacht na n–oibrithe

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Áirítear ar lear mór ceart atá ag daoine aonair san Aontas Eorpach (AE), bheith ábalta cónaí agus oibriú i mBallstát AE eile. Áirítear leis an reachtaíocht seo go bhfuil ann do réitigh náisiúnta dhlíthiúla i gcás go measfaidh oibrithe nó a gcuid teaghlach go bhfuil mí–úsáid á baint as na cearta sin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Le prionsabail na saorghluaiseachta agus an fhrith–idirdhealaithe de chuid an Aontais Eorpaigh, áirithítear go mbeidh na cearta céanna ag daoine atá ag obair thar lear agus atá ag náisiúnaigh. Tá na cearta sin leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh 492/2011 (féach an achoimre).

Cearta oibrithe

Na cearta seo a chosaint

Faoin treoir seo, éilítear ar na húdaráis náisiúnta a áirithiú go mbeidh rochtain ar nósanna imeachta breithiúnacha ag oibrithe uile AE a mheasann go bhfuil idirdhealú á dhéanamh ina n–aghaidh ar bhealach éigin. Ina theannta sin, féadfaidh eagraíochtaí, comhlachais, ceardchumainn agus comhlachtaí fostóirí, a bhfuil páirt á glacadh acu i gcur i bhfeidhm na treorach, ionadaíocht a dhéanamh d’oibrithe AE agus dá dteaghlaigh nó tacú leo agus aon chaingean dlí a d’fhéadfaidís siad a thionscnamh.

Cóir chomhionann a chur chun cinn

Bíonn ar gach Ballstát eagraíocht nó pointe lárnach amháin ar a laghad a ainmniú lena áirithiú nach ndéanfar idirdhealú in aghaidh oibrithe ná in aghaidh gcuid teaghlach agus nach gcuirfear srianta gan údar maith lena gceart chun dul ag obair pé áit ar mian leo, de bharr a náisiúntachta.

Ní mór do na heagraíochtaí sin an méid seo a leanas a dhéanamh:

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 20 Bealtaine 2014 agus b’éigean dlí a dhéanamh di sna Ballstáit faoin 21 Bealtaine 2016.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2014/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le bearta a éascaíonn feidhmiú na gceart a thugtar d’oibrithe i gcomhthéacs shaorghluaiseacht na n–oibrithe (IO L 128, 30.4.2014, lgh. 8–14).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le cur chun feidhme Threoir 2014/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le bearta a éascaíonn feidhmiú na gceart a thugtar d’oibrithe i gcomhthéacs shaorghluaiseacht na n–oibrithe (COM(2018) 789 final, 4.12.2018).

Rialachán (AE) Uimh 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse ghluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas (IO L 141, 27.5.2011, lgh. 1–12).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh 492/2011 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 28.10.2021